Ceisteanna le freagairt ag na foirne i ngeansaithe bána

An bhfuil an baol ann go bhfuil rud éigin bunoscionn i dTír Eoghain agus go mbeidh Cill Dara ag imirt i gCorn Tailteann. Agus cad faoi Mhuineachán? 

Ceisteanna le freagairt ag na foirne i ngeansaithe bána

Darragh Canavan le Enda Hession. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Fonn a níos fiach ach cad a tharlaíonn nuair atá a mhalairt i gceist? Tá dhá fhoireann i ngeansaithe bána, Cill Dara agus Tír Eoghain, agus ba dhóigh leat ó bheith ag faire orthu le cúpla seachtain anuas, ná fuil an fonn a luaití leo tráth acu níos mó. 

An féidir leo teacht ar an bhfonn sin in imeacht seachtaine? Beidh an seana-namhaid, Ciarraí, ag dul ó thuaidh go dtí an Ómaigh Dé Domhnaigh agus beidh Cill Dara ag tabhairt aghaidh ar chontae Lú in Áth Fhirdhia. 

Is léir ó ghothaí agus ó chaint Jack Uí Chonchúir tar éis a mbua ar Ard Mhacha gur éilíodh speach de shórt éigin ar imreoirí Chiarraí ag eascairt as a dtaispeántas neamhanamúil in aghaidh Mhaigh Eo. “Taispeántas ab ea é ná féadfaí glacadh leis agus bhí a fhios ag na himreoirí é sin,” a dúirt O’Connor tar éis a mbua in aghaidh Ard Mhacha i dTrá Lí. 

Cad a d’athraigh in imeacht seachtaine? Ní dócha gur deineadh aon diantraenáil ach níl ag teastáil babhtaí ach athrú meoin agus tagann an taispeántas dá réir. Ag eascairt as a ngéilleadh in aghaidh Mhaigh Eo, tá Tír Eoghain sa chan céanna is a bhí Ciarraí an tseachtain seo caite agus b’fhéidir go dtiocfadh rud éigin fónta as an scrúdú anama a leanfaidh. 

Muna dtiocfaidh, beidh a fhios againn siúráilte go bhfuil rud éigin bunoscionn i dTír Eoghain nó go bhfuilid ag teip. 

Cad fé Chill Dara, más ea? Cheapas, agus cheap scata eile im’ theannta, go raibh rudaí maithe i ndán dóibh le ceapadh Glenn Ryan, Anthony Rainbow, Johnny Doyle agus Dermot Earley mar chriú bainistíochta. Tá lucht leanúna Chill Dara, lucht leanúna atá aitheanta leis an nguagacht an lá is fearr a bhíodar, ag éirí ana-bhuartha faoin dtráth seo. Bhí a dtaispeántas aige baile in aghaidh Dhoire Dé Domhnaigh chomh leachta de thaispeántas is a facthas le tamall uathu agus muna mbuann siad ar an Lú in Áth Fhirdhia ní chuirfinn as an áireamh go mbeidís ag imirt i gCorn Tailteann sa tsamhradh. 

Táid ar an dtaobh céanna den dtarrac i gcraobh Laighean is atá Áth Cliath agus is beag seans dá réir go sroichfidh siad an cluiche ceannais sa chúige. Leagann san níos mó béime ná riamh ar fheachtas maith sraithe ach dá ráineodh go dtarlódh rudaí áirithe – d’fhéadfadh Cill Dara críochnú sa séú háit i Roinn 2 na sraithe agus d’fhéadfadh fós ná beidís san iomaíocht do Chorn Sam Mhig Uidhir i mbliana. Is deacair san a shamhlú ach bhí a fhios go maith ag an saol Fódhlach leis an nasc idir sraith agus craobh i mbliana gur mó rud a d’fhéadfadh a thitim amach a fhágfadh foirne maithe i gCorn Tailteann. Ní mór do Chill Dara a bheith aireach mar seachas teacht aniar iontach in aghaidh chontae an Chláir coicíos ó shin, níl aon tréith nochta go fóill acu agus tá amhras anois ann an bhfuil an mianach iontu. 

Bhíos i gCill Airne trí seachtaine ó shin ag faire ar Chiarraí ag dul i ngleic le dream eile i ngeansaithe bána, Muineachán, agus taibhsíodh dom an uair úd ná fanfaidís i Roinn 1 i mbliana. Tá mianach siar go heireaball in imreoirí Mhuineacháin agus, léiriú air sin an tslí go n-éiríonn leo fanacht slán in uachtar sraithe bliain i ndiaidh bliana. 

Chailleadar le haon phointe dhéag an lá úd i gCill Airne agus bhí Ard Mhacha tar éis buachtaint aige baile orthu sa chéad bhabhta. Is cosúil, áfach, tar éis a mbuanna ar Dhún na nGall agus ar Ros Comáin le seachtain anuas go bhfuil an taoide casta agus go mb’fhéidir go ndéanfaidís an bheart arís i mbliana. D’éirigh le naonúr imreoirí éagsúla scór a aimsiú in aghaidh Ros Comáin agus bhí an dála céanna in aghaidh Dhún na nGall acu; dea-chomharthaí i gcónaí. Nuair a fhéachann tú, áfach, ar an dtrí chluiche atá fágtha acu – Gaillimh as baile i mBóthar na Trá, Tír Eoghain i gCluain Eois agus Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh – is ríshoiléir ná tiocfaidh aon ní go neafaiseach chucu an uair seo. 

Beidh a ndóthain cúraim orthu fanacht inti i mbliana. 

Tá fanacht inti agus fanacht inti ann. Mo ghraidhin iad peileadóirí bochta Phort Láirge. Trua cheart is ea iad faoin dtráth seo ach is trua gan tarrtháil í. Don dara bliain as a chéile, táid ar ancaire in íochtar Roinn 4 na sraithe agus gan oiread is cluiche amháin buaite acu. Is é an bua a bhí ar a gcomharsain Loch Garman i mBealtaine 2021 an bua deireanach a bhí acu idir shraith agus chraobh agus beidh siad i Roinn 4 arís an bhliain seo chughainn don 14ú bliain as a chéile. Dúirt cathaoirleach CLG Phort Láirge, Seán Michael O’Regan, ag comhdháil bhliantúil na bliana seo caite go raibh an pheil idirchontae i bPort Láirge ana-mhór ann as agus go raibh gá le hathruithe agus cruacheisteanna i saol na peile dá mba aon ní cóir a bheadh i ndán di. 

Tá sé ráite le seachtain anuas ag bainisteoir na foirne contae, Ephie Fitzgerald, go bhfuil gá le hathbhreithniú ó bhonn aníos ar chúrsaí peile sa chontae ach go gcaithfeadh tacaíocht na bhfochumann a bheith ag aon athbhreithniú a dhéanfaí. Tá leath a phainéil caillte ón mbliain seo caite ag Fitzgerald agus, dála contaetha eile sa chomharsanacht, is leis an iománaíocht atá lé na n-imreoirí agus is tríthi agus léi agus inti a cruthaítear agus a fhíoraítear aislingí. Snámh in aghaidh easa, má bhí a leithéid riamh ann, is ea a bheith id’ pheileadóir sna Déise. 

Táid ag suncáil go tapaidh ach muna dtosnaíonn siad ag fógairt is ag béicigh, ní thiocfaidh aoinne i gcabhair orthu agus ní tharrthálfar iad.        

Fág freagra ar 'Ceisteanna le freagairt ag na foirne i ngeansaithe bána'