‘Tá corrán an bháis á bhagairt ag Foras na Gaeilge orainn’ – Cathaoirleach ‘Comhar’

Deir Cathaoirleach Bhord Comhar gurb ionann an caiteachas iomlán a dhéantar ar na meáin scríofa Gaeilge níos lú ná 1% den mhaoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin chraolta Ghaeilge

‘Tá corrán an bháis á bhagairt ag Foras na Gaeilge orainn’ – Cathaoirleach ‘Comhar’

Tá ráite ag Cathaoirleach Bhord Comhar go mbraitheann lucht na hirise aitheanta go bhfuil “corrán an bháis” á “ghéarú” dóibh ag lucht ceannais Fhoras na Gaeilge.

Agus Léacht Uí Chadhain 2021 á tabhairt aréir aige, dúirt Cathaoirleach Comhar, Cathal Goan, go raibh an baol ann go raibh róbhéim á leagan ar fhigiúirí léitheoireachta agus eile mar shlat tomhais ar fhiúntas na meán Gaeilge.

“B’fhiú lucht rialála cumarsáide agus earnáil na Gaeilge a chur leis an liosta sin de dhaoine nach ndeachaigh acu idirdhealú a dhéanamh idir an rud gur cheart a thomhas agus an rud nach féidir a thomhas i dtéarmaí cainníochta amháin,” a dúirt Cathal Goan i Scoil na Gaeilge, an Léann Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Thagair sé don €500,000 a chuireann an Stát ar fáil trí Fhoras na Gaeilge sa bhliain do na meáin scríofa Ghaeilge agus dúirt gur os cionn €800,000 sa bhliain a bhí i gceist go dtí 2010.

“Tá ciorrú 33% déanta ag Foras na Gaeilge in 2021 ar an mhaoiniú a fhaigheann Comhar dá phríomhchúram – foilsiú na hirise míosúla. Ar líne amháin atá an dá mheán clóbhunaithe Gaeilge eile Tuairisc.ie agus NÓS.ie.”

Dúirt iarArd-Stiúrthóir RTÉ agus an chéad cheannasaí ar TG4 gurb ionann an caiteachas iomlán sin agus níos lú ná 1% den mhaoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin chraolta Ghaeilge.

Dúirt Goan go ndúradh san eagarfhocal sa chéad eagrán de Comhar, a foilsíodh i mí na Bealtaine 1942, go raibh “tua an bháis” os cionn an tréimhseacháin.

“Níorbh eol dóibh an mbeadh an chéad eagrán eile ag teacht amach an mhí dár gcionn i ngeall ar Ordú Cumhachta Práinne ón Aire Soláthairtí a bhí le tabhairt i bhfeidhm de bharr gainne páipéir.

“Mar atá a fhios againn, tháinig siad slán mar sin féin.  Cibé faoin tráth úd, braithimid faoi láthair go bhfuil corrán an bháis á ghéarú faoinár gcoinne in Comhar ag lucht ceannais Fhoras na Gaeilge.  Ní gainne páipéir ach malairt tosaíochtaí is cúis lena neamhshuim is cosúil mar aon le himní faoina laghad léitheoirí is atá ag Comhar, más fíor.

Dúirt Goan gur chuir Comhar agus Tuairisc.ie comhaighneacht faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn ní ba luaithe i mbliana inar áitíodh gur meáin seirbhíse poiblí a bhí sna meáin scríofa Ghaeilge chomh maith céanna le Raidió na Gaeltachta agus TG4 agus gur cheart iad a mhaoiniú dá réir.   

B’ábhar “iontais agus díomá” é, a dúirt é,  nár sheol Foras na Gaeilge aon aighneacht faoi ghné ar bith de chás na meán faoi bhráid an Choimisiúin.

Bhí gá agus tábhacht i gcónaí le Comhar, a dúirt Cathal Goan.

“Tuigimid nach mbíonn in aon rud ach seal ach a fhad is tá freastal le déanamh ar lucht léitheoireachta – dá laghad féin é – a bhfuil dúil acu in ábhar aibí dea-scríofa, chítear dúinn gur cheart gach uile iarracht a dhéanamh fanacht i mbun gnímh – óir is sinn an t-aon fhoilseachán clóite atá fágtha ar mairstin agus ag fáil maoiniú díreach stáit.”

Dúirt Goan go raibh ceisteanna go leor le cur faoin meon atá ag daoine i leith na meán Gaeilge.

“Cén luach a chuireann muid, mar sin,  ar Comhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 mar chuid de bhéascna choimpléascach athraitheach na tíre seo?  Cá lonnaítear iad mar mheáin sa dioscúrsa náisiúnta faoi mheáin seirbhíse poiblí trí chéile?

“An mar a chéile iad na riachtanais s‘againne  agus riachtanais na meán eile? Más teanga bheo phobail í an Ghaeilge nár chóir na meáin sin féin ar a laghad a bheith mar dhlúthchuid den eiceachóras náisiúnta?  An láidre go mór sinn i bpáirt le páirtithe leasmhara  eile ar cás leo a bhfuil i ndán  do na meáin seirbhíse phoiblí eile – más  i mBéarla féin iad – nó ab é ár n-iomaire féin is dual dúinn a threabhadh?”

Maidir lena bhfuil i ndán don chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, dúirt Goan gur tús fónta a bheadh ann mura molfadh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán “rud ar bith eile ach an múnla maoinithe reatha a bhriseadh agus a athmhúnlú agus a mhéadú arís”.

“Cheana féin de réir an bhéadáin ó fhoinsí sceite rialtais, áfach, beidh cuid de na ceannairí polaitiúla glan i gcoinne mholtaí an Choimisiúin faoi mhaoiniú RTÉ.

“Níl a fhios agam an ag ceiliúradh fadsaoil na meán Gaeilge uilig mar chuid bheo de phobal beo a bheas muid fá cheann cúig bliana fichead eile nó ag cuimhneamh siar ar thuarascáil an Choimisiúin chéanna mar thaiséadach ar chorpán na meán seirbhíse poiblí in Éirinn.”

Fág freagra ar '‘Tá corrán an bháis á bhagairt ag Foras na Gaeilge orainn’ – Cathaoirleach ‘Comhar’'

  • padraig o gallachoir

    Biodh abairt ag m,athair (go ndeanfhaidh an Dia a mhaith air),: ‘Ní he an meid a mheachas ach an gniomh a dheantar’.