Bronnfaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céimeanna oinigh an mhí seo ar bheirt de mhórchraoltóirí na Gaeilge, Cathal Goan agus Breandán Feiritéar.
Beidh an bheirt chraoltóirí i measc 11 duine a dhein gaisce i réimsí éagsúla a mbronnfar céim oinigh orthu ag searmanais bronnta céimeanna an gheimhridh san ollscoil.
Bhí Cathal Goan, craoltóir iriseoir agus eagarthóir as Béal Feirste, ina cheannasaí bunaidh ar TG4 agus iar-ardstiúrthóir ar RTÉ chomh maith é.
Bhí Breandán Feiritéar, as Dún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, ar fhoireann bhunaithe Raidió na Gaeltachta i 1972 agus thug sé tréimhse ina cheannaire ar an stáisiún ina dhiaidh sin. Tá cáil air chomh maith mar léiritheoir cláracha teilifíse agus scannán.
Ar na daoine eile a bhronnfar céimeanna oinigh orthu tá Séamus O’Grady, iar-oideachasóir; Shelly McNamara agus Yvonne Farrell, stiúrthóirí Grafton Architechts; Orla Guerin comhfhreagraí idirnáisiúnta leis an BBC; Mary Gordon, uachtarán Roots of Empathy; Paul Farrell, bainisteoir le IBM; Nuala Ward, gníomhaí LGBT+; Fergus Finlay, iar-phríómhfheidhmeannach ar Barnardos; agus John Ging, stiúrthóir rannáin sna Náisiúin Aontaithe.
Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh go raibh “an t-ádh” le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céimithe oinigh den scoth a bheith aici ach gur cinnte gur “grúpa ar leith iad céimithe oinigh na bliana seo”.
“Tá a c(h)ion féin déanta ag gach céimí oinigh daoibh i réimsí éagsúla maidir le hoideachas aosach agus leanúnach; cearta leanaí, iriseoireacht agus craoltóireacht; fiontraíocht shóisialta idirnáisiúnta; taighde, forbairt agus nuálaíocht; gníomhaíochas don athrú sóisialta; cion don tsochaí, cearta an duine agus ár bhFórsaí Cosanta.
“Is cúis áthais dúinn anseo in OÉ Gaillimh an deis a bheith againn aitheantas a thabhairt do na daoine den scoth seo.”
Fág freagra ar 'Céimeanna oinigh le bronnadh ar bheirt de mhórchraoltóirí na Gaeilge'