Clár beo cúrsaí reatha i nGaeilge le craoladh ar RTÉ den chéad uair le breis is 20 bliain

Beidh ról an láithreora á bhabhtáil ag craoltóirí éagsúla agus beidh comhfhreagraí polaitíochta Raidió na Gaeltachta ag fágáil an raidió chun dul ag obair ar ‘Fóram’

Clár beo cúrsaí reatha i nGaeilge le craoladh ar RTÉ den chéad uair le breis is 20 bliain

Cuirfear tús an mhí seo chugainn le clár nua cúrsaí reatha i nGaeilge ar RTÉ an mhí seo chugainn, an chéad uair le breis is 20 bliain go mbeidh a leithéid de chlár ag an stáisiún.

Craolfar beo ó cheannáras RTÉ uair sa tseachtain, maidin Domhnaigh, an clár nua Fóram.

Beidh ról an láithreora á bhabhtáil ag craoltóirí éagsúla agus tá na hiriseoirí Sinéad Crowley agus Orla O’Donnell ar bheirt de na daoine atá luaite mar láithreoirí.

Beidh an t-iriseoir Eoin Ó Catháin, comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag fágáil an raidió chun dul ag obair mar thuairisceoir ar an gclár nua.

Colm Kirwan RTÉ, fear a d’oibrigh cheana do TG4, a bheidh ina eagarthóir ar Fóram agus ar Joe Reddington, príomheagarthóir Nuacht TG4/RTÉ, a bheidh an phríomhfhreagracht as an gclár nua.

Tá an clár beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga nuair a chinn sé go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar RTÉ “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil” agus “cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla”.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a foilsíodh in 2021 nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Fág freagra ar 'Clár beo cúrsaí reatha i nGaeilge le craoladh ar RTÉ den chéad uair le breis is 20 bliain'

  • AnRógaire

    Cé bhíonn ag breathnú ar an teilifís maidin Dé Domhnaigh?

  • An Sléibhteoir

    Bíonn The Week in Politics ar siúil maidin Dé Domhnaigh, is léir gur sin an sórt margaidh atá uathu. An ea, mar sin, go mbeidh dhá chlár cúrsaí reatha ar siúil i ndiaidh a chéile? D’fhéadfadh duine breathnú air agus é ag ithe a bhricfeasta is dócha, ach cheapfá go mbeadh amanna eile a mheallfadh slua níos mó. Neosfaidh an aimsir – agus go n-eírí go geal leo.

  • Pádraic

    Dea-scéal seachas an t-am craolta!

  • Pól

    Meastú an ndéanfar é a athchraoladh le linn na seachtaine?

  • An Sléibhteoir

    D’fhéadfainnse samhlú go mbeidh sé á athchraoladh ar RTÉ NewsNow istoíche, b’fhéidir ag a 10 nó a 11 nó mar sin. Bíonn 7lá agus Nuacht TG4 á n-athchraoladh ansan istoíche freisin go bhfios dhom.