Clár nua faoi bhá triúr Árainneach le craoladh ar TG4

San oíche amárach a chraolfar ‘Triúr a Bádh’, clár nua faoi thragóid farraige amach ó chósta Árann i 1939

Cogar_Triur_a_badh

Craolfar clár faisnéise nua san oíche amárach ar TG4 darb ainm ‘Triúr a Bádh’.

Scéal triúir a cailleadh ar farraige in iarthar na Gaillimhe is ábhar don chlár ina gcloisfear i mbun cainte gaolta an triúir a bádh. Ina measc siúd, tá an scríbhneoir agus an craoltóir, Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta, ar cailleadh a sheanathair sa tragóid. 

D’fhéadfá a rá gur trí thimpiste a tháinig ann don chlár seo, ar bhealach. Nuair a taispeánadh scannán gearr Robert Flatherty, ‘Oíche Sheanchais’, den chéad uair in Árainn i samhradh na bliana seo, chuir muintir an oileáin suim mhór sa scannán ach chuir Máire Uí Nuanáin, iarmhúinteoir scoile, spéis ar leith ann.

Duine de na daoine atá le feiceáil sa scannán ná an seanchaí Seáinín Tom Ó Direáin agus é i mbun scéalaíochta. Nuair a chonaic Máire ar an scáileán i dtosach é, thug sé chun cuimhne di na hoícheanta fada a chaitheadh sé ag insint scéalta di féin agus dá teaghlach agus iad bailithe isteach cois tine.

Triur

Ach thug sé chun cuimhne di chomh maith an méid a bhí sa chinniúint ag Seáinín Tom agus ag duine dá dream féin. Cúig bliana tar éis dó a bheith páirteach i scannán an Fhlaitheartaigh, is amhlaidh a bádh é féin agus beirt charad leis, Jaimsie Ó Flaithearta agus Seosamh Ó Flannagáin, i mí Iúil 1939. Ba é Seosamh Ó Flannagáin athair Mháire Uí Nuanáin.

Ní bhfuarthas aon cheann de na coirp riamh ó shin. “Creidim go bhfágann tragóidí a tharla a lorg ar na glúinte a thagann ina ndiaidh,” a deir Máire sa chlár faisnéise ‘Triúr a Bádh’.

I measc na ndaoine eile a bhfuil páirt glactha acu sa chlár, tá Máirtín agus Séamus Jaimsie Ó Flaithearta – garmhic Jaimsie; John Mullen, garmhac Sheáinín Tom; John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, agus an Dr. Deirdre Ní Chonghaile, bean a bhfuil staidéar á dhéanamh aici ar amhráin Árann, ina measc amhráin ina ndéantar cur síos ar thragóidí mara.

Beidh ‘Triúr a Bádh’ le feiceáil ar TG4 ar an 22ú Samhain ag 21.30 agus ar an Luan 23ú ag 19.30.

Fág freagra ar 'Clár nua faoi bhá triúr Árainneach le craoladh ar TG4'