‘Cén fáth nach mbíonn aon Ghaeilge ag na dochtúirí, Mamaí?’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Oscailt súl cheart dár gcolúnaí ba ea an scrúdú dochtúra a cuireadh ar an gCailín Mór Beag le déanaí

doctor-1149149_1920

Chroch an dochtúir suas cárta mór ar a raibh pictiúr de lacha agus d’iarr i mBéarla ar an gCailín Mór Beag a rá céard a bhí ann. Istigh ag scrúdú súl a bhí muid san ionad sláinte poiblí.

‘Lacha,’ a dúirt sí. Bhreathnaigh an dochtúir anonn orm agus ba léir go raibh ceist aici.

That’s the Irish for duck,’ a mhínigh mé.

Chroch an dochtúir suas pictiúr eile, ceann a bhí rud beag níos lú. ‘Teach,’ a dúirt an Cailín Mór Beag agus ansin stop sí agus chuimhnigh uirthi fhéin ar feadh meandair agus dúirt, ‘House, small house.’

Lean an scrúdú ar aghaidh. Théis scaithimh thaispeáin an dochtúir pictiúr beag d’iasc di. D’fhan an Cailín Mór Beag ina tost.

D’fhiafraigh an dochtúir di céard a bhí ann. ‘Iasc!’ a bhéic an Babaí amach ón gcampa a bhí déanta aige istigh faoi bhord an dochtúra. ‘Can you tell me what this picture is?’ a d’fhiafraigh an dochtúir arís di. ‘My brother say it,’ a dúirt sí go stadach. Dúradh linn a theacht ar ais arís théis cúpla lá.

‘Cén fáth nach mbíonn aon Ghaeilge ag na dochtúirí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus muid ar an mbealach abhaile. ‘Tá Gaeilge ag cuid acu, ach níl aon traenáil leighis curtha ar fáil i nGaeilge dóibh,’ a dúirt mé léi.

Chuaigh muid ar ais chuig an ionad sláinte maidin Dé Sathairn is bhí an áit pacáilte. Shuigh muid síos ag fanacht. Théis scaithimh thit an Cailín Mór Beag ina codladh i mo ghabháil.

Glaodh isteach orainn théis trí huaire an chloig. Dhúisigh mé í agus shiúil muid isteach i seomra mór agus na soilse íslithe ann. Chonaic muid an dochtúir i gcoirnéal an tseomra agus a trealamh leagtha amach aici. Bhí an áit ciúin seachas monabhar an tslua a bhí cruinnithe sa bpasáiste ag fanacht. Shuigh an Cailín Mór Beag síos dá scrúdú agus í fós leath ina codladh.

Look at my nose,’ a dúirt an dochtúir léi agus solas beag á scalladh aici isteach ina súile. Níor chorraigh an Cailín Mór Beag.

‘Féach mo srón,’ a dúirt an dochtúir léi.  Bhreathnaigh sí anonn i dtreo an taobh eile den tseomra san áit nach raibh dochtúir ná srón.

Good girl, féach mo srón,’ a dúirt an dochtúir arís agus leag sí méar ar a srón. Chas an Cailín Mór Beag a ceann go mall agus mearbhall suain uirthi. Shín sí a lámh amach i dtreo shrón an dochtúra agus, gan choinne, bhain pinse as.

Fág freagra ar '‘Cén fáth nach mbíonn aon Ghaeilge ag na dochtúirí, Mamaí?’'

  • Mise Áine

    Bhain d’alt gáire asam, mar is iondúil, a Bhridget. ?

    An méid sin ráite a’m, is mór an trua é go bhfuil a laghad sin daoine le Gaeilge acu le fáil sna seirbhísí poiblí…níl sé féaráilte…

  • Paula Nic Cionnaith

    Chuir d’alt díomá mór orm. Seanscéal agus meirg air atá sa tuairisc seo.
    Is cosúil nach bhfuil tada athraithe le 18 mbl déag anuas. Dóibh siúd a deireann liom go bhfuil rudaí teanga feasatithe le déanaí, deirm leo nach bhfuil. Ní le haghaidh cainteoirí dúchais ar aon nós.
    Bhí cúrsaí chomh dona céanna leis seo 18 mbl o shin.

    Is cuimhin liom go maith gur thug mé mo chuid páisti chuig an bhfiaclóir den chéad uair.
    Dúras leo nach mbeadh ann ach ‘seiceáil’. Go mbeadh an fiaclóir ag iarraidh breathnú isteach ina mbéal go bhfeice sí a gcuid fiacla. Agus gan aon imní a bheith orthu.
    Dúirt an fiaclóir go raibh Gaeilge aici.
    Bhí go maith, ní raibh go holc.

    Chuamar ann. Shuigh m’iníon isteach sa chathaoir mhór. D’oscail sí a béal.
    ‘Ahhh’, a dúirt an fiaclóir. ‘Tá siad ar fad ag teacht amach!’
    Scanntriagh m’iníon.
    Cheap sí go raibh an fiaclóir ag dul chuile fhiacail a bhí aici a tharraingt.
    Sin an chiall a bhain sí as caint an fhiaclóra.

    Is é a bhí i gceist ag an bhfiaclóir, is cosúil, ná go raibh fiacla m’iníne ar fad ag fás go maith – ag briseadh tríd na gumaí agus ag fás leo.

    Ní shin an chiall a bhain m’iníon as an méid a dúirt sí, faraor.

    Tá sí i dteiripe ó shin.

    Dóibh siúd a deireann go mba cheart dom faighde a bheith agam leis an bhfiaclóir. Deirim leo mo chuid billí teiripeoir a íoc dom.

  • Fearghus

    Is feidir modúl Gaeilge a dhéanamh anois sa dara bhliain den chúrsa leighis I nGaillimh!

  • Bríd Ní Fhatharta

    Níor cheart go mbeadh ionadh ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge ag na dochtúirí mar go gcuirtear bac ar mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge an scrúdú iontrála do na cúrsaí leighis sna hOllscoileanna – Ollscoil na hÉireann, Gaillimh san áireamh- a dhéanamh ina dteanga féin, an Ghaeilge. Tá leithcheal á dhéanamh ar lucht labhartha na Gaeilge ach níl aon díospóireacht ar siúl faoi seo, faraor.