Cead pleanála diúltaithe d’ionad cultúir agus ealaíon nua ar an Spidéal

Dúirt Comhairle Chontae na Gaillimhe nach dtiocfadh forbairt nua ar an Spideál leis na foirgnimh eile ar shráidbhaile an Spidéil agus go bhféadfadh an tionchar a bheadh aici ar chúrsaí tráchta an pobal a chur i mbaol

Cead pleanála diúltaithe d’ionad cultúir agus ealaíon nua ar an Spidéal

Tá diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a thabhairt chun ionad cultúir, ealaíon agus oideachais a thógáil i nGaeltacht Chonamara.

Tá sé beartaithe ag an gcomhlacht Fiontar na Gréine Teoranta amharclann, leabharlann, caifé, spás stiúideo agus áiseanna eile a thógáil i bhfoirgneamh a thógfaí i lár sráidbhaile an Spidéil. Tá suíomh an tseanchlochair ar an Spidéal ceannaithe ag an gcomhlacht agus tá sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh.

Ach tá cinneadh déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe diúltú don iarratas pleanála a rinneadh don togra toisc, a deir siad, go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe “dochar suntasach do na taitneamhachtaí amhairc” ar an Spidéal.

Chuir Oifigeach Comhaontais Ailtireachta na comhairle fáilte roimh an scéal go raibh athchóiriú le déanamh ar fhoirgneamh an tseanchlochair, ach léiríodh imní faoin bhfoirgneamh nua trí stór atá le tógáil mar chuid den fhorbairt.

Tá sráidbhaile an Spidéil i Limistéar Comhaontais Ailtireachta agus dúradh go mbeadh an foirgneamh nua rófheiceálach [‘imposing’] agus nach gcuirfeadh sé le carachtar ná le cuma an cheantair.

Dúradh nár tháinig an foirgneamh nua le scála ná le mórdhlúthú na forbartha a bhí taobh leis ach oiread agus go gcuirfeadh sé isteach freisin ar shláine an chlochair agus struchtúir faoi chosaint eile atá ar chaon taobh den suíomh.

Dúradh chomh maith go leagfaí síos “fasach neamh-inmhianaithe” d’fhorbairtí den chineál céanna amach anseo dá gceadófaí an t-iarratas.

Léiríodh imní freisin faoin tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar chúrsaí tráchta agus dúradh go bhféadfadh an fhorbairt mar atá beartaithe an pobal a chur i mbaol.

Thug Fiontar na Gréine Teoranta le fios do RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist achomharc a lorg ón mBord Pleanála maidir le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe diúltú don iarratas pleanála.

Chuir cuid mhaith comhlachtaí in earnálacha na meán agus an oideachais, chomh maith le heagraíochtaí eile aighneachtaí faoi bhráid na comhairle ag tacú leis an bhforbairt a bhí beartaithe – TG4, Fís Éireann, Fíbín, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, COGG agus an tOireachtas ina measc.

Léirigh Fáilte Ireland tacaíocht don bhforbairt chomh maith ach léirigh Deoise na Gaillimhe, ar leo Séipéal Chill Éinde agus an talamh atá díreach taobh thiar den seanchlochar, imní faoin bhforbairt. Dúradh go mbeadh an-imní ann maidir le 12 de spásanna páirceála atá ar an bpríomhshráid a bhaint as. Dúradh freisin go raibh carrchlós an tséipéil luaite mar charrchlós poiblí san iarratas a rinneadh ach nach raibh sé sin fíor agus gur leis an deoise é.

An comhlacht comhairleoireachta MKO a rinne an t-iarratas pleanála ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe thar ceann Fiontar na Gréine Teoranta, comhlacht a bhfuil Ronan Barrett agus Siobhán Barrett ina stiúrthóirí air.

Bheadh amharclann 200 suíochán le tógáil sa bhfoirgneamh nua chomh maith le háiseanna a fhreastalódh ar chúrsaí oideachais. Tá sé beartaithe 27 seomra codlata a thógáil sa seanchlochar, chomh maith le ceaintín chun freastal orthu siúd a bheadh ag fanacht ann. Chuirfí spás páirceála ar fáil do 54 feithicil mar chuid den fhorbairt chomh maith le háit chun rothair a fhágáil.

Dúradh san iarratas pleanála go rachadh an t-ionad nua go mór chun tairbhe do phobal an Spidéil agus go gcuirfí go mór le “tarraingteacht” an bhaile mar lárionad seirbhísí Gaeltachta agus mar bhaile tábhachtach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Fág freagra ar 'Cead pleanála diúltaithe d’ionad cultúir agus ealaíon nua ar an Spidéal'

  • Proinsias

    Is fiú a lua gur mhol An Taisce do Chomhairle Chontae na Gaillimhe diúltú don iarratas. agus gur chuir siad aighneacht sách cuimsitheach isteach inar míníodh na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh an fhorbairt seo do bheith ar an Spidéal, ar nós:
    Drochthionchair ar go leor áiseanna, foirgnimh agus acmhainní poiblí atá faoi chosaint an Stáit,
    An tionchar diúltach don trácht a bheadh ag an gcarrchlós mór ar an sráidbhaile,
    Scála an-mhór na bhfoirgneamh nua gan a bheith ag teacht scála na bhfoirgneamh sa sráidbhaile faoi láthair,
    Ró-fhorbairt ina gcuirfí an iomarca gníomhaíochtaí le chéile ar shuíomh beag 0.39 heicteár (níos lú ná acra talún),
    srl. srl.

    Is deacair a chreidiúint gur thuig na heagraíochtaí státmhaointihe ar nós COGG, Oireachtas na Gaeilge, TG4, Bord Failte srl srl a thacaigh leis an iarraitas pleanala, ar thuig siad comh beag is atá an suiomh?