Bhí drogall orm an chéad chloch nó cloch ar bith a chaitheamh leis an oifigeach gleacaíochta atá ciontaithe i súile na meán agus na meán sóisialta as ciníochas mar gheall ar an eachtra inar fhág sí cailín dubh ar lár agus boinn á mbronnadh ar a comhghleacaithe geala. Uaireanta ní mar a shíltear a bhítear.
Lá amháin le linn m’óige bhíos ag imirt cluiche boird le scata páistí eile i dteach comharsan. Bhí comhrá amaideach éigin ar siúl idir mise agus an buachaill a raibh cónaí air sa teach sin, agus ar chúis fhánach éigin thosaíos ag fuaimniú ‘D, d, d, d, d, d…’ leis. Ag an bpointe sin bhéic a mháthair a bhí suite in aice linn go crosta orm: ‘Éirigh as sin láithreach, a Fhachtna!’
Ar an bpointe sin thuig mé cén fáth go raibh sí crosta. Bhí stad ina chuid cainte ag an mbuachaill sin cé go raibh feabhas tagtha air agus nach raibh sé le sonrú san amaidí chainte a bhí eadrainn.
Ach thuig mé láithreach gur cheap an mháthair gur ag fonóid faoin stad cainte a bhíos, agus thuigeas freisin nach gcreidfí mé dá ndéanfainn iarracht é a shéanadh, mar ní raibh sé inchreidte ar chor ar bith mar mhíniú agus chrom mé mo cheann le teann náire agus ní dhearna mé aon iarracht an scéal a mhíniú. Pé cuma atá ar an rud a rinne an t-oifigeach i gconspóid na gleacaíochta, níl a fhios againn cad é a bhí ina hintinn agus tá sochar an amhrais tuillte aici mura bhfuil aon fhianaise eile ina coinne.
Cúis eile go bhfuil drogall orm an chéad chloch a chaitheamh, baineann sé le heachtra eile a tharla dom tamall de bhlianta ó shin. Cheap mé gur duine deas liobrálach saor ó chiníochas a bhí ionam – agus ba ea i m’aigne chomhfhiosach. Ach lá dá raibh mé ag tiomáint isteach i mo chomharsanacht d’ardaigh bean dhubh ar an gcosán a lámh ag iarraidh mé a stopadh agus an chéad bhraistint a bhí agam ná leanúint orm ag tiomáint mar gur mheas mé gur dócha nach raibh aon dea-rún aici.
D’fhéadfainn an díomá ar aghaidh na mná a fheiceáil, agus ansin de gheit tuigeadh dom nach raibh cúis ar bith leis an mbreithiúnas a bhí déanta agam ach dath chraicinn na mná agus stop mé. Tharla seo ar fad laistigh de shoicind nó dhó. Bean dheas a bhí ag lorg treoracha chun tigh áirithe a aimsiú a bhí inti.
D’inis máthair cailín de dhath a bhí ag freastal ar bhunscoil Éireannach an scéal seo a leanas dom. Abraimis gur Anna ainm na máthar agus gur Sol ainm na hiníne. Ba í Sol an t-aon pháiste de dhath ina rang agus bhíodh sí trína chéile ag teacht abhaile ag insint d’Anna go raibh páistí áirithe sa rang ag rá rudaí gránna léi faoi dhath a craicinn.
D’ardaigh Anna an scéal leis an múinteoir ach ní raibh an múinteoir ag glacadh go dáiríre leis mar fhadhb chiníoch. Ach d’athraigh sé sin nuair a d’admhaigh tuismitheoir duine de na páistí geala d’Anna go raibh fadhb ann agus chabhraigh sí léi sin a chur ina luí ar an múinteoir. Tá scéalta eile den chineál céanna cloiste agam ó dhaoine de dhath faoi cé chomh deacair agus a bhíonn sé cur ina luí ar dhaoine geala go bhfuil ciníochas i gceist, fiú nuair atá sé ag tarlú os comhair a dhá súil amach.
Níl aon amhras ach go bhfulaingíonn daoine de dhath in Éirinn ciníochas comhfhiosach agus neamh-chomhfhiosach, agus go dtagann a lán den chiníochas sin ó dhaoine nach gcreideann iad fhéin a bheith ciníoch ar chor ar bith.
Is cinnte go mbíonn deacrachtaí go minic ag daoine de dhath a chur ina luí ar dhaoine geala go bhfuil sé seo ag tarlú. Níl aon amhras ach an oiread nach mar a shíltear a bhítear i gcónaí agus uaireanta go dtarlaíonn eachtraí randamacha mí-ámharacha.
Níl a fhios againn cad é a bhí in intinn an oifigigh ghleacaíochta nó na daoine fásta eile thart timpeall uirthi nár chuir a ladar isteach sa scéal. Agus ar shlí amháin is cuma cad a bhí ina hintinn. Bhí an tionchar céanna aici ar an gcailín sin agus ar a teaghlach beag beann ar cad a bhí in intinn an oifigigh.
Ní hé an rud a bhí in intinn an oifigigh is cúis leis an gcuid is mó den phian ach an comhthéacs sóisialta inar tharla sé – an taithí leanúnach atá ag an teaghlach sin agus ag gach duine de dhath in Éirinn ar chiníochas comhfhiosach nó neamh-chomhfhiosach. Dá mbeifí tar éis páiste geal a fhágáil ar lár san eachtra sin bheadh roinnt péine i gceist ach ní bheadh sé fiú gar do bheith chomh dona sa chomhthéacs eile.
Is féidir na rudaí seo ar fad a bheith fíor ag an am céanna. 1. Fulaingíonn daoine de dhath in Éirinn ciníochas leanúnach córasach. 2. Go minic níl daoine geala ábalta é seo a fheiceáil agus déantar gás-soilsiú ar dhaoine de dhath faoin gciníochas atá á bhfulaingt acu. 3. Anois is arís tarlaíonn míthuiscintí mí-ámharacha mbíonn tionchar as cuimse acu ar dhaoine de dhath mar gheall go bhfuil 1 agus 2 fíor.
Dá mba choir an rud atá curtha i leith an oifigigh ghleacaíochta sin agus dá mbeinn ar ghiúiré, ní fhéadfainn, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, í a chiontú thar amhras réasúnta.
Ach nuair a bhreathnaíonn tú ar an mórphictiúr tá patrún ann go dtarlaíonn eachtraí den chineál seo níos minice do dhaoine de dhath ná mar a tharlaíonn don chuid eile againn. Is bealach chun an fhadhb chórasach sin a sheachaint ceap milleáin a dhéanamh den oifigeach i lár na conspóide seo nó fiú de dhaoine san eagraíocht ghleacaíochta nár phléigh go maith leis an eachtra ina dhiaidh sin. Bíonn sé caoithiúil don tromlach geal a shamhlú gur mionlach de dhrochdhaoine is cúis leis an bhfadhb ar fad.
Fágann sé sin gur féidir linn an locht a chur orthusan as an gciníochas ar fad sa tsochaí agus nach gá dúinn ceisteanna míchompordacha a chur orainn féin.
jpmorley0@gmail.com
Léigh an litir a scrígh an t-oifigeach ina ngabhann sí ‘a pardún’ leis an gcailín agus lena tuismitheoirí. Cheap sí go raibh bonn bronnta aici ar an ngearrchaile sin ‘ina hintinn féin’!! Nach furasta dhúinn mar mheatacháin dul i bhfolach inár n-intinn féin nuair a bhímid ag iarraidh éalú ón bhfírinne shearbh, ghránna. Rinneadh éagóir uafásach ar an leanbh sin de bharr dath a craicinn, ag mórócáid oifigiúil, agus táthar fós ag feitheamh le leithscéal poiblí ó Luthchleasaíocht Éireann. Chuir an cailín in aice léi cogar ina cluais …ag tabhairt sóláis éigin di, an ea? Ní fheiceann leanaí óga ‘dath’ ar an gcuma éagórach sin nó go múintear dóibh é. Tá an gortú, an alltacht, an mearthall agus an sceon le sonrú go paiteanta ar aghaidh an linbh óig sin. Tuigeann sí gur cealaíodh í, gur náiríodh í, gur ‘neamhníodh’ í gan chúis. Cén tionchar a bheidh aigesin uirthi amach anseo mar dhuine? Cén díobháil dá féin-mhuinnín, dá féin-íomhá, dá daonnacht? Déantar dí-dhaonnú ar dhaoine ar chúis amháin nó ar chúis eile, nó gan chúis ar bith. Féach an domhan mar atá is mar bhí riamh anall. Úsáideann an t-údar an téarma ‘de dhath’ amhail is nach aon dath é ‘geal’, gurb ionann daoine geala agus daoine gan dath. Neamhdhathú? Ach tá ciníochas i gcoinne daoine geala ann freisin, beir leat é go bhfuil! Ní gá go mbeifeá geal chun bheith id chiníoch, id bhrúid, id “dhrochdhuine”…
Dúirt an Cadhnach é: “Is mar a chéile Muid.”
Pat Butler
Ní dóigh liom gur féidir liom glacadh leis gur trí thimpiste a thárla sé nár bronnadh bonn ar an t-aon chailín nárbh de phór fairsing an chine geal ó dhúchas a sheas sa líne sin an lá úd.
D’fhéadfaí tuaiplis a mhaitheamh do dhuine. Tóg tuaiplis as an áireamh agus tá gach aon ‘chúis, nó leithscéal’ eile glan do-mhaite. Mar a bhíodh i mBéarla ag m’athairse fadó – ‘foc sin mar chluiche saighdiuirí’.