Céard a cheapfadh an Haicléara de Chonamara an lae inniu?

Tá 150 bliain ó scríobh Patrick Lyden, Gaeilgeoir ó dhúchas as an gClochán, ‘An Haicléara Mánas’, scéal ar thángthas air le déanaí

Céard a cheapfadh an Haicléara de Chonamara an lae inniu?

‘Meas tú céard a déarfadh an Haicléara dá mbeadh sé anseo inniu?’ Duine éigin san slua a bhí ag léiriú drámatúil an scéil An Haicléara Mánas in Amharclann Theach an Stáisiúin sa gClochán an lá cheana a chuir an cheist.

Nó céard iad na focla a chuirfeadh Patrick Lyden i mbéal an Haicléara?

Ba é An Haicléara Mánas bun agus barr an scéil – finscéal géimiúil faoi fhear óg as Dúiche Sheoigheach a raibh athrú saoil uaidh agus a chroch a chuid seolta go hIorras Fhlannáin. Ní athrú saoil an-mhór a bhí ann – beagán achair siar ón gClochán i gConamara atá Iorras Fhlannáin.

Is iontach mar a thángthas ar an gcáipéis seo sna Státaí. Scríobh Patrick Lyden an scéal i nGaeilge ina chloigeann agus in aibítir an Bhéarla i bhfoclaíocht nach raibh brí ná bunús léi – nó sin a ceapadh. Ach d’éirigh leis an Ollamh Nancy Stenson, saineolaí ar an nGaeilge, brí a bhaint as an téacs neamhghnách seo. Rinne sise aistriúchán go Gaeilge ar an bhfoghraíocht Bhéarla.

Bheadh sé 150 bliain ó scríobh Patrick Lyden, Gaeilgeoir ó dhúchas as an gClochán, an scéal seo sna Stáit Aontaithe. Bhí an scéal a scríobh sé á léiriú ina bhaile dúchais den chéad uair an lá cheana mar chuid d’Fhéile Ealaíon an Chlocháin.

B’n an chéad uair ar tugadh chun cuimhne an scéal agus an t-údar i gConamara.

Rugadh Patrick Lyden in 1832 agus bhásaigh sé i Meiriceá i 1939.

Meas tú céard a déarfadh Patrick Lyden dá bhféadfadh sé a bheith anseo inniu? No céard a déarfadh an Haicléara, an phearsa a cruthaíodh sa scéal?

Rud amháin a thabharfadh sé faoi deara ar aon nós ná go dtáinig lagan an-mhór ar an nGaeilge seachas mar a bhí sí sa gceantar sin agus eisean ag éirí aníos ina fhear óg. Sin cosamar 170 bliain ó shin.

Tagadh muid 70 bliain chun cinn ansin go dtí na 1920idí. Meas tú céard a déarfadh Patrick Kelly as an gCaiseal dá mbeadh amharc aigesean ar Chonamara inniu?

Níl a fhios againn go barainneach an ndearna an Haicléara – nó a mhacasamhail – aon domhainmhachnamh ar an saol. Ach, tá a fhios againn go ndeachaigh Patrick Kelly go bun an údair mar ab fhachtas dósan é. File agus scríbhneoir a bhí ann agus beidh leabhar dá chuid filíochta dá sheoladh ar an gCaiseal faoi cheann coicíse. ‘Bard Chonamara’ nó ‘The Bard of Connemara’ a thugaidís ar Patrick.

In 1879 a rugadh é agus shéalaigh sé i 1940. Ba anoir ar Tigh Srathra i Ros Comáin a tháinig a mhuintir – beirt mhúinteoirí – agus Patrick ina pháiste. Chaith na tuismitheoirí a saol ag múineadh i Scoil Náisiúnta an Chaisil, san áit a bhfuil an tIonad Pobail agus oifig an Chomhair Chreidmheasa anois. Bhí cónaí ar an teaghlach i mbaile fearainn ar a dtugtar Leitheanach atá taobh istigh de theorainneacha na Gaeltachta.

Níl dabht ach go raibh lorg na Gaeilge láidir go maith i Leitheanach le linn óige Patrick Kelly. Sin rud a d’athraigh le himeacht na mblianta. Níl aon chuntas ann gur scríobh an Ceallach filíocht Ghaeilge ar bith ná gur scríobh sé focal ar bith a foilsíodh i nGaeilge. Ach scríobh sé cuid mhaith i mBéarla agus tá bailiúchán den ábhar sin coinnithe in Ollscoil Kansas sna Stáit Aontaithe.

Bhí Patrick Kelly lonnaithe i mBaile Átha Cliath sa státseirbhís ach choinnigh sé a shúil ar Chonamara. Mar shampla amháin, foilsíodh alt dá chuid sa bhfoilseachán The Dublin Magazine sna 1920idí faoin teideal ‘Connemara: Good or Bad’.

Bhuail sé ar an speireach é sa gcéad abairt: “It seems to me that emigration is the strongest and most constant law of Connemara. It was born of the conditions of the far past; it exists by virtue of the strange and terrible love of America.”

Níor ghéill sé don bharúil go raibh uaigneas uafásach éigin ag baint leis an imirce (cé nach n-aontódh go leor leis sin). B’fhacthas dó san go mba é leas na ndaoine óga imeacht agus gan bhuíochas don uaigneas go raibh na tuismitheoirí sásta go mbeadh saol níos fearr ag a gclann. B’fhacthas dó go bhféadfaí tionscal i bhfad níos láidre a bhunú ar na scoileanna cróiseála i gCarna agus i gCloch na Rón san am sin ach margaíocht cheart a dhéanamh orthu.

Ach an oiread le ceird an línéadaigh a raibh an haicléara ag plé leis, is fada na scoileanna cróiseála imithe anois. Bhí an Ceallach beagán diomuach le muintir Chonamara agus na hÉireann trí chéile san am mar nach raibh críoch rathúil á cur ar bheartais san am, dar leis. Arsa seisean san alt 100 bliain ó shin: “We are an emotional people; perhaps even neurotic.”

Níl a fhios againn an mar sin a bheadh an leagan amach ar an saol ag Patrick Kelly dá bhfeicfeadh sé Conamara inniu. Tá Patrick Lyden agus Patrick Kelly ar shlí na fírinne le fada an lá. Níl haicléara ar bith sa taobh tíre seo anois.

An fear a chruthaigh an haicléara agus an fear a chuir an cheist ‘Connemara: Good or Bad?’, céard a cheapfadh siad in 2023?

Tá €75 milliún i dtaisce ag pobal Chonamara sa dá chraobh den Chomhar Creidmheasa sa gceantar; sin airgead atá curtha de leataobh ag teaghlaigh na háite. Ní bhacann lucht gnó mórán le Comhair Chreidmheasa. Scéal iontach agus scéal dochreidte é seo do dhaoine a chonaic saol eile i gConamara.

Ach i dtús na scoilbhliana seo níl oiread agus naíonán amháin tagtha isteach i mbunscoileanna Chill Chiaráin ná an Ghoirt Mhóir (Ros Muc) i gConamara. Níl ach 21 dalta ar an rolla i Scoil Chloch na Rón san áit a mbíodh os cionn 100 gasúr cúpla glúin ó shin.

Pé ar bith caoi a scríobhfar scéal Chonamara in 2023, beidh sé chomh deacair céanna brí a bhaint as le scéal Mhánais an Haicléara.

Fág freagra ar 'Céard a cheapfadh an Haicléara de Chonamara an lae inniu?'

  • Siar Amach

    An Ghaeilge atáthar a labhairt i gConamara faoi láthair is é a samhail Béarla an Chaisil is Ghabhla 50 bliain ó shin ach gur Béal-ra atáthar a labhairt inniu agus gur Gael-ra a labhraíodh an dream eile.