Céim dochtúra oinigh bronnta ar Chathal Goan ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá ceannasaí bunaidh TG4 i measc 11 duine a dhein gaisce a bhfuil céim oinigh á mbronnadh orthu ag searmanais bronnta céimeanna an gheimhridh san ollscoil

Céim dochtúra oinigh bronnta ar Chathal Goan ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bhronn OÉ Gaillimh céim dochtúra sa Litríocht honoris causa ar Chathal Goan, an craoltóir, iriseoir, eagarthóir agus iarArd-Stiúrthóir RTÉ inniu. Tá Cathal in éineacht lena ghariníon Iseult sa phictiúr seo. Pictiúr: Aengus McMahon

Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céim dochtúra oinigh inniu ar dhuine de mhórchraoltóirí na Gaeilge, Cathal Goan.

Bhí Cathal Goan, craoltóir iriseoir agus eagarthóir as Béal Feirste, ina cheannasaí bunaidh ar TG4 agus iar-ardstiúrthóir ar RTÉ chomh maith é.

Tá sé i measc 11 duine a dhein gaisce i réimsí éagsúla a bhfuil céim oinigh á mbronnadh orthu ag searmanais bronnta céimeanna an gheimhridh san ollscoil.

Bronnfaidh OÉG Dé Céadaoin seo chugainn céim oinigh ar dhuine eile de mhórchraoltóirí na Gaeilge, Breandán Feiritéar as Dún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Rugadh Cathal Goan, ar bronnadh Céim Dochtúra sa Litríocht honoris causa air, i mBéal Feirste sa bhliain 1954 agus is ann a fuair sé a chuid oideachais.

D’fhreastail sé ina dhiaidh ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach in 1975. 

Bhronn OÉ Gaillimh céim dochtúra sa Litríocht honoris causa ar Chathal Goan, an craoltóir, iriseoir, eagarthóir agus iarArd-Stiúrthóir RTÉ inniu. Tá Cathal in éineacht le hUachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, agus Dónall Ó Braonáin, OÉ Gaillimh, sa phictiúr seo. Pictiúr: Aengus McMahon

Thug sé seal ag obair ansin i Roinn an Bhéaloidis Éireann in COBÁC agus chaith sé roinnt blianta ina Oifigeach Logainmneacha sa Choimisiún Logainmneacha sular bhog sé go dtí RTÉ.

Mar chartlannaí a thosaigh sé sa stáisiún ach fuair sé post tar éis tamaill mar léiritheoir raidió ar chláir laethúla amhail Day by Day le John Bowman, Today at Five agus The Pat Kenny Show.

I 1988 chuaigh sé le cúrsaí RTÉ  ina léiritheoir ar an gclár mór cúrsaí reatha Today Tonight, agus ar Cúrsaí, an clár laethúil irise Gaeilge aitheanta. I 1990 cuireadh i bhfeighil é ar chláir Ghaeilge RTÉ go léir.

In 1994, ceapadh é ina chéad Cheannasaí ar Theilifís na Gaeilge agus bhí ról mór aige i mbunú agus i múnlú an stáisiúin nua a chuaigh i mbun craolta Oíche Shamhna 1996.

Sa bhliain 2000 d’fhill sé ar RTÉ mar Stiúrthóir Bainistíochta Teilifíse agus in 2003 ceapadh ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ é, post a bhí aige nó gur éirigh sé as in 2011.

Bhí sé ina bhall ar roinnt bord poiblí, agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Chartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann agus ar Chompántas Drámaíochta an Druid i nGaillimh.  Bhí sé ina chomhalta ar cuairt ar feadh trí bliana in Institiúid Keough-Naughton don Léann Éireannach agus in Ollscoil Notre Dame agus cheap an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath é ina ollamh cúnta i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh go raibh “an t-ádh” air Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céimithe oinigh den scoth a bheith aici ach gur cinnte gur “grúpa ar leith iad céimithe oinigh na bliana seo”.

Fág freagra ar 'Céim dochtúra oinigh bronnta ar Chathal Goan ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'