Ciarraí v Corcaigh agus cluichí móra eile an lae

Beidh lá mór peile inniu ann agus ceithre fhoireann ag iarraidh fanacht sa chraobh, gan trácht ar Chorcaigh agus Ciarraí a bheidh ag imirt in athuair i gCill Airne

Paul Geaney (Ciarraí) agus Kevin O'Driscoll (Corcaigh) sa chluiche coicís ó shin. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Paul Geaney (Ciarraí) agus Kevin O’Driscoll (Corcaigh) sa chluiche coicís ó shin. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Cluiche Ceannais Mumhan (Athimirt) – Ciarraí v Corcaigh, Staid Mhic Gearailt, 7i.n.

Is beag trócaire atá léirithe ag Éamonn Fitzmaurice do Fionn Fitzgerald, an fear a shábháil Ciarraí coicís ó shin le pointe sa nóiméad deireanach. Tá Fitzgerald ar dhuine de cheathrar imreoirí a d’imir an chéad lá ach a bheidh ar an mbinse anocht. Is iad Peter Crowley, Stephen O’Brien agus Barry John Keane an triúr eile. Ina n-áit beidh Aidan O’Mahony, Paul Murphy, Anthony Maher agus Paul Geaney, ceathrar a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann anuraidh.

D’admhaigh Fitzmaurice i ndiaidh an chéad chluiche nach ndearna sé a dhóthain ar an taobhlíne sa chéad chluiche agus bí cinnte go bhfuil coicís tugtha aige ag cur plean le chéile chun Corcaigh a chloí.

Thug Corcaigh taispeántas uathu sa chéad chluiche nach raibh mórán daoine ag súil leis ach an cheist ná an bhfuil sé de chumas iontu imirt níos fearr fós agus Ciarraí ar an airdeall anois faoi na buanna atá acu.

Cé go mbeidh Fitzmaurice agus a chriú ag breathnú go géar ar na buanna a léirigh Corcaigh an lá cheana, tá an cinneadh déanta ag Brian Cuthbert fanacht leis na himreoirí céanna, nó sin atá sé ag tabhairt le fios pé scéal é. Cé gur thug Paddy Kelly sár-thaispeántas uaidh nuair a tháinig sé isteach, beidh sé ina ionadaí arís anocht.

Seo é an séú huair ó 2002 ag na foirne seo casadh le chéile in athimirt agus is ag Corcaigh atá an buntáiste ó thaobh torthaí de. Bhuaigh siad na cluichí athimeartha i gCúige Mumhan i 2002, 2006 agus 2009, ach is i bPáirc Uí Chaoimh a imríodh na cluichí sin ar fad.

Seans gurb é an spreagadh is mó atá ag imreoirí an dá fhoireann ná go seachnóidh na buaiteoirí Baile Átha Cliath sna babhtaí ceathrú ceannais. Beidh ar an dream a chailleann buachan ar Chill Dara seachtain ó inniu agus aghaidh a thabhairt an tseachtain dár gcionn ar fhoireann Jim Gavin.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Ian Fahey (Tiobraid Árann) agus Ciaran McLuaghlin (Tír Eoghain) i gcluiche ceannais Faoi-21 na bliana seo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Ian Fahey (Tiobraid Árann) agus Ciaran McLuaghlin (Tír Eoghain) i gcluiche ceannais Faoi-21 na bliana seo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Babhta 3B – Tiobraid Árann v Tír Eoghain, Staid Semple, 3i.n. agus Gaillimh v Doire, Staid an Phiarsaigh, 5i.n.

Cé nach bhfuil aon aighneas seanbhunaithe idir foirne sinsir Thír Eoghain agus Tiobraid Árann, seans maith go mbeidh go maireann beo rian den achrann ó chluiche ceannais na craoibhe faoi 21 a imríodh ag tús Bealtaine.

Ba iad fir na tuaiscirt a thug an lá leo sa chluiche sin agus bua aon phointe amháin acu, 1-11 in aghaidh 0-13. Ní raibh Tiobraid Árann sásta le hiompar a gcéilithe comhraic, áfach, agus mhaígh siad go raibh imreoirí Thír Eoghain ag saighdeadh faoina gcuid imreoirí féin. Seans dá

bharr go mbeadh beagán nimhe san fheoil sa cheann seo, go háirithe agus cuid mhaith d’imreoirí faoi 21 Thiobraid Árann ar an bpáirc inniu. Mar sin féin, b’fhearr dóibh gan scéal díoltais a dhéanamh de chluiche an lae inniu mar tá taithí ag imreoirí Thír Eoghain ar a leithéid agus ní go bog a ghéillfeadh siad.

Kevin Walsh i gcoinne Doire i 1998. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Kevin Walsh i gcoinne Doire i 1998. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tá cuimhní geala ag muintir na Gaillimhe ar chluichí i gcoinne Dhoire. Faoi dhó a chasadar ar a chéile sa chraobh, i gcluichí leathcheannais 1998 agus 2001, agus faoi dhó a bhuaigh na Gaillimhigh ar a mbealach go Craobh na hÉireann. Ach fiú má bhuann an Gaillimh inniu, is beag duine dá lucht leanúna a chreideann go ndéanfaidh siad an beart céanna i mbliana, ach beidh Kevin Walsh sásta go leor leis an dul chun cinn atá déanta ag a chuid peileadóirí.

Tháinig siad slán ó chluiche crua i gcoinne Ard Mhacha an tseachtain seo caite agus déanfaidh an scrúdú sin a leas. Tá Doire céim nó dhó chun cinn ar Ard Mhacha agus tá sé thar a bheith crua scóranna a aimsiú ina gcoinne. Má tá na Gaillimhigh chun teacht slán, caithfidh siad Mark Lynch agus Eoin Bradley a choinneáil faoi chois agus na deiseanna a ghabhann an treo chucu féin a thapú.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain agus Gaillimh

Fág freagra ar 'Ciarraí v Corcaigh agus cluichí móra eile an lae'