Cill na Martra buacach i gcath na gcomharsan, bua iontach ag Naomh Anna agus torthaí eile na Gaeltachta

Cuireadh tús leis na craobhacha sinsir peile i nGaillimh agus i Maigh Eo an deireadh seachtaine seo agus bhí foirne Gaeltachta eile in aicsean i gCorcaigh, Dún na nGall, Ciarraí agus sa Mhí chomh maith

Cill na Martra buacach i gcath na gcomharsan, bua iontach ag Naomh Anna agus torthaí eile na Gaeltachta

Maidhcí Ó Duinnín. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Corcaigh

Cill na Martra a bhí buacach sa gcluiche mór peile i Múscraí ag an deireadh seachtaine agus an ceann is fearr faighte acu ar a gcomharsana, Béal Átha an Ghaorthaidh, i gcraobh shinsir A Chorcaí. Bhí Cill na Martra, seaimpíní na príomhchraoibhe idirmheánaí anuraidh, seacht bpointe chun tosaigh tráth sa dara leath ach theastaigh cúpla scór ó Damien Ó hUrdail agus Maidhcí Ó Duinnín deireanach sa gcluiche chun deireadh a chur le teacht aniar Bhéal Átha – 2-15 in aghaidh 2-14.

D’aimsigh Shane Ó Duinnín cúl sa gcéad leath agus ceann eile sa dara leath chun Cill na Martra a fhágáil 2-12 in aghaidh 0-11 chun tosaigh agus thart ar cheathrú uaire fágtha ach tháinig Béal Átha ar ais go láidir le pointí ó Ben Seartan agus cúl an duine ag Seán Ó Luasa agus Séamus Ó Tuama chun na foirne a fhágáil cothrom. Níor éirigh le Béal Átha dul chun tosaigh ina dhiaidh sin agus chinntigh na pointí deireanacha ag Cill na Martra go bhfuil siad cáilithe do bhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe agus cluiche amháin eile fós le himirt acu sa ghrúpa. Beidh Béal Átha ag déanamh ar na babhtaí díbeartha má chailleann siad i gcoinne Choiscéime sa gcéad chluiche eile.

Sa bpríomhghrád idirmheánach, chaith Naomh Abán an bua uathu i gcoinne Raonaithe Nemo. D’aimsigh Daniel Ó Ceallaigh cúl d’fhir na Gaeltachta laistigh den chéad 20 soicind den chluiche agus bhíodar ceithre phointe chun tosaigh agus an 50 nóiméad imeartha ach scóráil Nemo 1-1 in am cúitimh chun na foirne a fhágáil ar comhscór, 1-11 an taobh. Tá Naomh Abán fós sa dara háit i nGrúpa 2, áfach, ach ní féidir leo cliseadh i gcoinne Bheanntraí sa mbabhta deireanach más leo áit a fháil sna babhtaí ceathrú ceannais.

Naomh Anna ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2024. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Gaillimh

Imríodh na chéad chluichí i gcraobhacha sinsir agus idirmheánacha peile na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine agus bhí torthaí idir mhaith agus olc ag foirne na Gaeltachta.

Sa gcraobh shinsir, bhí bua iontach ag Naomh Anna, Leitir Móir ar Chathair Loistreáin tráthnóna Dé Sathairn. Tomás agus Iarlaith Ó Curraoin a d’aimsigh na cúil dóibh sa bhua 2-15 in aghaidh 0-12 agus cúig chúilín a fuair Oisín Mac Donnacha.

D’éirigh le Maigh Cuilinn an bua a fháil sa gcéad chluiche da gcuid freisin ach bhí teacht aniar ag teastáil chun an Dún Mór a chur de dhroim seoil. Bhí seaimpíní 2022 naoi bpointe chun deiridh ag leath ama ach d’fhág cúl ag Paul Kelly luath sa dara leath agus péire eile ó Niall Walsh, an dara ceann acu sin agus an t-am caite, go raibh bua aon phointe amháin ag Maigh Cuilinn faoi dheireadh, 3-7 i gcoinne 1-12.

Tháinig cúl deireanach sa chluiche ag Bearna ar an Domhnach freisin ach Damien Comer a d’aimsigh é d’Eanach Cuan chun an bua a thabhairt dóibh, 1-12 in aghaidh 0-13.

Chlis ar na trí fhoireann Ghaeltachta sa gcraobh idirmheánach. Bhí an Spidéal ar ais ag imirt sa dara grád tar éis dóibh ísliú céime a fháil anuraidh agus theip ar an teacht aniar a rinneadar i gcoinne Naomh Gabriel agus chaill siad le haon phointe amháin, 0-10 i gcoinne 0-9. Chaill a gcomharsana, Micheál Breathnach i gcoinne na Cealtraí, 2-13 in aghaidh 0-12, cluiche ina ndearna Alan Naughton scrios ar son fhir oirthear na Gaillimhe. Fuair Cill Chonla an ceann is fearr ar Oileáin Árann chomh maith, 1-12 in aghaidh 0-7.

Ultan Doherty ag ceiliúradh bua ag Naomh Conaill i gCraobh Uladh 2023. Pic: INPHO/John McVitty

Dún na nGall

Ba é an bua sé phointe a bhí ag Naomh Adhamhnán ar Naomh Conaill an toradh ba shuntasaí sa dara bhabhta de Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine agus an ceann is fearr faighte ag fir Leitir Ceanainn ar sheaimpíní na craoibhe le dhá bhliain anuas, 1-13 in aghaidh 0-10.

D’aimsigh an t-imreoir contae Shane O’Donnell 1-3 do Naomh Adhamhnán agus an dara bua as a chéile faighte ag a fhoireann, ach ní bheidh imreoirí Naomh Conaill róbhuartha go fóill. Bhuadar a gcéad chluiche an tseachtain seo caite i gcoinne Chloich Cheann Fhaola agus rachaidh na foirne a bheidh sa chéad cheithre áit ar an tábla tar éis cheithre bhabhta ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais agus imreoidh na foirne ón 5ú go dtí an 12ú háit sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais.

Is i gcoinne Ghaoth Dobhair a bheidh Naomh Adhamhnán an tseachtain seo chugainn agus fir Mhachaire Gathlán tagtha chucu féin ó chlis orthu i gcoinne na gCeithre Máistrí sa chéad bhabhta. Bhí bua cuimsitheach ag Gaoth Dobhair ar Ghleann Fhinne ar an Satharn, 1-14 in aghaidh 0-5, agus iad curtha ar bhóthar a leasa sa dara leath ag pointí ó Ethan Harkin agus cúl Dháire Uí Baoill.

Bhuaigh Cill Chartha a gcéad chluiche i gcraobh na bliana seo chomh maith, iad ag teacht ar ais ón gcluiche a chaill siad i gcoinne Naomh Adhamhnán an tseachtain roimhe sin chun Naomh Náille a bhualadh le cabhair naoi bpointe ó Patrick McBrearty. 1-16 in aghaidh 0-9 an scór deiridh.

Tá Naomh Náille agus Gleann Fhinne ar phéire de na sé fhoireann a bhfuil an dá chluiche go dtí seo sa gcraobh shinsir caillte acu. Is iad Cloich Cheann Fhaola, Ard an Rátha, na Dúnaibh agus na Cealla Beaga na foirne eile agus pointí ag teastáil uathu sa dá chluiche eile atá le teacht más leo na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

Sa gcraobh Idirmheánach, bhuaigh Naomh Muire a gcéad chluiche nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaeil Fhánada Dé Domhnaigh, 2-16 in aghaidh 1-13. Dhá chluiche as a chéile atá anois caillte ag fir Fhánada ach d’éirigh le Naomh Columba a gcéad bhua a fháil nuair a sháraigh siad Réalt na Mara ar an nDomhnach. Chaill na Rosa i gcoinne Bhun Cranncha, atá anois ar bharr an tábla, áit amháin chun tosaigh ar an Tearmann, a bhuaigh ar Mhálainn.

Dylan Geaney ag imirt don Daingean i gcluiche ceannais na Mumhan 2023. Pic: INPHO/James Crombie

Ciarraí

I gCiarraí, tá áit bainte amach ag Daingean Uí Chúis i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na gClubanna tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Neidín i ngéarchoimhlint sna babhtaí leathcheannais Dé Sathairn, 3-12 in aghaidh 3-11.

Bhí fir an Daingin i bponc agus iad ceithre phointe chun deiridh ar a gcéilí comhraic faoi dhó sa dara leath. Tháinig Conor Geaney isteach mar ionadaí chun an bhearna a laghdú ach ba é an cúl a d’aimsigh Darragh O’Sullivan in am cúitimh, ó dheis a chruthaigh Paul Geaney, a chinntigh go mbeadh an bua ag an Daingean. Cathal Bambury agus Dylan Geaney a d’aimsigh na cúil eile don Daingean ag tús an dara leath.

Casfaidh an Daingean anois ar Chrócaigh Chill Airne sa chluiche ceannais faoi cheann coicíse. Is iad Lios Póil an t-aon fhoireann Ghaeltachta eile atá fós san iomaíocht i gcraobhacha peile Chiarraí toisc gur theip ar an nGaeltacht agus Piarsaigh na Dromada teacht amach as a gcuid grúpaí sa gcraobh idirmheánach agus sa bpríomhchraobh shóisir. Imreoidh Lios Póil in aghaidh Chordail sna babhtaí ceathrú ceannais den chraobh shóisir an deireadh seachtaine seo chugainn.

Béal an Mhuirthead ag imirt ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Maigh Eo

Cuireadh tús leis an gcraobh shinsir i Maigh Eo an deireadh seachtaine seo chomh maith ach ní go rómhaith a d’éirigh leis an t-aon chumann Gaeltachta, Béal an Mhuirthead, sa chéad bhabhta. Scóráil fir Iorrais dhá chúl sa chluiche i gcoinne Chlár Chlainne Mhuiris i nGrúpa 3 ach ba iad na fir as deisceart an chontae a thug an lá leo, 0-21 i gcoinne 2-13. Tá obair le déanamh ag Béal an Mhuirthead anois teacht slán ón ngrúpa agus Bealach an Doirín agus an Cnoc Mór istigh sa ghrúpa céanna leo.

Sa gcraobh idirmheánach, chlis ar Chill tSéadhna i gcoinne Chill Mheáin, 1-18 in aghaidh 1-12, sa gcéad chluiche acu i nGrúpa 3.

An Mhí

D’fhág an bua a bhí ag iománaithe Chlann na nGael ar a gcomharsana ó Dhún Doire go bhfuil deis fós ag an gcumann Gaeltachta na babhtaí ceathrú ceannais de chraobh shinsir iomána na Mí a bhaint amach. Dhá phointe chun deiridh a bhí Clann na nGael ag leath ama ach bhí rith an ráis leo sa dara leath agus bua 2-22 in aghaidh 2-10 bainte amach acu. Caithfidh Clann na nGael buachan ar Chill Dealga faoi cheann coicíse chun aon deis a bheith acu críochnú sa gcéad trí háit i nGrúpa A.

Fág freagra ar 'Cill na Martra buacach i gcath na gcomharsan, bua iontach ag Naomh Anna agus torthaí eile na Gaeltachta'