Chun leas Chill Chiaráin agus na Gaeltachta go léir a bheadh Páirc na Mara

D’fhéadfadh gur iomaí forbairt bhreá a thiocfadh as Páirc na Mara don Ghaeltacht go léir agus do cheantair chósta na hÉireann ar fad

Chun leas Chill Chiaráin agus na Gaeltachta go léir a bheadh Páirc na Mara

Beidh lá tábhachtach eolais ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Conamara, Dé Luain seo chugainn. Tráthúil go leor sin é Lá Fhéile Ciarán freisin, pátrún na háite.

Beidh Cill Chiaráin agus an ceantar timpeall air ag brath go mór ar Pháirc na Mara amach anseo. D’fhéadfadh sé go deimhin gur iomaí forbairt bhreá a thiocfadh as an obair a dhéanfar ansin ar fud na Gaeltachta go hiomlán agus i gceantair chósta na hÉireann ar fad go deimhin.

Tionscnamh stáit atá i gceist. Is é an dóchas atá ann go ndéanfar forbairt ansin ar chineálacha éagsúla tionsclaíochta a bhaineann leis an bhfarraige.

Beidh buntaighde den scoth ar bun ann agus déanfar ceangal le cuid de na heolaithe is fearr ar fud an domhain.

Ach ní gan dua a chuirfear an togra seo chun cinn. Tá dream beag go nimhe neanta ina aghaidh agus iad ag iarraidh driseacha cosáin a chur roimh an iarracht ar chuile bhealach is féidir leo.

D’éirigh leo go dtí seo a chur ina luí ar an mBord Pleanála gan cead a thabhairt oifig riaracháin a thógáil ar an suíomh. ’Sí an phaidir chapaill atá acu gur le tionscal na feilméarachta bradán a chur chun cinn atá Páirc na Mara á réiteach.

Ach ar ndóigh tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Beidh sliogiasc mar shampla, idir oisrí agus muiríní, ar an gclár oibre. Tá siad sin i gCuan Chill Chiaráin freisin.

Féachfar le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thionscal próiseála na feamainne atá sa gceantar le hos cionn seachtó bliain, agus i bhfad níos faide ná sin má chuirtear tionscal déanta na ceilpe san áireamh.

Ina cheann sin aríst déanfar staidéar ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann le feilméaracht na mbradán a dhéanamh ar an talamh tirim seachas sna cuanta. Is minic ráite ag lucht na timpeallachta gurb shin é an réiteach is ciallmhaire ar aighneas na mbradán.

Má dúirt ní stopann sin iad ó bheith seasta síoraí ag iarraidh Páirc na Mara a chur ó rath.

Beidh foinsí breá eolais ag an teacht le chéile seo Dé Luain. Páirteach ann bheidh ionadaithe ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, ó Bhord Iascaigh Mara, ó Fhoras na Mara, ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin agus ó Údarás na Gaeltachta féin ar ndóigh.

Tabharfar na daltaí scoile isteach ar an gcomhrá agus freagrófar na ceisteanna ar fad is cuma cara nó namhaid a bheith á gcur.

’Sé an Dr. Oliver Tully a bheas ann as Foras na Mara. Déanfaidh seisean trácht ar an mbealach is fearr leis na beirtreacha oisrí a reáchtáil.

Cuirfear spéis ar leith sa díospóireacht faoin bhfeamainn. Nuair a cheannaigh Acadian Seaplants Arramara Teoranta bhí súil ag daoine go dtiocfadh tionscail bhreise as a gcuid oibre i gCill Chiaráin. Tá Acadian Seaplants as Albain Nua (Nova Scotia) ar cheann de na comhlachtaí próiseála feamainne is rathúla sa domhan.

Caithfear a admháil nár tháinig an fhorbairt a bhí tuartha. Tá dhá chúis mhóra leis sin a deirtear linn: éiginnteacht faoin soláthar feamainne de bharr aighnis faoi úinéireacht na feamainne agus níos lú daoine a bheith ar fáil lena baint.

Beifear ag súil go mbeidh scéal níos dóchasaí ag Jim Keogh agus ag Micheál Mac Monagail Dé Luain faoina bhfuil i ndán d’Arramara.

Seolfar Féile Oidhreachta agus Muiríní an lá sin chomh maith agus tabharfaidh JP McMahon taispeántas cócaireachta.

Labhróidh Patrick Connolly as Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin faoi dhéanamh báid.

Seolfaidh an Bord céanna cúrsa dobharshaothraithe a bheas ar bun i gCarna go gairid.

Tá an t-ádh orainn gurb í Máire Ní Éinniú, feidhmeannach tionscadail in Údarás na Gaeltachta, atá ag eagrú an Lae Eolais. As Paróiste Charna í agus tá an dúchas agus mianach na farraige ina cnámha.

Ba mhaith an bhean ar cheann an mhaide rámha lá geallta a máthair. Ní raibh a hathair go dona ach an oiread. Thug a gclann, agus Máire ar dhuine acu, an bua céanna leo.

Uncail dá hathair ba ea an t-amhránaí cumasach Joe Éinniú (Seosamh Ó hÉanaí).

Chaith seisean laethanta é féin ag muirínteacht i gCuan Chill Chiaráin.

Fág freagra ar 'Chun leas Chill Chiaráin agus na Gaeltachta go léir a bheadh Páirc na Mara'