Ceist na tithíochta – níl ‘Mair a chapaill agus gheobhair féar’ sách maith níos mó

Is féidir a bheith cinnte go mbeidh tithíocht ar an ábhar is mó a bheidh ag déanamh tinnis don phobal i bhfómhar na bliana seo chugainn freisin má mhaireann an rialtas an fhad sin

Ceist na tithíochta – níl ‘Mair a chapaill agus gheobhair féar’ sách maith níos mó

Tá na cosa tugtha leo ag an rialtas don dara babhta le seachtain le cabhair ó theachtaí neamhspleácha.

Ba léir nach raibh fonn ar aon dream tabhairt faoin toghchánaíocht ag an tráth seo fiú má tá tromlach an rialtais ídithe agus go leor Teachtaí Dála nach bhfuil aon mhuinín acu as a gcur chuige i leith tithíochta.

Ní mórán sóláis an méid sin don dream a gheobhaidh fógra díshealbhaithe ón lá amárach ar aghaidh agus a bheidh ag cur a gcuid ainmneacha le liosta na ndaoine gan dídean.

Níl ‘Mair a chapaill agus gheobhair féar’ sách maith mar fhreagra níos mó.

Murab ionann agus go leor sa tír creidim go bhfuil an rialtas ag déanamh a ndíchill aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo. Níl ag éirí leo. Sin scéal eile. Sin oidhreacht na mbotún a deineadh leis na scórtha de bhlianta nuair a fágadh soláthar tithíochta faoin margadh tráchtála.

Is mithid a rá go bhfuil an rud céanna ag tarlú ón am sna hochtóidí gur dúnadh na mílte leaba in ospidéil na tíre le dul i ngleic le fadhbanna airgeadais. Rinneadh ciorruithe tubaisteacha san earnáil oideachais ag an am freisin a d’fhág go bhfuil scoileanna fós sa lá atá inniu ann lonnaithe i seanfhoirgnimh lochtacha a dteastaíonn obair mhór athchóirithe uathu.

Stopadh freisin ag déanamh aon obair thógála ag leibhéal na n-údarás áitiúil ar mhaithe le hairgead a shábháil.

Tuigeann muid ar fad nach féidir a bheith ag caitheamh airgid gan srian. Tá chuile theaghlach sa tír ag déanamh a ndíchill teacht leis an méid atá acu. Tuigeann na teaghlaigh chéanna go bhfuil bunriachtanais againn agus gur orthu sin a chaitear an t-airgead atá ar fáil. Ní bhíonn na cinntí éasca ach tugtar aghaidh orthu agus má bhíonn caiteachas suntasach le déanamh ar aon rud sa teach, déantar iarracht é a dhéanamh taobh istigh de na laincisí a bhíonn orainn.

Nach aisteach i rith na mblianta nach bhfuil a leithéid follasach do pholaiteoirí. I leaba a bheith críonna caitear airgead gan srian nuair a bhíonn sé ar fáil agus gearrtar seirbhísí agus acmhainní bunúsacha nuair a bhíonn an t-airgead gann.

Tá sé os cionn dhá bhliain anois ó bhí olltoghchán againn. Bhí tithíocht ar an ábhar ba mhó a tharraing díospóireacht le linn an fheachtais sin. Thuig na polaiteoirí go raibh fadhb ann. Cén fáth nár thug siad aghaidh ar an bhfadhb láithreach. Ní féidir an milleán ar fad a chur ar Covid-19, cé gur chruthaigh sé deacrachtaí.

Tá an fhadhb níos measa anois ná mar a bhí ag an tráth sin. Is féidir a bheith cinnte go mbeidh tithíocht ar an ábhar is mó a bheidh ag déanamh tinnis don phobal i bhfómhar na bliana seo chugainn freisin má mhaireann an rialtas an fhad sin. Le cúnamh Dé beidh freagra níos dearfaí ná ‘Táimid ag déanamh ár ndíchill’ le fáil ó na polaiteoirí ag an tráth sin.

Fág freagra ar 'Ceist na tithíochta – níl ‘Mair a chapaill agus gheobhair féar’ sách maith níos mó'