Ciorruithe buiséid agus laghdú ar líon na mac léinn Gaeilge ba chúis le moill ar cheapachán Ollamh le Gaeilge – Rúnaí Acadúil OÉG

Fógraíodh le déanaí an post don Ollamh le Nua-Ghaeilge in OÉ, Gaillimh, atá gan líonadh ó d’éirigh an t-iarOllamh Gearóid Denvir as an gcúram trí bliana ó shin

Ciorruithe buiséid agus laghdú ar líon na mac léinn Gaeilge ba chúis le moill ar cheapachán Ollamh le Gaeilge – Rúnaí Acadúil OÉG

Srianta buiséid agus laghdú ar líon na mac léinn a bhí ag tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le cúig bliana anuas an dá údar a luadh leis an moill ar cheapadh an Ollaimh le Gaeilge san Ollscoil ag cruinnithe d’Údarás na hOllscoile.

Tá post an Ollaimh le Nua-Ghaeilge in OÉ, Gaillimh gan líonadh, ó d’éirigh an t-iarOllamh Gearóid Denvir as an gcúram trí bliana ó shin — rud a d’fhág go raibh Roinn na Gaeilge san ollscoil gan ceannaire buan ar feadh trí bliana acadúla.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, iarradh ar Dhéan Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in OÉG plean a chur le chéile le líon na mac léinn Gaeilge a mhéadú nuair a d’éirigh Denvir as an bpost.

Thug Rúnaí Acadúil na hOllscoile le fios ag cruinniú de chuid Údarás na hOllscoile, a reáchtáladh i mí na Nollag seo caite, gurb iondúil go mbíonn tréimhse bliana i gceist le líonadh “poist fhíorshinsearacha”.

De réir na gcáipeisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise is i dtús na bliana seo chugainn a rachaidh an tOllamh le Gaeilge in OÉ, Gaillimh, i mbun a chúraimí nua – tuairim is 42 mí ó d’éirigh Denvir as.

Dúradh ag an gcruinniú d’Údarás na hOllscoile go raibh an folúntas ann chomh fada sin mar gheall ar “shrianta gearrthéarmacha” ar bhuiséad na hOllscoile a bhí “riachtanach” agus mar gheall ar an méid ama a theastaigh le plean a chur le chéile le dul i ngleic leis an laghdú ar líon na mac léinn ar chúrsaí Gaeilge san Ollscoil le blianta beaga anuas. Mar chuid den phlean sin, cinneadh bliain bhreise a chur leis an gcéim sa Ghaeilge, a dúradh ag cruinniú de chuid Údarás na hOllscoile ag deireadh na bliana seo caite.

Dúradh go raibh Údarás na hOllscoile “diongbháilte” maidir leis an bhfolúntas a líonadh agus go raibh post an Ollaimh le Nua-Ghaeilge “ar bharr liosta na bhfolúntas” atá le líonadh.

Tugadh le fios ag an gcruinniú céanna go bhfuil folúntas ann do phost an Ollaimh le Fraincis sa choláiste níos faide ná mar atá an folúntas don Ollamh le Gaeilge, ach go bhfuil duine “ag glacadh ceannaireachta acadúla sa disciplín sin” faoi láthair.

Dúradh go raibh 55 ollúnacht sa choláiste agus nach bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh gach aon cheann acu sin líonta “ag aon am amháin” agus gur polasaí déine an rialtais agus srianta buiséid ba chúis le cuid de na poist a bheith fágtha gan líonadh.

Maíodh nach raibh figiúr cruinn ar fáil, ach gur chaill an Ollscoil tuairim is 15% den fhoireann a bhí aici le cúpla bliain anuas.

Dúirt ball amháin den Údarás go raibh imní air nach raibh ionadaíocht á déanamh ar an nGaeilge ar Choiste Acadúil na hOllscoile ó d’éirigh Gearóid Denvir as. Tugadh le fios, áfach, go bhfuil an tOllamh le SeanGhaeilge, Ceann Scoile Scoil na dTeangacha agus Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gcoiste sin agus go ndéanann siad ionadaíocht ar son na Gaeilge.

Dúirt ball amháin eile gur baineadh “croitheadh mór” as nuair a chuala sé nár líonadh go fóill an folúntas d’Ollamh le Gaeilge agus thug ball eile den Údarás le fios go raibh amhras air den chéad uair “faoi choimitmint na hOllscoile don Ghaeilge” i bhfianaise na moille le ceapachán an Ollaimh. Cháin ball eile na “ciorruithe pionósacha” a gearradh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas agus dúirt duine eile go raibh “iontas” air faoin scéal ar fad.

Fógraíodh an folúntas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an mhí seo caite.


CLÁR AMA na hOLLSCOILE DO CHEAPACHÁN AN OLLAIMH LE GAEILGE

16 Márta 2017: An post fógartha

27 Aibreáin: Spriocam d’iarratais

18 Bealtaine: Agallaimh Bhord na Gaeilge

25 Bealtaine: Gearrliosta d’iarrthóirí bunaithe ar agallaimh Bhord na Gaeilge

15 Meitheamh: An dáta is luaithe d’agallaimh, ag tabhairt san áireamh go mbeadh tréimhse trí seachtaine ar a laghad idir ceapadh an ghearrliosta agus na hagallaimh

1 Eanáir 2018: An dáta is dóigh leis an Ollscoil a thosóidh an tOllamh nua, ag brath ar cad as don duine sin agus ag tabhairt san áireamh gur gnách fógra aon seimeastair a thabhairt


Fág freagra ar 'Ciorruithe buiséid agus laghdú ar líon na mac léinn Gaeilge ba chúis le moill ar cheapachán Ollamh le Gaeilge – Rúnaí Acadúil OÉG'