Cheap JFK gur cur amú ama a bhí sa Ghaeilge ach bhí athrú poirt aige

Dúirt Seán Lemass gurbh í tuairim John F Kennedy ‘gur saothar náisiúnta amú’ a bhí in athbheochan na teanga

Cheap JFK gur cur amú ama a bhí sa Ghaeilge ach bhí athrú poirt aige

“A Uachtaráin Uasail. In ainm mhuintir na hÉireann uile agus thar a gceann cuirim céad míle fáilte romhat. Cuireann do theacht go hÉirinn aoibhneas ar chroí gach duine againn agus táimid buíoch díot.”

Nuair a thuirling an tUachtarán Ó Cinnéide i mBaile Átha Cliath an 26 Meitheamh 1963, i nGaeilge a bhí na chéad fhocail a chuala sé agus ba d’aon turas a tharla sin.

Agus é ag iompú ar an mBéarla, mhínigh Uachtarán na hÉireann Éamon de Valera d’Uachtarán na Stát Aontaithe:

‘A Uachtaráin: Cheapas go mba cheart gur inár dteanga dhúchais a bheadh na chéad fhocail fáilte a bheadh agam duit; an teanga a bhí á labhairt ar fud na tíre nuair a bhí do shinsir anseo; an teanga a labhair Cinnéidigh éachtacha Dhál gCais […]; an teanga sin, a Uachtaráin, nár stopadh á labhairt riamh agus le cúnamh Dé a bheidh go luath á labhairt coitianta arís ag ár bpobal.’

An dóchas sin a bhí ag De Valera go mbeadh an Ghaeilge arís mar ghnáth-theanga ag muintir na hÉireann, ní raibh sé ag an Uachtarán Ó Cinnéide, cé go riabh sé ró-dhea-mhúinte é sin a rá leis an seanduine, Uachtarán na hÉireann. Leis an Taoiseach Seán Lemass ba mhó a rinne an Cinnéideach plé ar na cúrsaí polaitíochta is cultúir ba thábhachtaí.

Thug Lemass faoi deara go raibh suim an Chinnéidigh ina dhúchas ag méadú de réir mar a bhí na ceithre lá á gcaitheamh. Chreid an Taoiseach gur athdhearbhaigh an fháilte a cuireadh roimhe sa tír an bród a bhí air as a dhúchas Gaelach. Dúirt Lemass ina dhiaidh sin go raibh “fíorshuim go deo ina shinsir Ghaelacha” ag Uachtarán na Stát Aontaithe.

Bhronn Lemass bunchóip den Chonradh a rinneadh sa 14ú haois idir Iarla Urumhan agus ceann fine na gCinnéideach, an fear céanna ar thagair De Valera dó agus é ag fáiltiú roimh an gCinnéideach ag aerfort Átha Cliath. Sa gConradh céanna sin i Laidin atá an chéad taifead den ainm Ó Cinnéide i stair na tíre seo. Luaitear sa gConradh go rabhthas tagtha ar chomhaontú maidir le dó, creach, marú, agus cionta eile a rinne an dá thaobh agus go raibh Ó Cinnéide sásta a bheith in arm Iarla Urumhan.

Bhí an-spéis ag an Uachtarán Ó Cinnéide sa gcáipéis ársa seo as Éirinn agus bhí sé crochta aige ina dhiaidh sin taobh thiar dá dheasc san Oval Office.

Bhí an-suim go deo ag an gCinnéideach i gcultúr na hÉireann. Phléigh sé filíocht agus litríocht na hÉireann le Sinéad de Valera agus dúirt an Taoiseach Lemass ina dhiaidh sin go raibh an Cinnéideach seasta síoraí ag cur ceisteanna faoi “stair na n-áiteanna éagsúla ina rabhamar” agus iad i bhfochair a chéile ag dul timpeall na tíre.

Dúirt Lemass go raibh an Cinnéideach fiosrach ar bhealach intleachtúil faoin stair agus go raibh an-suim aige sa dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag Éirinn sna 1960idí. Thug Lemass suntas dó “go raibh sé ag cur ceisteanna an t-am ar fad faoi gheilleagar na tíre”.

In agallamh a taifeadadh tar éis bhás an Chinnéidigh, bhí Lemass den tuairim go raibh “tuiscint” ag an gCinnéideach ar chuid de na fadhbanna a bhí ag an Taoiseach agus é ag iarraidh an tír seo a nua-aoisiú.

Bhí an bheirt cheannairí “ar mhalairt aigne ar fad” faoin nGaeilge. Dúirt Lemass gur “easaontaigh an Cinnéideach lenár n-iarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan” agus gurbh í tuairim Uachtarán na Stát Aontaithe “gur saothar náisiúnta amú” a bhí in athbheochan na teanga.

Ní luann staraithe Seán Lemass féin a bheith chomh diongbháilte faoin nGaeilge le de Valera nó Frank Aiken, a bhí an-dílis don athbheochan i rialtais a raibh Lemass páirteach iontu roimhe sin. Ach, cé nach raibh a chuid Gaeilge labhartha ach measartha, bhí dílseacht Lemass don teanga i bhfad níos láidre ná mar a shíltear go minic. Níor aontaigh sé le caint Uachtarán Mheiriceá gur “cur amú ama” a bhí san iarracht an Ghaeilge a chaomhnú agus dúirt sé leis an gCinnéideach gur “cuid thábhachtach den athbheochan náisiúnta” a bhí i gcur chun cinn na teanga.

Mar a bheifeá ag súil leis ó Lemass luaigh sé an ghné eacnamaíochta den chúram. Dúirt sé leis an gCinnéideach go raibh “impleachtaí eacnamaíochta” ag athbheochan na teanga “ach nach eacnamaíocht ar fad a bhí i gceist”.

Chreid Lemass gur spreag an Ghaeilge an náisiúnachas, gur spreag an náisiúnachas féinmheas an náisiúin, agus ansin, gur spreag an féinmheas náisiúnta sin an fhorbairt eacnamaíochta.

D’ainneoin “iarrachtaí éagsúla” a rinne sé féin agus daoine eile, níor éirigh leo dul i bhfeidhm ar an gCinnéideach an turas sin.

Is cosúil gur tháinig athrú intinne ar Uachtarán Mheiriceá faoin nGaeilge tar éis dó dul abhaile. Dúirt sé lena muintir gurbh iad na ceithre lá a chaith sé in Éirinn na laethanta ba shona dá shaol agus bhíodh sé seasta ag taispeáint píosaí scannánaíochta dóibh dá thuras ar thír a shinsear. Cé go ndúirt sé le Lemass gur mí-úsáid ar acmhainní luachmhara a bhí sna hiarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan, bhí suim aige sa teanga. Dhearbhaigh Paul Fay, cara pearsanta le JFK óna seirbhís i gcabhlach Mheiriceá sa Dara Cogadh Mór, an méid sin.

Nuair a toghadh an Cinnéideach ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe, ceapadh Paul Fay ina Fho-Rúnaí ar an gCabhlach agus ba mhinic é ar cuairt ar theach na gCinnéideach in Hyannis Port, an áit ar chaith an tUachtarán a chuid saoire an samhradh deiridh dá shaol. Dúirt Fay go ndéanadh an tUachtarán Ó Cinnéide iarracht beannú i nGaeilge don Ghaeilgeoir a bhí mar fheighlí linbh ag leanaí a dhearthár, Ted. Dá gceapfadh an tUachtarán “nach raibh an fhoghraíocht i gceart aige, d’fhaigheadh sé cúnamh uaithi”.

Deireadh Fómhair 1963 a labhair an Cinnéideach Gaeilge os comhair an tsaoil mhóir, tráth ar thug Seán Lemass cuairt ar an Teach Bán. Thuairisc Marianne Means, an t-aon bhean a bhí ina comhfhreagraí sa Teach Bán agus iriseoir a raibh meas ag an Uachtarán uirthi, “chuir an tUachtarán fáilte roimh an Taoiseach agus ba léir go raibh lúcháir air agus é ag magadh agus ag triail beagán den Ghaeilge atá foghlamtha aige le déanaí”. 

Ba é an Cinnéideach a mhol Marianne Means don phost le Seirbhísí Nuachta Hearst agus ba mhinic a thugadh an tUachtarán eolas eisiach di agus dúirt sise gur “chleacht” JFK a chuid Gaeilge an mhaidin sin ar a chomhairleoir speisialta Dave Powers. Bhí dúchas láidir ag Powers le Corcaigh. Ba as An Róidín i mBaile Chaisleáin Bhéarra a athair, John Powers agus ba de mhuintir Uaithne as Ardráth san Oileán Mór i mBéarra a mháthair, Catherine.

Léachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath é an Dr Brian Murphy. Tá an leabhar nua-fhoilsithe, The Kennedy Legacy, Ireland and America, arbh é féin agus Donnacha Ó Beacháin na comheagarthóirí ar fáil anois ó Merrion Press. Bronnfar dleachta údair uile an leabhair ar Ospidéal Pobail Ros Mhic Thriúin

Fág freagra ar 'Cheap JFK gur cur amú ama a bhí sa Ghaeilge ach bhí athrú poirt aige'

  • S. Mac Muirí

    Is buíoch do bhocht beagán. Nach mór an faoiseamh don slua abhus nár lorg sé saoránacht na 26 co. ar fhoirm Ghaeilge le linn a thurais! Ní raibh Oifig ná Feidhmeannach Teangadh ar an bhfód ag am le cur ar a shúile dó go mba fánach an obair í.