Tá ráite ag an aontachtóir agus gníomhaí teanga aitheanta Linda Ervine go bhféadfadh Acht Gaeilge a bheith ina “chéim chun tosaigh” i bhforbairt Thuaisceart Éireann.
Ag scríobh di ar an suíomh nuachta Slugger O’Toole, dúirt Ervine atá ina hoifigeach forbartha Gaeilge le Misean Oirthear Bhéal Feirste, go gcreideann sí “go láidir” gur chun leas an Tuaiscirt a bheadh sé Acht Gaeilge a thabhairt isteach.
“Dá mbeadh tacaíocht traspháirtí ann d’Acht [Gaeilge], rud nárbh fhéidir fiú é a shamhlú ní rófhada ó shin, céim chun tosaigh dochreidte a bheadh ann san aistear fada seo,” a dúirt Ervine.
Chuir Ervine fáilte roimh fhógra cheannaire an DUP Arlene Foster go raibh fúithi bualadh le lucht na Gaeilge ó thuaidh chun tuiscint níos fearr a fháil ar an teanga agus ar chultúr na teanga.
Dúirt sé go bhféadfadh gur chun leas earnáil na Gaeilge agus an DUP araon a bheadh cinneadh Foster.
“Mar dhuine ón bpobal aontachtach, nach raibh, dála Arlene Foster, mórán cur amach agam ar an teanga go dtí le gairid, mholfainn di bualadh leis an oiread grúpaí agus is féidir agus tuilleadh eolais a fháil faoi na teangacha Gaelacha a labhraítear in Éirinn, in Albain agus ar Oileán Mhanann,” a dúirt Ervine.
Tá roinnt moltaí freisin ag bunaitheoir an Chláir Ghaeilge Turas ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda maidir leis an turas teanga atá beartaithe ag ceannaire an DUP.
Dúirt Ervine go dtabharfadh sí Foster ar cuairt chuig Cumann Chluain Árd, an t-ionad Gaeilge cáiliúil in iarthar Bhéal Feirste, chuig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar bhóthar na bhFál agus chuig Scoil an Droichid, scoil lán-Ghaeilge i ndeisceart na cathrach.
“Tá súil agam go maolóidh na fiosruithe atá á ndéanamh ag Arlene’s Foster [faoin nGaeilge] ar an imní atá ar dhaoine gur bagairt an Ghaeilge, nó pobal na Gaeilge, don aontachtas.”
Dúirt sí gur chun leas na heacnamaíochta a bheadh sé dá ndéanfaí tuilleadh infheistíochta in earnáil na Gaeilge agus go gcuirfeadh a leithéid le “seasmhacht” Thuaisceart Éireann.
‘Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an stair le blianta beaga anuas chun go dtuigfeá go bhfuil Tuaisceart Éireann ag éirí níos uileghabhálaí mar shochaí de réir mar atá teorainneacha an easaontais, a bhí fréamhaithe go domhain, ag dul i léig de réir a chéile,’ a dúirt Ervine