Cearta oibrithe atá gan Ghaeilge an bac is mó roimh dhualgas nua a leagan ar an Stát sa Ghaeltacht

Tá Roinn na Gaeltachta buartha go bhféadfaí fadhbanna móra a chruthú i dtaobh cearta oibrithe stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht cheana féin dá ngeallfaí go gcuirfí gach seirbhís ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta

Cearta oibrithe atá gan Ghaeilge an bac is mó roimh dhualgas nua a leagan ar an Stát sa Ghaeltacht

Cearta oibrithe stáit atá gan Ghaeilge an bac is mó atá ar dhualgas láidir a leagan ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Sin é an t-adhmad a bhí le baint as cruinniú a bhí le deireanaí ag Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta le hAire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agus oifigigh ó Roinn na Gaeltachta.

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill agus ag daoine eile gur ceann de na laigí is mó atá ar an mbille teanga nua nach bhfuil aon fhoráil dhíreach ann a chinnteodh go mbeadh teacht ag muintir na Gaeltachta ar sheirbhísí ón stát ina dteanga féin.

Ach tá Roinn na Gaeltachta buartha go gcruthódh a leithéid d’fhoráil fadhbanna móra i dtaobh cearta oibrithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht cheana féin ach nach bhfuil aon Ghaeilge acu.

Tuigtear do Tuairisc.ie gurb í seo an chúis is mó gan aon spriocdháta a bheith luaite lena bhfuil geallta faoin nGaeltacht sa mbille teanga agus le gan dualgas níos láidre a bheith luaite ann.

Dar le státseirbhísigh na Roinne, ní fhéadfaí aon gheallúint chinnte ná spriocdháta a thabhairt faoi cathain a bheadh Gaeilge ag gach duine a chuireann seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht nuair atá daoine ag obair cheana ann nach bhfuil an teanga acu.

Dar le lucht na Roinne, chaithfí fáil amach ar dtús cén líon oibrithe stáit atá ag obair sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge acu agus cén fhad atá fágtha ag na daoine sin ina bpostanna.

Tá sé i gceist tabhairt faoin eolas sin a fháil mar chuid den phlean náisiúnta earcaíochta atá le hullmhú. Faoin mbille nua bhunófaí Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge taobh istigh de shé mhí d’achtú an bhille chun tacú leis an obair seo. Bheadh ar an gcoiste sin an Plean Náisiúnta a ullmhú laistigh de dhá bhliain.

Tá an Roinn buartha, mar shampla, faoi na himpleachtaí a bheadh ag foráil níos láidre don Ghaeltacht do thiománaí bus a bheadh ag obair ar bhealach Gaeltachta ach gan aon Ghaeilge aige. 

Creidtear chomh maith go mbeadh fadhb ar leith ag baint le teorainneacha na Gaeltachta mar atá, ó tharla go bhfuil ceantair áirithe sa Ghaeltacht oifigiúil nach raibh an Ghaeilge ina teanga phobail iontu le fada an lá.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie go raibh comhairle dlí faighte acu faoi na himpleachtaí a bhainfeadh le foráil dhíreach don Ghaeltacht a chur sa bhille agus go raibh na moltaí a bhí bunaithe ar an gcomhairle sin curtha ar aghaidh go dtí an Roinn acu.

“Níl aon cheist ach go bhfuil bealaí le teacht timpeall ar na ceisteanna seo sa reachtaíocht gan cur isteach ar oibrithe agus tá súil againn go mbeidh an tAire sásta scagadh a dhéanamh ar na moltaí atá déanta againn,” a dúirt de Spáinn.

Bhí cás na Gaeltachta sa bhille nua agus cearta teanga phobal na Gaeltachta ar cheann de na hábhair is mó a tharraing caint ó thosaigh plé Choiste Oireachtais na Gaeilge ar an reachtaíocht sa Dáil an mhí seo caite.

Tá an Coimisinéir Teanga, polaiteoirí an fhreasúra, Conradh na Gaeilge, eagraíochtaí pobail agus saineolaithe teanga ag éileamh go gcuirfí foráil dhíreach sa bhille a chuirfeadh ceangal láidir ar an stát freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Ag an gcruinniú a bhí acu leis an Aire Stáit Chambers an mhí seo, léirigh na hOifigigh Pleanála Teanga an “imní ollmhór” atá orthu go gcuirfear ar ceal na hiarrachtaí ar fad atá á ndéanamh acu féin agus ag na pobail Ghaeltachta chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm mura gcomhlíonfaidh na heagraíochtaí stáit a ndualgais i leith phobal na Gaeltachta ó thaobh na teanga de – gach seirbhís a bheith ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Iarradh go gcuirfí foráil dhíreach isteach sa bhille teanga ina mbeadh sé sonraithe go soiléir go bhfuil dualgas ar na heagraíochtaí stáit gach seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht faoin mbliain 2025.

Deir na hOifigigh Pleanála Teanga go bhfuil siad “go mór in amhras” go leigheasfaidh an moladh i dtaobh an Phlean Náisiúnta an fhadhb atá ann faoi láthair agus go leanfar leis “an sárú atá á dhéanamh go hoscailte ar chearta mhuintir na Gaeltachta in ionad aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo a réiteach”. 

Sa bhille mar atá, d’fhéadfadh sé a bheith i gceist go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí a chur san áireamh aon tionchar a bheadh ag aon seirbhís nó polasaí dá gcuid ar an teanga sa Ghaeltach. Luaitear chomh maith go bhféadfaí ‘amscála’ a thabhairt isteach faoina bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina “teanga oibre” in oifigí poiblí sa Ghaeltacht. 

Fág freagra ar 'Cearta oibrithe atá gan Ghaeilge an bac is mó roimh dhualgas nua a leagan ar an Stát sa Ghaeltacht'

  • Seán Ó S.

    Ní hamháin oibrithe stáit ach gach éinne acu san a thagann ‘on Ghaeltacht is gan faic acu ach Béarla agus gan aon fhocal Gaelainne foghlaimthe acu tréis 5 bliana inár measc. Cheart iad san a chur ag sodar leo féin abhaile leis.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Creidtear chomh maith go mbeadh fadhb ar leith ag baint le teorainneacha na Gaeltachta mar atá, ó tharla go bhfuil ceantair áirithe sa Ghaeltacht oifigiúil nach raibh an Ghaeilge ina teanga phobail iontu le fada an lá.” Sách ráite.

    Go dtí go réiteofar an fhadhb áirithe sin faoi na teorannacha oifigiúla beidh sé an deacair rialacha a leagan síos faoi cúrsaí teangan sa Ghaeltacht. Smaoinigh go bhfuil níos mó daoine ina gcónaí taobh istigh de theorannacha na Gaeltachta i gCathair na Gaillimhe ná mar atá i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile! Sin an fáth go bhfuil sé riachtanach Acht na Gaeltachta 2012 a leasú le gur féidir rialacháin a dhéanamh don státchóras faoi Ghaeilge a usáid sa Ghaeltacht.

  • S. Mac Muirí

    Díthreabhaigh bhochta an Bhéarla. Caithfear a bheith sostach sa nGaeltacht in urraim a gceart siadsan. Tuigim má thuigim.
    Siocair gháire ó Dhia chugainn in Éirinn anchaoi.

  • Donncha Eile

    Beidh an fadhb céanna in Údarás na Gaeltachta gan mhoill, mura bhfuil cheana féin. Cé mhéid duine fostaithe acu le cúpla bliain nach bhfuil Gaeilge líofa acu? Ach nuair atá an post fáighte ní féidir aon rud a dhéanamh faoi.

  • Ois Sull

    “ó tharla go bhfuil ceantair áirithe sa Ghaeltacht oifigiúil nach raibh an Ghaeilge ina teanga phobail iontu le fada an lá.”

    Bhí daoine á rá le blianta anuas go raibh athrú ag teastáil ag na teorainneacha sin, agus anois is issue é!

    Samhlaígí cé chomh crap is a bheas an ‘Plean náisiúnta’ sin muna bhféadfaidís seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar na ceantair beag bídeach ina mhaireann an teanga mar theanga phobail.