Céad slán libh Tim Robinson agus Mairéad, muide atá buíoch as bhur n-oidhreacht luachmhar

Ba mhór an chomaoin a chuir Tim Robinson ar dhaoine ar fud an domhain ar fad ar mór acu an timpeallacht agus an nádúr

Céad slán libh Tim Robinson agus Mairéad, muide atá buíoch as bhur n-oidhreacht luachmhar

An triúr laochra: Liam Mac Con Iomaire, Tim Robinson agus Joe Steve Ó Neachtain ag seoladh an leabhair Camchuairt Chonamara Theas in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta, An Cheathrú Rua, in 2006. D'imigh an triúr ar Shlí na Fírinne le bliain anuas. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Faraor sciob an víreas damanta sin Tim Robinson uainn. Ba é an feall é go deimhin. Is mór an chomaoin a chuir sé ar mhuintir Chonamara, ar mhuintir Árann agus ar mhuintir Chontae an Chláir. Sea agus ar dhaoine ar fud an domhain ar fad ar mór acu an timpeallacht agus an nádúr.

Coicís roimhe sin a cailleadh a bhean chéile, Mairéad, ‘M’ mar a thugadh sé uirthi go ceanúil ina chuid scríbhinní. Ba mhaith an cúl taca aige í i gcónaí.

Is minic a dúradh faoi dhuine cáiliúil eicínt gur chuir sé nó sí ceantar ar an mapa. Is cinnte go ndearna Tim Robinson é go beacht críochnúil leis na ceantair thuasluaite.

Bhí aithne mhaith ag na daoine air agus é ag taisteal ina measc ar a rothar. ‘Fear na mapaí’ a thugaidís air.

Ach oiread leis an dream a bhailigh béaloideas ón gcosmhuintir fadó bhí bealach séimh cairdiúil aige leis an eolas a mhealladh uathu.

Níorbh iontas ar bith b’fhéidir go raibh an bua sin ag leithéidí Shéamais Ennis agus Liaim Mhic Coisdealbha mar gur Éireannaigh a bhí iontu siúd a raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu ón tús.

Ach i Yorkshire Shasana a rugadh Tim.

D’fhoghlaim sé an oiread Gaeilge is go raibh sé in ann comhrá a choinneáil leis na Gaeilgeoirí ó dhúchas agus staidéar a dhéanamh ar an méid a bhí scríofa sa teanga sin faoi na sráidbhailte agus faoina muintir.

D’fhoghlaim Mairéad Gaeilge í féin. Go deimhin shílfeá go raibh sí ag tabhairt léi na Gaeilge níos fearr ná Tim fiú amháin nuair a thosaigh sise á foghlaim.

Bhíodh mo bhean chéile á múineadh. Lá dá raibh muid ar cuairt acu ina dteach i gCloch na Rón, dúirt Mairéad gur múinteoir maith a bhí inti. ‘Déarfainn go bhfuil sí go maith,’ arsa mise ‘ach bíonn féinamhras uirthí scaití: í ag fiafraí di féin an bhfuil sí ag déanamh na hoibre i gceart.’

Bhí Tim ag siúl an urláir. D’iompaigh sé ar a sháil. ‘Yes,’ a dúirt sé, ‘but sometimes self-doubt can be the path to excellence.’

Bhí chuile rud a rinne sé féin foirfe. Ní raibh sleamchúis ar bith ag baint leis.

Mar sin féin chuirtí amú é scaití. Is é a bhíodh buíoch nuair a chuirtí ar an eolas é ina dhiaidh sin.

Thug mé faoi deara lá amháin go raibh cur síos aige ar charraigeacha farraige sa bparóiste seo ar thug sé Shivaun Barry’s Rocks orthu. ‘Is aisteach liom carraigeacha farraige a bheith ainmnithe as bean,’ arsa mise liom féin.

Bhíodh iar-ghliomadóir ar cuairt againn. Tharraing mé an scéal anuas aige.

‘Siánaí Bhearaí atá i gceist agat, b’fhéidir,’ ar seisean. ‘Abair leat,’ arsa mise.

Bhreathnaigh sé faoi agus thairis. ‘An bhfuil aon duine istigh?’ ar seisean.

‘Níl,’ arsa mise.

‘Dhá chloch atá amach ón oileán Bior iad Siánaí Bhearaí,’ ar seisean. ‘Bhíodh daoine nach raibh fios a ngnaithe acu ag tabhairt Magairlí Bhearaí orthu.’

Ghlaoigh mé ar Tim láithreach. ‘Caithfidh mé cuairt a thabhairt ar an bhfear sin,’ a dúirt sé ‘agus an t-eolas ceart a chur sa gcéad eagrán eile den leabhar’.

Ba spéisiúil an comhoibriú a bhí idir Tim agus Liam Mac Con Iomaire. Chuir Liam Gaeilge bhreá nádúrtha ar chuid de shaothar Tim agus b’iontach an misneach a bhí ag an mbeirt acu nuair a bhuail siad faoi Bhéarla a chur ar leabhar mhór Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille.

Má bhí ómós ag Tim Robinson don Ghaeilge agus do lucht a labhartha bhí an t-ómós céanna aige do na hainmneacha Gaeilge a bhí ar na sráidbhailte. Chuireadh an phraiseach Bhéarla a rinneadh díobh cantal air.

Is fiú an méid a dúirt sé faoi sin uair amháin a chur síos anseo:

Among the historical roots of Ireland’s carelessness of place is the retreat of its language and the accompanying anglicisation of its placenames, which has been defaced, rendered dumb and sometimes reduced to the ridiculous. To undo a little of this has been for me, an Englishman, a work of reparation.

Cé mhéad Éireannach a déarfadh é?

An chuimhne is geanúla ar fad atá agamsa ar Tim agus ar Mhairéad go dtugaidís cuireadh chuig an teach dhom chuile bhliain nuair a bhíodh na geallta bád i gCloch na Rón. Bhíodh bia blasta romhainn, braon le n-ól agus comhrá spéisiúil. Os cionn na farraige atá an teach sin, rud a d’fhág go mbíodh amharc breá againn ar na geallta bád.

Radharc a bhí ann a théadh i bhfeidhm i gcónaí ar an mbeirt acu.

Céad slán libh a Tim agus a Mhairéad. Rinne sibh bhur ndícheall i gcónaí agus d’fhág sibh oidhreacht luachmhar in bhur ndiaidh. Tá muid buíoch díbh.

Fág freagra ar 'Céad slán libh Tim Robinson agus Mairéad, muide atá buíoch as bhur n-oidhreacht luachmhar'

  • alan titley

    Píosa álainn ó Sheosamh. Seoid de sheoda na hÉireann ba ea Tim – agus gan amhras an bheirt eile sa ghrianghraf leis seo, Liam agus Joe Steve. Deacair a thuiscint go bhfuil an triúr saoi sin imithe uainn.

  • Srán Ó Mainnín

    Ba chóir cloch i gConamara a ainmniú i ndiaidh Tim agus a chlárú ar a mhapa féin. An t-aitheantas síoraí is cuí ar a shaothair.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An bhféadfadh an Mainníneach tuilleadh eolais a thabhairt dhúinn faoin gcaoi a ndéanfaí é sin?

  • Seán Ó Mainnín

    A Sheosaimh. Mo mholadh ná … in ócáid chomórtha do Tim in aimsir fholláin amach anseo go dtiocfadh cairde leis le chéile in aice le cloch, bodhlaer nó garraí agus go
    mbáistfí ainm ‘Cloch Tim’ nó ‘Garraí Mhic Róibín air in ónóir dó. I gceann 100 bliain eile spreagfadh sé corrshiúlóir eile stopadh agus scéal an logainm a fhiosrú. Nach fearr sin ná leac ar bhalla halla? Tá ‘Garraí Uí Shúilleabháin’ gar dom féin i gConamara i gcuimhne Thomáis Uí Shúilleabháin, scríbhneoir Blascaodach cáiliúil a chuir faoi anseo.

    Bhí mé i dteagmháil le Tim féin le tamall maith ar thóir pictiúr nua a thógáil de. Bhí sé sásta a dhéanamh ach amhrasach faoi cén fáth. ‘Mar is tú an Tríú Bheann Déag dáiríre leis an méid rinne tú d’oidhreacht Chonamara, a dúirt.” Rinne sé gáire faoina leithéid sin ach sílim gur bhain sé pléisiúr beag ón meas léirithe dó.

    I measc na mBeanna Beola go raibh sé.

  • Seán Ó hAodha

    An-alt. Thug an léarscáil cheannródaitheach den Bhoirinn a rinne Tim Robinson sna 1970daí ardú chroí do mhuintir an Chláir toisc logainmneacha an Bhoirinn le feiceáil i nGaeilge ar léirscáil don chéad uair.
    Go dtí na 1990daí bhí Suirbhéireacht Ordnáis na hÉireann foś ag cloí go dílis leis na logainmneacha Bhéarla amháin a chum “Royal Engineers” Airm na Breataine sna 1820daí. Thaispeáin an “work of reparation” a rinne Tim Robinson sampla íontach dóibh.

  • Seán Mag Leannáin

    Alt álainn ceanúil ar na daoine seo a rinne obair iontach ar son na tíre seo agus shábhailt a hoidhreachta. Lean Tim Robinson i dtraidisiún scoláirí móra eile ó Shasana, Robin Flower ina measc, a rinne a gcion ar son chaomhnú teanga agus litríocht na Gaeilge. Go ndéana Dia a mhaith dóibh uilig.

  • Seán Mag Leannáin

    Go ndéana Dia a mhaith orthu uilig.