Craolfar anocht ar TG4 clár faisnéise faoi ‘scannán caillte’ Robert Flaherty Oidhche Sheanchais “ochtó bliain i ndiaidh a chaillte”.
Tá clú agus cáil ar Robert Flaherty, Meiriceánach de bhunadh na hÉireann, mar scannánaí faisnéise agus tá cáil faoi leith air i measc phobal na Gaeilge mar gheall ar a shaothar Man Of Aran a rinneadh i 1934.
In Oíche Chaillte an tSeanchaí a chraolfar ar TG4 anocht ag 9.30, insítear scéal an scannáin eile a rinne Flaherty agus é in Árainn an bhliain sin. Choimisiúnaigh Rialtas an tSaorstáit Oidhche Sheanchais le bheith ina thaifead buan ar sheanchaí i mbun a cheirde. Bhí an scannán ar iarraidh ar feadh na mblianta sular thángthas ar chóip de arís in Ollscoil Harvard trí bliana ó shin.
Cuirfear síos sa chlár ar thaifeadadh an scannáin agus ar an mbealach aisteach a ndeachaigh sé ar iarraidh go gairid i ndiaidh a dhéanta. Cíorfar freisin ann na fáthanna ar taifeadadh an scannán i stiúideo i Sasana i leaba theachín Árann agus taispeánfar den chéad uair radhairc ón scannán féin, grianghraif ón stiúideo agus ábhar eile cartlainne.
Is é an seanchaí Seáinín Tom Ó Dioráin an príomhcharachtar sa scannán – fear a bádh cúpla bliain i ndiaidh a thaifeadta in éineacht lena bheirt charad. Chuaigh an churach a raibh an triúr fear inti béal fúithi agus iad ag filleadh ó oilithreacht ar Chruach Phádraig i Maigh Eo.
Cloisfear ó mhuintir Árann an lae inniu agus a gcuid tuairimí i leith an scannáin á nochtadh acu nuair a taispeánadh Oidhche Sheanchais ansin den chéad uair le 80 bliain in 2015.
Is é an léiritheoir agus an stiúrthóir Kieran Concannon, a rinne leithéidí Inis Airc agus Bás Oileáin roimhe seo a rinne Oíche Chaillte an tSeanchaí. Craolfar an saothar Robert Flaherty den chéad uair riamh ar an teilifís díreach i ndiaidh an chláir faisnéise.
Fág freagra ar 'Clár faisnéise faoi ‘scannán caillte’ Robert Flaherty le craoladh ar TG4 anocht'