Cén uair a scríobh tú litir go deireanach?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá cumha ar ár gcolúnaí i ndiaidh an ama a dtagadh fear an phoist uair amháin sa lá agus nuair nárbh ann do thiceanna a bhféadfadh dath gorm a theacht orthu 

Cén uair a scríobh tú litir go deireanach?

Bhí mé ag iarraidh cuimhneamh, nuair a chuaigh WhatsApp, Instagram agus Facebook den aer Dé Luain seo caite, cén uair dheireanach a scríobh mé litir.

Theip orm. Bhí sé rófhada ó shin. Ach rith sé liom go raibh tráth ann nuair ba ghnách liom dhá nó trí litir a scríobh sa lá.

25 bliain ó shin, bhí cónaí orm i mBaile na Coiribe, ionad lóistín do mhic léinn, ag iarraidh mo chuid féin a dhéanamh den Ghaeilge ag Ollscoil na Gaillimhe. An táillefón timpeall an chúinne as an áireamh, litreacha an t-aon bhealach amháin a bhí agam chun coinneáil i dteagmháil le mo mhuintir agus le mo chairde i mo thír dhúchais, an Ísiltír.

Chuile thráthnóna, shuínn síos ag mo dheasc le mo pheann tobair, ag déanamh cur síos ar eachtraí an lae i lámhscríbhneoireacht a thosaíodh amach go néata ach a d’éiríodh níos míshlachtmhaire de réir mar a líon mé na leathanaigh. (Bhí orm a bheith cúramach gan dul thar cheithre leathanach nó bheadh stampa níos daoire de dhíth.)

Bhí rud éigin iontach suaimhneach faoin gcumarsáid sin. Ní thagadh fear an phoist ach uair amháin sa lá. Mura bhfaighfeá freagra ar litir lá amháin, d’fhéadfá dearmad a dhéanamh ar an gceist go dtí an lá dár gcionn. Ní raibh a leithéid ann agus ‘tic’ a bhféadfadh dath gorm a theacht air (ná, go deimhin, fón póca a d’fhéadfá a phiocadh suas gach re nóiméad.)

Ach bhí athrú mór ar an saol nuair a d’fhill mé ar Ollscoil na Gaillimhe an bhliain ina dhiaidh sin chun tabhairt faoin Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach. Bhí cuntas ríomhphoist ag gach éinne faoin am sin. Bhí fón póca ag duine nó beirt. Bhí litreacha fós á gcur (bhí sé deacair duilleog chrainn thriomaithe, nóta deich bpunt nó fobhríste úsáidte a chur tríd an ríomhphost) ach ba i laghad a bhí a líon ag dul.

Feictear dom gur chloígh daoine le leagan amach na litreach ar feadh tamall de bhlianta agus teachtaireachtaí ríomhphoist á gcur acu. Bhí tús, lár agus deireadh ag baint leo; thugtaí aird ar pharagraif agus ar phoncaíocht. Ach de réir a chéile, agus méara agus súile ag éirí níos cleachta ar theachtaireachtaí gairide a d’fhéadfaí a thaispeáint ar scáileán guthán póca, d’imigh an scil agus go deimhin an ealaín a bhain le scríbhneoireacht litreacha i léig.

Go deo, feictear dom; smidiríní déanta dár n-aigne, a bhíodh eagraithe agus suaimhneach tráth, ag an gcineál aipeanna a d’imigh den aer Dé Luain seo a chuaigh thart. Fiú amháin teachtaireachtaí ríomhphoist a rachaidh thar dhá nó trí líne, ní bhíonn fonn orm a thuilleadh suí síos agus tabhairt fúthu.

Bhí an colún seo nach mór scríofa faoin am ar chuimhnigh mé, sa deireadh, ar an litir dheireanach a scríobh mé: iarracht a bhí inti na mothúcháin atá agam d’fhear a bhfuil caidreamh casta agam leis le blianta anuas a chur in iúl dó. Níor sheol mé riamh í; tá sí ina luí i dtarraiceán rúnda i mo vardrús le ceithre bliana anuas.

Ina ionad sin, bím ag piocadh suas mo ghutháin gach re nóiméad, féachaint ar thug an fear sin freagra ar mo theachtaireacht dheireanach go fóill, nó, ar a laghad ar bith, an bhfuil dath gorm tar éis teacht, faoi dheireadh, ar an dá thic in aice le mo theachtaireacht dheireanach féin.

Fág freagra ar 'Cén uair a scríobh tú litir go deireanach?'