Cén tairbhe a bhainfidh earnáil litríochta na Gaeilge as Mastodon?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá borradh mór faoin líonra sóisialta Mastodon, ach bíonn fáilte fhuar roimh an bhfógraíocht ar an ardán céanna. Cá bhfágann sé sin lucht na leabhar?

Cén tairbhe a bhainfidh earnáil litríochta na Gaeilge as Mastodon?

Ach oiread le mórán scríbhneoirí, iriseoirí, colúnaithe agus tráchtairí eile ar fud na cruinne, shamhlóinn, chaith mé cuid mhór den tseachtain seo a chuaigh thart ag iarraidh teacht ar fhreagra ar an gceist seo: cén chaoi ar féidir liom tairbhe a bhaint as an líonra sóisialta nua seo a bhfuil ráchairt mhór mhillteach air faoi láthair, Mastodon?

Níorbh fhada nó gur tháinig mé ar an tuiscint go raibh an cheist mhícheart á cur agam orm féin.

Ní ardán é Mastodon a cruthaíodh d’fhonn ‘tairbhe a bhaint as’.

Le blianta fada anuas, tá nós agam féin, ag go leor scríbhneoirí eile, agus ar ndóigh ag foilsitheoirí agus ag siopaí leabhar ár gcuid earraí a chur i láthair an phobail ar líonraí sóisialta ar nós Twitter, Facebook agus Instagram.

Thóg muid brandaí pearsanta láidre.

Léirigh muid ár dtuairimí faoi seo, siúd agus eile, chroch muid suas grianghraif mhealltacha, léim muid isteach i gcomhráite nár bhain linn d’fhonn aird a tharraingt orainn féin agus luaigh muid ár gcuid leabhar gach seans dá bhfuair muid.

Tá neart Gael bogtha go dtí Mastodon, mise ina measc

Ghlac muid leis go gcuirfeadh algartam uilechumhachtach ár gcuid fógraíochta os comhair a thuilleadh is a thuilleadh leantóirí – agus ghlac muid leis go mbeadh glacadh ag ár gcuid leantóirí leis an gcóras sin.

Ach léirigh an ollimirce go Mastodon le seachtain go leith anuas nach bhfuil, a thuilleadh.

Ar Mastodon, feictear dom, breathnaítear go hamhrasach ar aon rud a mbíonn blas na fógraíochta nó na brandála pearsanta le brath air. Go deimhin tá cosc scun scan ar fhógraíocht ar fhreastalaithe Mastodon áirithe (ach níl ar an bhfreastalaí Éireannach Mastodon.ie).

Cá bhfágann sé sin an scríbhneoir bocht, an foilsitheoir beag nó an siopa a bhíonn ag brath ar na meáin shóisialta chun leabhar a chur i mbéal an phobail?

Níl fás suntasach tar éis teacht ar Mastodon ach le seachtain go leith anuas agus seans go bhfuil sé róluath chun an cheist sin a fhreagairt i gceart.

Ach braithim go bhfuil cuid den fhreagra le fáil sna ‘tútanna’ ag @ansiopaleabhar ar Mastodon; is ea, sin é An Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair, an chéad cheann de na gnóthaí móra in earnáil na litríochta Gaeilge a chláraigh cuntas ar an líonra sóisialta nua.

Sna postálacha sin, téann @ansiopaleabhar i mbun comhrá le pobal Mastodon. ‘Cén leabhar is mó is cuimhin leat ó laethanta d’óige?’ a fhiafraíonn An Siopa de na mastodaoine. Agus: ‘Cad é an leabhar is cáiliúla nár thaitin leat?’ (The Discomfort of Evening le Marieke Lucas Rijneveld, a d’fhreagair mé féin ar an bpointe boise.)

Ar ndóigh tá eolas faoin siopa ar fáil ar leathanach próifíle an chuntais agus bíonn tagairt nó dhó do tháirgí ar an amlíne.

Ach idirghníomhú seachas seó bóthair a dhéanamh díot féin d’fhonn leabhar nó dhó a dhíol – nach mór an faoiseamh é?

Fág freagra ar 'Cén tairbhe a bhainfidh earnáil litríochta na Gaeilge as Mastodon?'