Clár nua Gaeilge ‘Solidarity’ le seoladh ag Oireachtas na Samhna inniu

Seolfaidh Joe Higgins inniu ‘Neart le Chéile’, clár a bhfuil faoi ‘an eite chlé a thabhairt isteach i saol na Gaeilge agus saol na Gaeilge a thabhairt isteach san eite chlé’

Clár nua Gaeilge ‘Solidarity’ le seoladh ag Oireachtas na Samhna inniu

Joe Higgins. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Seolfar clár nua Gaeilge an pháirtí Soildarity ag Oireachtas na Samhna tráthnóna.

Tá ‘Neart Le Chéile’ ag iarraidh “an eite chlé a thabhairt isteach i saol na Gaeilge agus saol na Gaeilge a thabhairt isteach san eite chlé”, a deir Maitiú de Hál, urlabhraí de chuid an pháirtí.

“Is comhghuaillíocht iad Neart le Chéile a d’eascair as feachtais éagsúla i gcoinne na déine, an feachtas i gcoinne na dtáillí uisce ina measc,” arsa de Hál.

“D’aithin baill an pháirtí a bhfuil an Ghaeilge acu, go raibh ról le himirt againn i ngluaiseacht na teanga agus d’aithin muid go dteastaíonn anailís agus taithí na heite clé chun mianta phobal na Gaeilge a bhaint amach.

“Is mian linn labhairt le pobal na Gaeilge ina dteanga féin agus an fód a sheasamh leo ina gcathanna chun cearta teanga agus buanú pobail a bhaint amach.”

Deir de Hál go n-aithníonn gluaiseachtaí na heite clé ar an mhór-roinn agus in áiteanna eile an dualgas atá ar an eite chlé tacú le mionteangacha agus go gcaithfear “fáil réidh leis an mbéalghrá” a thugtar don Ghaeilge.

“Is mian linn na bacanna, eacnamaíochta agus cultúrtha, atá roimh dhaoine an Ghaeilge a úsáid a bhaint anuas,” a deir de Hál.

“Tá go leor grúpaí inár sochaí nach bhfuil fáil chomh héasca acu ar an Ghaeilge ná ar shócmhainní cultúrtha eile an tsaoil. Is mithid an scéal sin a athrú.

“Pobal atá i gceannas ar a dtodhchaí féin, ar gach bealach, atá uainn.”

Beidh an t-iarfheisire Eorpach agus iarTheachta Dála, Joe Higgins, i láthair ag Aonach an Oireachtais in Óstán an Citywest ag 3.00pm chun Neart le Chéile a sheoladh.

Tá an seoladh ar cheann de scata imeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid d’Oireachtas na Samhna inniu.

Seolfar trí leabhar ag Aonach an Oireachtais tráthnóna. Ag 12.00pm, seolfaidh Ray Mac Mánais Fabhalscéalta Aesóip leis an Athair Peadar Ó Laoire, atá athchóirithe ag Risteárd Mac Annraoi.

Seolfar leabhar nua do pháistí, Mór agus Muilc, ag 2.00pm agus seolfar ag 3.00pm leagan nua den leabhar Mac Rí na hÉireann le Pádraic Colum. Niall Ó Dónaill a d’aistrigh an leabhar nua agus tá sé cóirithe ag Micheál Mac Giolla Easbuic.

Ag 4.00pm sa tSvuít Citywest, labhróidh na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag cur pleananna teanga i bhfeidhm timpeall na tíre ar a dtaithí le bliain anuas agus súil le díospóireacht bhríomhar ar a bhfuil i ndán don Ghaeltacht amach anseo.

Seolfar an dlúthdhiosca Seanchas Sheáin Néill ag 5.00pm ag Aonach an Oireachtais. Béaloideas Sheáin Néill atá ar an dlúthdhiosca agus meascán dá scéalta agus dánta curtha le chéile ag Bríd Anna Ní Bhaoill.

Fág freagra ar 'Clár nua Gaeilge ‘Solidarity’ le seoladh ag Oireachtas na Samhna inniu'