Ceo seaca agus sioc go gaineamh rua anocht

Rabhadh aimsire - ceo seaca agus sioc go gaineamh rua anocht

Ceo seaca agus sioc go gaineamh rua anocht

Pictiur: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

Beidh sé an-fhuar anocht agus sioc agus oighear forleathan.

Beidh sé tirim agus an spéir glan sa gcuid is mó den tír cé go mbeidh corrmhúr clocha sneachta, flichshneachta agus b’fhéidir sneachta sa taobh thoir den tír agus san oirdheisceart.

Beidh sé ag sioc go gaineamh rua anocht agus an teocht chomh híseal le -1 nó fiú -7 céim in áiteanna.

I gConnachta agus in Ulaidh is fuaire a bheidh sé agus d’fhéadfadh sé a bheith níos fuaire fós sna bólaí sin a bhuíochas don leoithne luaineach aduaidh a bheidh ag séideadh ansin agus beidh an-bhaol ceo seaca in áiteanna ann.

Ní ghlanfaidh an sioc, an t-oighear ná an ceo seaca in áiteanna amárach in aon chor. Seachas múraíl gheimhriúil in oirthear chúige Laighean beidh sé tirim sa gcuid is mó den tír ach an leoithne luaineach aduaidh a bheidh againn agus gan an teocht ach idir céim amháin agus 4 céim i rith an lae.

Fanfaidh an teocht ag an reophointe nó faoi i gcuid den iarthar agus lár tíre. Éireoidh sé níos scamallaí san iarthuaisceart le teacht an tráthnóna agus táthar ag tuar go mbeidh sé ina bháisteach i gConnachta agus in iarthar chúige Uladh faoi thráthnóna.

Aon duine a bhfuil cead bóthair acu faoi shrianta an Covid-19, níor mhór dóibh a bheith an-chúramach agus iad ag taisteal mar tá flichshneachta agus sneachta á thuar lár tíre agus sa tuaisceart ón oíche amárach amach. Agus an teocht idir -3 agus 2 chéim, beidh paistí seaca ar na bóithre agus ceo seaca in áiteanna.

Fuar feanntach a bheidh an chuid eile den tseachtain seo agus an teocht go maith faoi bhun an mheáin agus sioc crua agus oighear fairsing. Ardóidh an teocht ag an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar 'Ceo seaca agus sioc go gaineamh rua anocht'

  • Mairead Ni Nuadhain

    Nach fileata an réamhfhaisnéis é sin!