Ciorruithe ar na meáin scríofa Ghaeilge le plé i dTeach Laighean

Deir Cathal Goan, Cathaoirleach Bhord Comhar go bhfuil an maoiniú a chuirtear ar fáil d’earnáil na meán scríofa Gaeilge ‘easnamhach amach is amach’

Ciorruithe ar na meáin scríofa Ghaeilge le plé i dTeach Laighean

Tabharfar léargas ar an gciorrú atá déanta ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge i dTeach Laighean inniu agus Cathaoirleach Bhord Comhar ina measc siúd a dhéanfaidh cás na foilsitheoireachta agus na léitheoireachta Gaeilge a phlé.

Tabharfaidh Cathal Goan fianaise do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dteannta lucht irisí eile, Timire an Chroí Naofa agus Breac, agus cloisfear freisin ó na hiriseoirí Alan Titley agus Éanna Ó Caollaí ón Irish Times.

Meastar go dtagróidh Goan, iarArd-Stiúrthóir RTÉ agus ceannasaí bunaithe TG4, don easpa maoinithe a chuirtear ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge agus do na ciorruithe atá déanta ar an earnáil sin le gairid.

In aighneacht a chuir Comhar faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn anuraidh, luaigh Goan go gcuireann Foras na Gaeilge €500,000 sa bhliain ar fáil do Comhar, Tuairisc.ie, agus Nós ó 2014 i leith, laghdú ón €800,000 sa bhliain a bhí i gceist d’earnáil na meán scríofa Gaeilge roimh 2010.

San aighneacht sin, a rinneadh in éineacht le Tuairisc.ie, dúradh go raibh an maoiniú a chuirtear ar fáil “easnamhach amach is amach” agus gur bac a bhí ann ar fhorbairt na hearnála.

Cuireadh an maoiniú a bhí á fháil ag na meáin scríofa Ghaeilge i gcomparáid leis an €60 milliún sa bhliain a chuireann an stát ar fáil do TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Moladh in aighneacht Comhar ciste nua agus múnla nua maoinithe a bhunú do na meáin in Éirinn agus deirtear gur cheart do na meáin scríofa Ghaeilge teacht a bheith acu ar sciar den mhaoiniú sin.

Le cúpla bliain tá laghdú 33% tagtha ar an maoiniú a fhaigheann Comhar ó Fhoras na Gaeilge chun an iris mhíosúil a fhoilsiú, ó €120,000 go dtí €80,000. Dúirt Goan anuraidh go mbraitheann lucht na hirise go bhfuil “corrán an bháis” á “ghéarú” dóibh ag lucht ceannais an Fhorais.

Nuair a bhí ionadaithe ó Tuairisc, Nós, agus Feasta os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais an mhí seo caite, iarradh ar bhaill an choiste brú a chur ar gach dream a bhfuil lámh acu i maoiniú na bhfoilseachán Gaeilge tuilleadh acmhainní a chur ar fáil dóibh mar ábhar práinne.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go ndíreofaí freisin ag cruinniú an lae inniu ar na hailt Ghaeilge atá ar fáil sna nuachtáin Bhéarla in Éirinn “agus ar na féidearthachtaí atá ann an ghné sin den iriseoireacht a leathnú agus a fheabhsú”.

“Creideann an Comhchoiste ní hamháin gur gá an Ghaeilge a bheith níos inrochtana don phobal léitheoireachta, ach gur gá di a bheith níos feiceálaí aige chomh maith,”  a dúirt Ó Snodaigh.

“Níl slí níos fearr ann chun an inrochtaineacht agus an fheiceálacht sin a bhaint amach ná níos mó alt Gaeilge a bheith sna hirisí agus sna nuachtáin Bhéarla, agus na hirisí lánGhaeilge féin a bheith níos inrochtana agus níos feiceálaí sna siopaí agus sna leabharlanna poiblí ar fud na tíre. Conas is féidir é sin a dhéanamh? Sin í an cheist a bheidh á plé ag an gComhchoiste.”

Fág freagra ar 'Ciorruithe ar na meáin scríofa Ghaeilge le plé i dTeach Laighean'