Clár snoite néata faoin réalta Maureen O’Hara, banríon Hollywood

Thug ‘Maureen O’Hara – Banríon Hollywood’ léargas dúinn ar bhean dhiongbháilte a bhí teann as a dúchas

Clár snoite néata faoin réalta Maureen O’Hara, banríon Hollywood

Bean as Raghnallach ag comhghuaillíocht le Charles Laughton, Alfred Hitchcock, Tyrone Power, Henry Fonda, John Ford agus John Wayne i rith ré órga Hollywood. Réalta ar an seandéanamh. Bean a dhein a hiomaire féin a threabhadh, bean nár chaill a féiniúlacht Éireannach agus bean a bhí chomh compordach measúil céanna le Tadhg an mhargaidh is a bhí sí leis an bpiarda mór. B’in agaibh Maureen Fitzsimons, nó O’Hara faoi mar bhaist Laughton uirthi nuair a dhein sé conradh scannánaíochta a thairiscint di. Tugann an clár taitneamhach snasta Maureen O’Hara – Banríon Hollywood (TG4, aréir) léargas ar a saol agus ar a saothar céad bliain i ndiaidh a breithe.

I dtosach an chláir tugadh cuntas ar a hóige mheánaicmeach, ach ní fada gur léimeadh isteach sa scannánaíocht. Conradh le Laughton i Sasana ar dtús agus as sin go Meiriceá mar a deineadh a cóta bán. An chomhghuaillíocht bhisiúil le John Wayne, agus leis an nGael-Mheiriceánach, John Ford, a sholáthair saothair mhór-ráchairte cosúil le How Green Was My Valley (1941) agus, gan amhras, an saothar ab ansa léi féin The Quiet Man (1952). Bhí na piardaí ag iarraidh í a shá isteach i scannáin gan dealramh le leas a bhaint as a háilleacht agus a gruaig rua, go mór mór le teacht na scannán daite. Í féin ag rá go seanbhlastúil go rabhthas ag iarraidh a chinntiú nach bhfaigheadh a cumas an ceann is fearr ar a háilleacht.

Tugtar cuntas leis ar a saol pearsanta, an dá phósadh ar chlis orthu, agus an pósadh deireanach a thug sonas di agus a d’fhág í ina céad uachtarán ar chomhlacht eitleán i Meiriceá.

Cé nár tugadh aon rud úrnua chun solais sa chlár bhaineas súp as an léiriú ar phearsantacht dhiongbháilte O’Hara. ‘Bean thiufáilte’ a thugann Bríona Nic Dhiarmada uirthi. Ba bhean choráistiúil í nach ngéillfeadh ar a prionsabail. Ní raibh sí sásta luí ar an “casting couch” rud a d’fhág go raibh an chloch sa mhuinchille ag piardaí áirithe di.

Níor lig sí do na meáin satailt uirthi ach an oiread. Nuair a d’fhoilsigh an iris chúlchainte Confidential scéal gáirsiúil gan dealramh fúithi chuir sí an dlí orthu agus fuair sí an ceann is fearr orthu. Go deimhin thug sí dúshlán an chórais dlí agus cirt nuair a bhí sí iarraidh saoránacht Mheiriceánach a bhaint amach.

Na húdaráis ag maíomh gur Sasanach an Baile Átha Cliathach ach ise ag seasamh an fhóid.

Sa deireadh ghéill breitheamh dá féiniúlacht Éireannach. D’fhéadfaí scannán breá a dhéanamh ar na nithe seo iad féin.

Léirigh an gach re sea a bhí aici leis an mbreitheamh faoina náisiúntacht gur bhean í a bhí teann as a dúchas. “To be born in Ireland is the greatest gift God can give,” a dúirt sí féin tráth. Labhair sí óna croí riamh faoi Éirinn agus ní raibh aon stad ar dílseacht di – d’Iarsmalann Mhuireitleáin Fhainge agus Ruagairí na Seamróige go háirithe. Níorbh leasc léi an Ghaeilge a bhí aici a úsáid ach an oiread agus “Is cneasta an fear tú” a rá le Perry Como ar a sheó cáiliúil.

Tá tráchtaireacht againn ó Carrie Crowley agus meitheal bhreá de chloigne cainte againn lena léargas a thabhairt – Stephanie Powers, mac le John Wayne agus a garmhac féin Conor san áireamh. Is Gaeilge a labhraíonn cúigear de na cloigne cainte, ionchur téagartha eolgaiseach ó Bhríona Nic Dhiarmada san áireamh.

Clár slachtmhar a thugann léargas ar mheon agus ar shaothar aisteoir is bean faoi leith.

Fág freagra ar 'Clár snoite néata faoin réalta Maureen O’Hara, banríon Hollywood'