Céard is brí leis na gothaí troda i Londain agus sa Bhruiséil?

An bhfuil an Prótacal agus an conradh trádála idir an tAE agus an Ríocht Aontaithe i mbaol a scriosta, nó an é seo an dreas deiridh de chluiche idirbheartaíochta?

Céard is brí leis na gothaí troda i Londain agus sa Bhruiséil?

Gothaí troda ar Maroš Šefčovič, ar Simon Coveney, fiú amháin ar Mhicheál Martin, agus ar bhallstáit Eorpacha eile, tar éis míonna de sháraíocht agus milleánú ón mBreatain faoin bPrótacal iarBhreatimeachta.

Is cosúil go bhfuil an tAontas Eorpach éirithe chomh hionsaitheach leis an Tiarna Frost, aire Breatimeachta Boris Johnson.

Anseo i dTuaisceart Éireann tá buíon bheag dílseoirí ag iarraidh an lasair a chur sa bharrach ar na sráideanna in ainneoin achainíocha na bpáirtithe aontachtacha go mbeadh an feachtas frithPhrótacail síochánta; ní léir go bhfuil na dílseoirí sin ag éisteacht.  D’ainneoin pobalbhreitheanna agus ráitis lucht gnó a léiríonn nach bhfuil móramh in éadan an Phrótacail, níl aon leisce ar an Tiarna Frost leas a bhaint as reitric an DUP agus míshuaimhneas i measc pharaimíleataigh dhílseacha mar thaca lena chás.

Céard is brí leis an ráig choimhlinte seo? An bhfuil an Prótacal agus an conradh trádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i mbaol a scriosta? Nó an é seo an dreas deiridh de chluiche idirbheartaíochta? An bhfuil an dá thaobh ag cur cos i dtaca mar thaispeántas nirt sula ndéanfar comhghéilleadh?

Go dtí seo ba chosúil go raibh an tAontas Eorpach réchúiseach faoi fholáirimh an Aire Frost go rithfí Airteagal 16 den Phrótacal iarBhreataimeachta i mbliana mura ndéanfadh an tAE rud air. Thairg Maroš Šefčovič leasuithe an mhí seo caite thar ceann an AE ach maíonn David Frost nach leor iad in aon chor. An Prótacal a chur ar ceal agus tabhairt faoi idirbheartaíocht as an nua a d’éiligh sé ina pháipéar ceannais i mí Iúil agus ba é sin an scéal fós nuair a bhuail Frost agus Šefčovič le chéile Dé hAoine seo caite.

Is léir ó Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, go gcreideann an tAE gurb é rún na Breataine leas a bhaint as Airteagal 16 den bPrótacal chun lear mór coinníollacha a chur ar ceal seachas cúpla rud a bhí ag cothú deacrachtaí.

Ba é tuiscint an AE go bhféadfadh an dá thaobh leas ‘teicniúil’ a bhaint as Airteagal 16 chun coinníoll conspóideach a chur ar fionraí gan dochar mór a dhéanamh fad is a phléifí leigheas. Bhain buaileam sciath na hEorpa ag deireadh na seachtaine leis an mbarúil gurb é a bhí á bhagairt ag David Frost go gcaithfí i dtraipisí an Prótacal ar fad, nó an chuid is mó de.

An é cinneadh tomhaiste an Phríomh-Aire Johnson agus a aire neamhthofa, an Tiarna Frost, gur féidir leo conradh a shínigh siad a thréigean gan drochiarmhairt? I bhfianaise na tuairisce an tseachtain seo caite go raibh siad sa tóir ar chomhairleoirí dlí chun a gcosaint ar úsáid Airteagal 16 a ullmhú, ar mheas siad go bhféadfaidís na socruithe faoin bPrótacal a chaitheamh i leataobh fad is a bheadh cásanna cúirte fadálacha ar siúl?

Arb é a mbreithiúnas go mbeadh an tAE éagumasach, agus má ba é, ar bhain caint Maroš Šefčovič faoi dhrochthoradh siar astu, gan trácht ar fhainic Simon Coveney nach mbeadh conradh trádála acu d’éagmais an Phrótacail? An bhfuil a intinn déanta suas ag Boris Johnson, fear a athraíonn a aigne deich n-uaire sa lá dar lena iarchomhairleoir, nó an fíor dóibh sin a deir go mbaineann sé leas as gothaí troda in aghaidh an AE chun aird a bhaint de mhíchumas a rialtais? I bhfianaise na praisí a rinne sé den scannal is deireanaí agus cás Owen Paterson, níl ag éirí rómhaith leis an atreorú.

An bhfuil Johnson sásta go mbeidh a rialtas in ann margadh a dhéanamh le tíortha eile nuair atá a Aire Breatimeachta ag fógairt nach nglacann siad le ceangal dlí an Phrótacail mar go raibh siad ‘lag’ nuair a d’aontaigh siad é? Rialtas a bheidh ag rá go bhfuil sé inmhuiníne is é ag iarraidh margaí nua má thiteann trádáil leis an AE as a chéile?

Ar an taobh eile, céard atá ar intinn ag an AE? Cad é an sine qua non? Cé is moite den phraiseach a rinne an Coimisiún nuair a bhagair sé Airteagal 16 a chur i bhfeidhm i dtaca le conspóid faoin vacsaín AstraZeneca an raibh sé ró-réchúiseach faoi iompar na Ríochta Aontaithe maidir le conradh dlíthiúil idirnáisiúnta? An bhfuil sé dáiríre go ngabhfadh sé sa seans le Breatimeacht gan mhargadh agus na ciallachais a bhaineann leis sin? Chomh maith leis na deacrachtaí trádála faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO) céard a dhéanfaí faoi Éirinn?

An féidir teorainn chrua a sheachaint? Cén ceannas atá ag an AE ar an gcinniúint sin?  Conas a tharla sé go bhfuil baol mór ann go mbeimid ag filleadh ar na cruacheisteanna a chráigh sinn ón 23 Meitheamh 2016 nuair a vótáil móramh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag don Bhreatimeacht?

Fág freagra ar 'Céard is brí leis na gothaí troda i Londain agus sa Bhruiséil?'