Clár snasta, mothúchánach, suimiúil faoi fhoireann peile eisceachtúil as Tír Eoghain

LEIRMHEAS TEILIFÍSE: Mheabhraigh ‘Tír Eoghain: The Unbreakable Bond’, sárchlár ar TG4, dúinn go bhfuil rudaí níos tábhachtaí sa saol ná caid, dá thábhachtaí í

Clár snasta, mothúchánach, suimiúil faoi fhoireann peile eisceachtúil as Tír Eoghain

Is diail an mhaíomh é a rá gurbh í foireann mhionúir Thír Eoghain i 1998 an fhoireann ab fhearr riamh san aoisghrúpa sin. Tar éis dom Tír Eoghain: The Unbreakable Bond (Dé Domhnaigh, TG4) a fheiscint tá sé sé an-deacair, fiú más Ciarraíoch mallaithe mé, easaontú leis an tuairim sin. Faoi mar a dúirt Micheál Ó Domhnaill linn ag tús an chláir, is minic go mbíonn bainisteoirí buíoch má éiríonn leo cúpla imreoir le dealramh a shniogadh as foireann faoi aois. I gcás Thír Eoghain fiche bliain ó shin d’éirigh le haon duine dhéag acu a bheith páirteach i bhfoireann shinsir an chontae sa ré órga a bhí acu ó 2003 go 2005.

Sna radharcanna tosaigh címid na seanlaochra seo ag cadráil lena chéile in Eanáir na bliana seo; a gcaipíní caite acu leis an bpeil idirchontae le tamall. I bhfaiteadh na súl déantar sinn a theilgean siar go 1997; an uair gur cuireadh síolta na ré órga. Bhí Mickey Harte i gceannas ar an bhfoireann mhionúir mar a raibh imreoirí cumasacha amhail Kevin Hughes, Cormac McAnallen, Brian McGuigan, Owen Mulligan agus Stephen O’Neill faoina chúram. 

Cuirtear ina luí orainn gur lá cinniúnach é an 15 Meitheamh 1997 mar ar thug Tír Eoghain aghaidh ar Ard Mhacha i gCraobh Uladh. Bhuail Paul McGirr, tosaí cumasach fhoireann na Láimhe Deirge, faoi imreoir eile agus cailleadh é dá bharr go gairid ina dhiaidh sin. Ba thubaisteach agus ba thragóideach an buille é do leaideanna óga a bhí ag dul sna fir. Ina dhiaidh sin cailleadh deartháir Kevin Hughes go tubaisteach. An bhliain dár gcionn luigh buama na hÓmaí go mór ar mhuintir an chontae. Dá bharr sin agus uile bhí i bhfad níos mó ag baint leis an bhfoireann seo agus an clár seo seachas caid.

Bhí sin le brath ó gach duine den mheitheal mhór de chloigne cainte a earcaíodh. Labhair Peter Canavan, Brian McGuigan, Dónal McAnallen, Micheál Ó Muircheartaigh, Mark Harte, Mikey Harte, Micheál Ó Domhnaill, Kevin Hughes, Eamon Mallie agus daoine eile nach iad go macánta, mothúchánach faoi na laethanta úd. Bhíos an-tógtha go háirithe le léargais ionraice, thomhaiste Mhark Harte.

Tugadh sracfhéachaint ar thionchar na dTrioblóidí ar an gcaid mar aon le cíoradh ar mhí-ádh caide an chontae roimh an ré órga. Gan amhras ba é an bua i 1998 mar aon leis an dá bhua sa chomórtas faoi 21 ina dhiaidh sin a leag an bhunchloch don ré órga chéanna. I dtreo dheireadh an chláir deineadh trácht ar na mbua mór in 2003 mar ar thug Tír Eoghain craobh na hÉireann leo den chéad uair riamh.

Ba chlár snasta, mothúchánach, suimiúil é seo a thug siar bóithrín na smaointe sinn, a thug léargas ar fhorás na caide i dTír Eoghain dúinn agus a mheabhraigh dúinn go bhfuil rudaí níos tábhachtaí sa saol ná an chaid, dá thábhachtaí í.

Ag deireadh an chláir, mheabhraigh an téacs ar an scáileán dúinn gur lean tubaistí eile an bhuíon seo mar cailleadh Cormac McAnallen agus Michaela Harte go tubaisteach ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Clár snasta, mothúchánach, suimiúil faoi fhoireann peile eisceachtúil as Tír Eoghain'