Tá neart Gael bogtha go dtí Mastodon, mise ina measc

Fad is a bhí mórchuid Gael ag an Oireachtas, bhog mórchuid ‘Twitter na hÉireann’ go Mastodon.ie. Bhí ár gcolúnaí (agus neart Gael nach raibh ag an Oireachtas) ina measc.

Tá neart Gael bogtha go dtí Mastodon, mise ina measc

Tharla dhá imirce mhóra in Éirinn le seachtain anuas.

Imirce bhliantúil na nGael go Cill Airne, ar ndóigh. Ceann digiteach a bhí san imirce eile.

Thug ‘Twitter na hÉireann’ aghaidh ar Mastodon.ie.

Mastodon, a deir tú?

Déarfaidh mise seo leat: mura raibh tú sa Gleneagle an tseachtain seo a chuaigh thart agus gan tú tagtha chugat féin go hiomlán fós, tá tú i do chónaí faoi chloch!

Ó cheannaigh Elon Musk Twitter, ó bhris sé na mílte duine as a gcuid postanna, ó d’fhógair sé go mbeidh $8 sa mhí ar tic gorm feasta agus ós léir don dall go mbeidh greim níos láidre fós ag an eite fhíordheas ar an líonra sóisialta sin, tá na céadta míle duine ar fud an domhain tar éis bailiú leo go Mastodon, líonra sóisialta a bunaíodh sa Ghearmáin sa bhliain 2016 agus a bhfuil fás ollmhór air le seachtain anuas.

Oíche Shamhna, nuair a chláraigh mise cuntas ar Mastodon.ie, bhí 468 úsáideoir ann romham.

Seachtain níos déanaí agus an t-alt seo á scríobh agam tá breis agus 10,500 úsáideoir cláraithe agus tá neart Gaeilge le cloisteáil ann, ó leithéidí @Aonghusoha, @ansiopaleabhar, @AntainMac, @ciaraioch, @unaminhkavanagh, @sean_cathal, @miseaine, @kscanne agus ó dhaoine eile nach iad.

Buille an bháis do ‘Twitter na hÉireann’, seans, nuair a chláraigh intéirneach TG4 cuntas ar Mastodon.ie.

Tá go maith a deir tú, bhí rás Twitter rite dáiríre, ach céard atá chomh maith sin faoin Mastodon seo?

Bhí mé féin ar an gcaoi sin freisin.

An rud deireanach a theastaigh uaim dáiríre ná cuntas ar líonra sóisialta nua.

Ach an chéad rud eile bhí ‘subh déanta as caora an draighin mhara’ á plé agam le @aonghusoha agus le @meabha as Tír Chonaill – duine nár casadh orm riamh roimhe sin san fhíorshaol, ná sa saol fíorúil – agus bhí oideas do thae déanta as craiceann anainn a chroch mé féin suas á roinnt go tréan.

An rud is fearr faoi Mastodon le hais Twitter, dar liom féin, ná nach bhfuil algartam uilechumhachtach i gceannas ar an rud.

Tú féin agus tú féin amháin a chuireann d’amlíne i dtoll a chéile.

Chuir mé ceist ar Ghaeil Mastodon.ie céard é an rud is fearr leo féin faoin ardán nua agus seo roinnt de na freagraí a fuair mé:

‘Cosúil le Pop-up Gaeltacht!’ a dúirt @SiobhainGrogan.

‘Cha mhothaím go bhfuil mé ag doomscrolláil gach uair a fhosclaím an aip,’ a dúirt @gdonyos.

‘Níl fógraí ann agus tá an pobal níos cairdiúla’ a deir @beroid, agus níorbh eisean amháin a thug suntas do mheon dearfach Mastodon.ie.

‘I bhfad níos cairdiúla ná Twitter agus, mar sin, tá mé compordach an post seo a scríobh i nGaeilge cé nach bhfuil Gaeilge líofa agam,’ a dúirt @liamdv4.

‘Is maith liom go bhfuil tús áite ag an gcomhrá agus nach bhfuil béim chomh mór ar likes agus lucht leanúna a chnuasach,’ a deir @anduinedeas, a thug suntas freisin don chaoi a scriostar ‘tútanna’ (sin é a thugtar ar tvuíteanna ar Mastodon) go huathoibríoch tar éis coicíse. ‘Is maith liom gur féidir leis a bheith cosúil le comhrá san fhíorshaol agus gan chuile fhocal fánach uainn a bheith sna sála orainn go brách.’

‘Is maith liom gur ar thacaíocht na mastodaoine atá Mastodon.ie ag brath agus tá deontas beag míosúil socraithe agam dá réir,’ a dúirt @aonghusoha, agus téarma do phobal Mastodon.ie in úsáid aige a tháinig chun cinn i bpobalbhreith a eagraíodh ag an deireadh seachtaine agus a bhfuil glacadh leis ag lucht Gaeilge agus ag lucht Béarla an ardáin araon.

‘Tá sé cosúil leis an gcéad lá ar scoil,’ a dúirt @reallynahreilly, agus pointe maith aige ansin.

Dá chosúla é le Twitter ar bhealaí áirithe, ní hionann cur chuige an dá ardán ar chor ar bith.

An difear is mó idir Mastodon ar thaobh amháin agus leithéidí Twitter, Facebook agus Instagram ar an taobh eile ná gur líonra sóisialta feidearálach dílárnaithe atá in Mastodon.

Líonra sóisialta feidearálach dílárnaithe, a deir tú?

Fan liom.

Cearnóg ollmhór amháin atá in Twitter, cearnóg ollmhór a mbíonn chuile dhuine ar chlár na cruinne ag scairteadh trína chéile ann agus nach gcloiseann mórán daoine a chéile a thuilleadh de bharr go mbíonn chuile dhuine ag béicíl agus ag bagairt.

Gréasán cearnóga beaga atá in Mastodon.

Mastodon.ie ar cheann de na cearnóga sin, ach tá lear mór freastalaithe (nó ‘áscanna’, sin an téarma oifigiúil) eile sa chruinne chónaidhmeach (‘fediverse’, a déarfadh fear an Bhéarla!) darb ainm Mastodon: cuid acu réigiúnda, cuid acu dírithe ar réimse saoil nó ar theanga ar leith.

Is féidir le duine cuntas a chruthú ar cheann de na freastalaithe sin agus páirt a ghlacadh tríd an gcuntas sin i gcomhráite ar fhreastalaithe eile, leis.

Ach is féidir leat cuntais a chlárú ar oiread freastalaithe agus is mian leat: tá cuntas agam féin faoi láthair ar Mastodon.ie ar a mbím ag tútáil i nGaeilge agus i mBéarla, ceann eile ar Mastodon.nl ar a mbím ag tútáil i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, agus ceann eile arís ar Masto.pt don Phortaingéilis, teanga na tíre ina bhfuil cónaí orm, an Bhrasaíl.

Réiteach a bhí sna trí chuntais éagsúla sin ar fhadhb a bhí agam i gcónaí ar Twitter: nach mbíodh mo chuid tvuíteanna i nGaeilge, in Ísiltíris agus i bPortaingéilis intuigthe do chéatadán suntasach de mo chuid leantóirí ar an ardán sin.

Casta?

Seans.

An gearán is coitianta faoi Mastodon ná nach bhfuil sé simplí.

Tógfaidh sé roinnt laethanta ort dul i gcleachtadh air, ach is gearr go mbeidh tú gafa, is baolach: bhí ardú 172 faoin gcéad ar an am a chaith mise ag breathnú ar mo chuid scáileán an tseachtain seo caite, dar leis an aip sin ar mo chuid gléasanna Apple a dhéanann spíodóireacht ar an úsáid a bhainim astu.

Tá pobal bríomhar Gaeilge ar Mastodon.ie cheana féin, ach tá cuid mhór de na meáin, de na foilsitheoirí agus de na heagraíochtaí in easnamh fós.

Bhí leithscéal acu sin ar ndóigh ó tharla an imirce ó Twitter go Mastodon ag an am céanna agus a tharla an tOireachtas i gCill Airne, ach anois agus an phóit curtha díobh acu …

Fág freagra ar 'Tá neart Gael bogtha go dtí Mastodon, mise ina measc'