Ceithre bliana seachas trí bliana a bheidh i gceist feasta le céim sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tabharfaidh mic léinn na Gaeilge san Ollscoil tréimhse sa Ghaeltacht feasta a bheidh ar aon dul leis an tréimhse ‘Erasmus’ a bhíonn i gceist le céimeanna i dteangacha eile.
Tá an leagan amach nua ar chéim na Gaeilge sa Ghaillimh á fhorbairt ag Roinn na Gaeilge san Ollscoil i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Cuirfear tús leis an gcéim ceithre bliana i bhfómhar na bliana seo.
De réir miontuairiscí ó chruinniú de chuid Údarás na hOllscoile atá feicthe ag Tuairisc.ie, tá an bhliain sonrúcháin á cur leis an gcéim chun cur le líofacht agus cumas teanga na mac léinn.
Chuir Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, fáilte inné roimh an scéal go mbeadh tréimhse “shuntasach” á caitheamh ag mic léinn OÉG sa Ghaeltacht.
“Chuirfeadh COGG fáilte mhór roimh a leithéid. Is cóir tacú le haon rud a chuirfeadh feabhas ar chaighdeán na Gaeilge agus ar líofacht na Gaeilge iad siúd atá ag déanamh staidéir uirthi agus tá a leithéid seo á éileamh le fada an lá,” a dúirt Príomhfheidhmeannach COGG.
Dúradh ag an gcruinniú d’Údarás na hOllscoile ag deireadh na bliana seo caite gur tháinig an moladh chun cinn tráth an ama céanna gur ceapadh Déan nua ar Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in OÉG i mí na Samhna seo caite.
Luadh chomh maith leis an gcinneadh bliain a chur leis an gcéim sa Ghaeilge deacrachtaí buiséid agus an gá le níos mó daoine a mhealladh chuig “cúrsaí éagsúla” i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh.
Aithnítear sa Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge an ról faoi leith atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le cláir tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus deirtear go gcaithfear a chinntiú go mbíonn “deiseanna” ar fáil ag an tríú leibhéal “do mhic léinn leas a bhaint as tréimhsí fada socrúcháin/staidéir sa Ghaeltacht le cur lena gcumas sa teanga i dtimpeallacht ina labhraítear an teanga go nádúrtha”.
Is cosúil go mbeidh an deis sin as seo amach ag mic léinn Gaeilge in OÉG agus an sonrúchán bliana le cur le céim na Gaeilge ansin.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bheidh i bhfeighil ar an tréimhse Ghaeltachta a bheidh mar chuid den chéim feasta.
Tá ionaid ag an Acadamh ar an gCeathrú Rua agus i gCarna i gConamara agus i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall agus meastar gur sna ceantair sin a bheidh na mic léinn lonnaithe mar chuid den chéim.
Anna
An-smaoineamh ar fad! Tá súil agam go mbeidh na hollscoileanna eile ag déanamh aithrise ar dhea-chleachtadh OÉG. Taibhsítear dom áfach gur chóir do na mic léinn tréimhse a chaitheamh i gach uile cheann de na Gaeltachtaí chun eolas a chur ar na canúintí go léir. Nach í an Ghaeilge ina iomlán an teanga a bhfuil siad ag déanamh staidéir uirthi?
Mánus
Céard is brí le Gaeltacht a Anna? Tá Béarla breá ach níl Gaeilge i gCnoc na Cathrach, Baile Chláir ,Béal an mhuirthéid srl. Faoin am go mbeidh lucht Erasmus ag triail ar an gCeathrú Rua an mbeidh an Béarla in uachtar sa sráidbhaile dátheangach sin? Daoine gan Ghaeilge ag obair sa siopa.
Feardorcha
D’fhéadfaí scaireanna a thabhairt amach i mná tí Chonamara faoin dtráth seo.
Nach breá go bhfuil Ollscoil na Gaeilge iomlán oibiachtúil sa chúram seo ar fad, féadfaimid bheith cinnte go riarfar an scéim go hiomlán ar son leas na teanga.