Céard sa diabhal iad ‘na cóngais bhuanfasacha seo’ a mbeimid ag vótáil fúthu? 

Shíl mé nach mbíonn buanfasach ach an chloch ghlas nó cadhnraí, trealamh is feistí a mbíonn an-seasamh iontu agus gur deacair iad a chaitheamh

Céard sa diabhal iad ‘na cóngais bhuanfasacha seo’ a mbeimid ag vótáil fúthu? 

In Airteagal 41.1.1 ̊ “Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.”

Tá an t-athrú atá beartaithe ar Airteagal 41.1. 1°curtha i gcló trom: In Airteagal 41.1.1 ̊ “Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach, bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile, is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.”

Nuair a thosaigh daoine ag caint faoi na cóngais bhuanfasacha thug mé fhéin m’aghaidh ar na foclóirí mar gur shíl mé nach mbíonn buanfasach ach an chloch ghlas nó cadhnraí, trealamh is feistí a mbíonn an-seasamh iontu agus gur deacair iad a chaitheamh.

Ní chuidíonn an séimhiú sin atá á chaitheamh isteach sa lár leis an tsoiléire cé go mbeadh an ‘f’ sin ciúin agam fhéin.

Focal é buannaíocht a bhí ar bharr mo ghoib agam go hóg agus ní mar mholadh é mar gur thuig mé uaidh go raibh muineál ag baint leis. ‘Bailigh leat agus ná bí ag déanamh buannaíocht ar mo chuid éadaigh, mo chuid foighde.’ Comharsa a bheadh róchunórach nó ró-amplach ar gharraí nó teallach s’againne is maith sciobtha a déarfaí ‘cé a thug buannaíocht dósan ar an teach seo?’

Scaití duine muinteartha a bheadh ag cur comhairle do leasa orm, ach ag buannaíocht orm an breithiúnas a bheadh againne ar an gcunórtas sin nár thaitnigh linn.

Sa seanchas bhíodh buannaíocht ag gabháil do na Fianna agus na saighdiúirí. Ba mhór é m’iontas agus mé ag púitseáil sna foclóirí go bhfuil ciall an phailitéara leis an bhfocal freisin [suiteoir ag Foclóir BG].

Cá bhfágann sé seo na ‘cóngais bhuanfasacha’? An mbeidh dlíodóirí ag éileamh cearta pailitéireachta do chóngas nó caidreamh agus dlíodóirí an leathbhádóra ag maíomh gur buannúil nó dána an mhaise don chéile buannaíocht a lorg sa teaghlach ná buanadas a shamhlú leis an díomuaine?

An amhlaidh gur ceapadh an leasú bunreachta i mBéarla agus gur fágadh faoi na haistritheoirí foclaíocht Ghaeilge a chur air do dhream nár thuig scraitheacha glugair is cathracha gríobháin theanga ársa na nGael?

Ab bu búna! Tá mé i mo bhaileabhair aige!

Fág freagra ar 'Céard sa diabhal iad ‘na cóngais bhuanfasacha seo’ a mbeimid ag vótáil fúthu? '

  • Pól Ó Braoin

    Is féidir ciall ar bith a bhaint as “cóngas buanfasach”. Beidh sé ina thranglam uilig sna cuairteanna. An chraic is an spórt a bheidh ann ag plé lena leithéid de ráiméis chéanna focal. Níl againn ach an bunreacht s’againne agus ná déanaimis rud neamhchinnte de in ainm Dé… Tug aire don chlann ach déan i gceart é!

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Buanfas’ = buancas nó buanchas.
    Bíonn buanchas i saghasanna áirithe móna mar shampla. ‘Seasamh’ nó ‘buan(t)seasamh’ is ea é. Focal atá sa leabhar ‘Cnósach Focal ó Bhaile Bhuirne’ agus focal a bhíodh ag Pádraig Ua Maoileoin, mar atá, ‘buanchas’.
    Focal breá!