‘Beatha teanga í a labhairt agus a scríobh’ – maoiniú na meán scríofa Gaeilge ‘easnamhach amach is amach’

Deirtear in aighneacht atá curtha ag Comhar faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn gur bac an easpa maoinithe ar fhorbairt na meán scríofa Gaeilge

‘Beatha teanga í a labhairt agus a scríobh’ – maoiniú na meán scríofa Gaeilge ‘easnamhach amach is amach’

Tá an maoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge “easnamhach amach is amach’, a deirtear in aighneacht atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn ag an iris Comhar. 

Deirtear san aighneacht, a gcuathas i gcomhairle le Tuairisc.ie fúithi, gur bac an easpa maoinithe ar fhorbairt na meán scríofa Gaeilge.

“Is bac é seo ar fhorbairt seirbhísí atá ríthábhachtach do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear agus ar inmharthanacht na teanga féin. Beatha teanga í a labhairt agus a scríobh,” a deirtear in aighneacht Comhar.

Ó 2014 i leith cuireann Foras na Gaeilge €500,000 sa bhliain ar fáil do Tuairisc.ie, Comhar agus Nós i gcomparáid le gar do €60 milliún do TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeilge, a deirtear. Breis is €800,000 a bhí ar fáil d’earnáil na nuachtán agus na n-irisí Gaeilge suas go dtí 2010.

Moltar in aighneacht Comhar ciste nua agus múnla nua maoinithe a bhunú do na meáin in Éirinn agus deirtear gur cheart do na meáin scríofa Gaeilge teacht a bheith acu ar sciar den mhaoiniú sin.

“Is den riachtanas é go mbeadh teacht ag na meáin chlóbhunaithe Ghaeilge ar sciar imfhálaithe den chiste méadaithe. 

“Is cuid dhílis de sheirbhís phoiblí iad agus is cuid riachtanach iad d’aon straitéis chun an Ghaeilge a thabhairt slán,” a deirtear in aighneacht Comhar.

Deir Cathal Goan, Cathaoirleach Bhord Comhar go raibh sé tábhachtach “go gcluinfí guth na meán clóite agus scríofa Gaeilge” tráth a bhfuil “athmhachnamh” a dhéanamh ar “céard is meán seirbhíse poiblí ann”.

“Is cinnte gur meáin seirbhíse poiblí iad na meáin chlóbhunaithe Gaeilge. Roimhe seo tugadh an-aird ar na meáin chraolta ach deis atá anseo a aithint go gcuireann na meáin chlóbhunaithe Gaeilge seirbhís phoiblí ar fáil chomh maith agus gur chóir maoiniú níos mó a chur ar fáil dóibh dá réir,” arsa Cathal Goan iarcheannasaí ar RTÉ agus ar TG4.

Deirtear faoi Tuairisc.ie san aighneacht go mbeidh gá ag an tseirbhís nuachta le hacmhainní breise suntasacha chun “ardchaighdeán na seirbhíse a chosaint agus chun go bhfanfaidh sí ábhartha i réimse a bhíonn ag athrú de shíor”.

Deirtear nár cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie ó thús ach maoiniú chun nuachtán digiteach a fhoilsiú uair sa tseachtain ach go raibh seirbhís nuachta laethúil curtha ar fáil aige gan teip do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le breis is sé bliana anuas.

Ba chóir, a deirtear san aighneacht, go mbeadh teacht ag RTÉ agus TG4 ar an maoiniú breise “má éiríonn leo dualgais intomhaiste a chomhlíonadh, go háirithe dualgais maidir le hábhar a chur ar fáil i nGaeilge”.

Fág freagra ar '‘Beatha teanga í a labhairt agus a scríobh’ – maoiniú na meán scríofa Gaeilge ‘easnamhach amach is amach’'