Clampar ag cruinniú teasaí faoi ionad tearmainn i gConamara

Bhí cruinniú teasaí in Uachtar Ard aréir faoi scéalta go bhfuil sé i gceist ionad do dhaoine atá ag iarraidh tearmainn a bhunú ar an mbaile, cruinniú ag ar cuireadh Teachtaí Dála áitiúla faoi bhrú mór

Clampar ag cruinniú teasaí faoi ionad tearmainn i gConamara

D’fhreastail breis is 500 duine ar an gcruinniú a reáchtáladh in Uachtar Ard in iarthar na Gaillimhe an tseachtain seo faoi cheist na ndaoine atá ag iarraidh tearmainn agus a bhfuil ráflaí ann go mbeidh siad á lonnú cóngarach don bhaile sin. 

Cruinniú teasaí a bhí ann agus an chosúlacht air go raibh formhór mór a raibh i láthair in aghaidh socrú ar bith a thabharfadh slua daoine atá ag iarraidh tearmainn go hUachtar Ard.

Ba é an tAire Stáit Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais, Seán Kyne ba mhó a bhí sa mbearna bhaoil ag an gcruinniú agus é ag míniú polasaithe an Rialtais agus coinníollacha na hEorpa i leith lucht tearmainn.  Labhair seisean faoin dualgas atá ar Rialtas na hÉireann i leith daoine atá ag iarraidh tearmainn.  Dúirt sé go bhfuil os cionn deich gcinn fhichead d’ionaid tearmainn ar fud na tíre ina bhfuil daoine atá sa gcás sin lonnaithe.  Dúirt sé go bhfuil tuilleadh ionad ag teastáil agus go bhfuil córas ann le measúnú a dhéanamh ar ionaid a bheadh feiliúnach.

Ní raibh an tAire Stáit gaibhte mórán achair ina chuid cainte nó gur thosaigh gleo ón urlár agus daoine ag fiafraí de an dtacódh sé le héileamh mhuintir Uachtar Ard – is é sin nach n-úsáidfí an tÓstán ar imeall thoir an bhaile ar a dtugtar an ‘Connemara Gateway’ mar ionad dídine.   

Dúirt Seán Kyne nach raibh a fhios aige féin céard go díreach a bhí ar bun i gcásanna faoi leith.  Ní raibh sé in ann aon eolas a fháil faoi iarratais ó úinéirí a bheadh sásta a gcuid áras a thairiscint le haghaidh an chúraim tearmainn sin.  Ach mhínigh sé in athuair go bhfuil córas oifigiúil ann agus go gcaithfear cloí leis sa chás go dtairgtear ionad don Roinn Dlí agus Cirt mar ionad dídine do dhaoine atá ar thóir tearmainn.  Dúirt an tAire Stáit Kyne go mbeadh an tAire Stáit, James Coughlan, atá freagrach as an gcóras dídine, sásta casadh le toscaireacht as Uachtar Ard.

B’éigean don Aire Stáit Kyne stopadh dá cuid cainte roinnt babhtaí de bharr a raibh de chlampar ag teacht ó chuid den slua a bhí i láthair. 

Ba é Thomas Welby, Comhairleoir Contae Neamhspleách as Uachtar Ard, a bhí ina Chathaoirleach agus nuair a thosaigh daoine ag fógairt ar an Teachta Dála Catherine Connolly – a labhair i ndiaidh an Aire Stáit – tháinig an Comhairleoir Welby chuig an micreafón agus dúirt sé leis an slua gur chóir cead cainte a thabhairt don Teachta Neamhspleách.   Labhair sise in aghaidh an chórais atá ann faoina dtugtar sluaite atá ag iarraidh tearmainn chuig ionad amháin. Ba chóir córas níos fearr a bheith ann, a dúirt sí.  Ach, dúirt sí freisin go gcaithfí meas a léiriú ar dhaoine atá ag lorg tearmainn pé ar bith áit as ar tháinig siad agus nár cheart  tagairt a dhéanamh dóibh amhail is gur dream ar leith a bhí iontu.  Fuair sí locht ar an téarmaíocht “these people” a úsáideadh ag an gcruinniú.    Dúirt Connolly go mb’oth léi é dá gcaillfeadh sí vótaí de bharr a dearcaidh ach nach raibh sí ag ceilt an leagan amach a bhí aicese ar chearta an duine, beag beann ar an toradh a bheadh air sin ar a saol sa bpolaitíocht.

Bhí amhras ar an Teachta Dála, Noel Grealish faoin gcúis a raibh cuid den dream atá ag iarraidh tearmainn ag teacht go hÉirinn.  Dúirt sé go raibh a sheacht ndícheall déanta aige féin i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe le tithe a fháil do dhaoine a bhí tagtha as an tSiria agus áiteacha eile a ndearnadh géarleanúint orthu.   Ach b’fhacthas dó go raibh daoine ag teacht go hÉirinn freisin as tíortha áirithe agus iad ag iarraidh tearmainn ar chúiseanna ‘eacnamaíochta’. Tá cuid acu ag ‘diúl ar an gcóras anseo’, a deir Grealish.  “Tá daoine ag teacht trasna anois as an Afraic go dtí an Eoraip,” a deir sé “agus ní fhéadfá a rá gur ag éalú ó ghéarleanúint atá cuid acu.”

Dúirt Noel Grealish go bhféadfadh sé go gcuirfí 300 duine isteach in óstán an ‘Connemara Gateway’ dá mbeadh fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt air agus nach mbeadh sé sin i gclár ná i bhfoirm i mbaile beag ar nós Uachtar Ard.

Labhair na Comhairleoirí Contae Noel Thomas, Séamas Walsh, Eileen Mannion agus Gerry King agus dúradar uilig gur thuigeadar an imní a bhí ar mhuintir Uachtar Ard agus gurb é an feall é nach raibh tuilleadh eolais ar fáil ón Roinn Dlí agus Cirt faoina bhfuil ar bun.   Dúradar go dtabharfaidís tacaíocht do mhuintir an bhaile.

Dúirt daoine ón urlár go bhfuil cúis, dar leosan, leis an obair athchóirithe atá á déanamh ar an óstán agus “nach ar mhaithe le muintir Uachtar Ard é”.

Bhí an cruinniú ar an gceann ba mhó a facthas in Uachtar Ard le fada an lá agus d’imigh na scórtha leo aríst gan a dhul isteach in aon chor de bharr go raibh an tIonad Pobail in Uachtar Ard plódaithe agus fágadh daoine ina seasamh taobh amuigh chomh maith.

I ndeireadh na cúise bunaíodh coiste eatramhach gnímh le súil a choinneáil ar an scéal agus leis an bhfeachtas a threisiú.

Fág freagra ar 'Clampar ag cruinniú teasaí faoi ionad tearmainn i gConamara'