Tá cinneadh déanta ag an Rialtas athrú a dhéanamh ar an riachtanas teanga don Gharda Síochána.
Fágann an cinneadh nach mbeidh ag teastáil feasta chun a bheith i do Gharda ach teanga amháin.
Roimhe seo chaithfeadh duine a bhí ag iarraidh a bheith ina Gharda dhá theanga a bheith aige agus chaithfeadh Béarla nó Gaeilge a bheith ar cheann den dá theanga sin.
Go dtí an bhliain 2005 bhí ar dhuine a bhí ag iarraidh dul isteach sna Gardaí Gaeilge a bheith aige nó aici. As seo amach ní bheidh ar dhuine ach teanga amháin a bheith aige chun go mbeadh sé nó sí cáilithe do na Gardaí.
Rinne an Garda Síochána cinneadh i mbliana fáil réidh leis an dualgas a bhíodh orthu siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí marc 50% a fháil i mbéaltriail Ghaeilge.
Socraíodh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge i ndiaidh cainteanna idir an Roinn Dlí agus Cirt, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, An Garda Síochána, an tÚdarás Póilíneachta agus Cumainn na nGardaí.
Chuir an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais i mbliana ag cur síos ar an sárú atá á dhéanamh ag an Gharda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge. Bhain sí leis an sárú ar an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ag obair sa Ghaeltacht.
Nuair a bhí ceannasaí na nGardaí, Drew Harris, os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, ghéill sé go bhfuil teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa. Tugadh le fios nár thug ach 244 den thart ar 15,000 Garda sa stát le fios go raibh Gaeilge líofa acu nuair a ceistíodh le déanaí iad.
Ghéill sé go raibh sé “neamhghnách” go gcaithfeadh an Coimisinéir Teanga tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi theip an Gharda Síochána cloí leis an dlí teanga.
Dúirt Harris go raibh straitéis nua Gaeilge á forbairt ag na Gardaí agus go raibh coiste nua Gaeilge le bunú a mbeadh sé féin ina chathaoirleach air.
Pól Ó Braoin
Is maith a thuigim an stráitéis nua Gaeilge atá á forbairt.
Antóin
“straitéis nua Gaeilge á forbairt ag na Gardaí”! straitéis nua frithGhaeilge.
Nach mór an ní anró na Gaeilge! An gceapann an tAire Dlí Helen McAntee ó Fhine gan Ghael go bhfuil bac foghlama de chineál eicínt ar Éireannaigh de bhunadh na hAfraice agus daoine den lucht siúil i dtreo is nach bhfuil siad in ann an Ghaeilge a fhoghlaim? Má cheapann, abradh sí amach é.
Ní fada anois go ndéanfar athscríobh ar airteagal 8 den Bhunreacht.
Antóin
Ag caint faoin reachtaíocht teanga nua le déanaí dúirt John Walsh, léachtóir Sinsearach Gaeilge, OÉ Gaillimh, le Tuairisc.ie ( Déardaoin Nollaig 16 2021 ) “Is maith gur glacadh le foráil thábhachtach eile a chinntíonn go gcaithfidh seirbhísigh phoiblí laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil”
Meamram chuig an an Aire Dlí Helen McAntee, b’fhéidir!
Pádraig O'hEipicín
Scannalach.
Seán
Ar a laghad níl aon chur i gcéill ag an eagraíocht mar atá ag dreamanna eile!