Ceacht  don Rialtas – is fearr dea-chinneadh déanach ná droch-chinneadh sciobtha

Sula ndeirtear ‘is féidir linn’ os ard ní foláir ceist chrua a chur os íseal: ‘an féidir linn?’

Ceacht  don Rialtas – is fearr dea-chinneadh déanach ná droch-chinneadh sciobtha

Bíonn fonn ar gach Taoiseach daoine a shásamh más féidir.

Is treise an fonn i lár paindéime, go háirithe i dtír atá tinn tuirseach di tar éis deich mí agus cúrsaí ag dul in olcas.

Is treise arís an fonn daoine a shásamh más oscailt scoileanna atá á meá, más iarmhúinteoir é an Taoiseach agus más iarmhúinteoir í an tAire Oideachais.

Mhol an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) don rialtas Dé Máirt seo caite dianbheartais in aghaidh an choróinvíris a chur i bhfeidhm gan mhoill. Ní raibh treoir iomlán maidir le scoileanna sa litir a scríobh an Príomhoifigeach Leighis Tony Holohan ach bhí a héirim intuigthe.

Bhí luas chomh hard faoi leathadh an ghalair, dar leis an Dr Holohan, go dtiocfadh méadú as cuimse ar an gcontúirt dá n-athosclófaí gach scoil mar a bhí beartaithe Dé Luain. Is ar an mbonn sin a d’fhógair an Taoiseach ag comhdháil nuachta Dé Céadaoin go mbeadh daltaí Ardteiste ag freastal ar ranganna ar scoil trí lá sa tseachtain ó shin.

D’fhógair Micheál Martin chomh maith go n-athosclófaí go hiomlán scoileanna do dhaltaí a raibh riachtanais speisialta acu ón Luan. Ba léir faoi cheann cúpla uair an chloig áfach nach raibh ceachtar athoscailt pléite i gceart ná réitithe in aon chor le ceardchumainn na múinteoirí, agus nach mbeadh comhoibriú ar fáil mar gheall ar an imní, atá réasúnta, a bhí ar mhórán múinteoirí.

Scríobh mé ‘imní atá réasúnta’ thuas mar gheall ar an bhfreagra a thabharfadh ár bhformhór dá n-iarrfaí orainn trí lá sa tseachtain a chaitheamh in aon seomra le 20-30 duine eile agus an galar á tholgadh ag 5,000-7,000 duine sa stát gach lá.

Ní raibh aon dul as ag an Aire Oideachais Norma Foley ach cealú na hathoscailte (nó “pause” mar a thug sí féin air) a fhógairt an lá dár gcionn. Thosaigh cur is cúiteamh tráthnóna Dé hAoine le hionadaithe na múinteoirí – caidreamh ba chóir a bheith tosaithe aici sular fógraíodh cinneadh an rialtais in aon chor.

Is sampla léanmhar eile é an scéal den éidreoir agus den easpa ullmhúcháin ó am go ham a léirigh an dá rialtas a bhí i gceannas ó shroich an víreas Éire mí Feabhra seo caite. Is sampla gan chúis é freisin den mhístuaim a thagann ar pholaiteoirí nuair a theastaíonn uathu dea-scéala éigin a fhógairt gan mhoill.

Cuimhnigh, mar shampla eile, ar scéal leibideach scrúduithe na hArdteistiméireachta anuraidh. Cuimhnigh ar ráiteas Leo Varadkar mar Thaoiseach ar an 24 Márta go raibh “seans an-mhaith” ann go rachfaí chun cinn leis na scrúduithe mar is gnáth. Cuimhnigh ar an ngeallúint go mbeadh moill ar na scrúduithe ach go dtosóidís ar an 29 Iúil a thug an tAire Oideachais Joe McHugh ar an 23 Aibreán – coicís sular fhógair sé go gcuirfí ar ceal iad agus go n-úsáidfí ‘measúnú ríofa’ chun teacht ar thorthaí.

Dúradh sa cholún seo an uair sin go raibh freagracht ar airí gan cinneadh a fhógairt go mbeadh sé soiléir go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm agus nach raibh baol suntasach ann nach gcuirfí i bhfeidhm é.

Moladh d’airí i gcolún a foilsíodh ar an 9 Bealtaine gan imní a chur ar dhaoine óga ná ar thuismitheoirí ná ar mhúinteoirí. Sa dá abairt dheireanacha, seo a dúradh:

Tuigtear go forleathan go bhfuil airí faoi bhrú, agus cinneadh nó athrú ar chinneadh á mholadh go hard ar chaon taobh. Ach ní féidir freagra a thabhairt ar gach gearán ar an toirt, ná fiú tar éis cúpla lá.

 “Dhéanfadh airí a leas féin uaireanta, ainneoin an challáin agus an chlampair, dá bhfanfaidís ina dtost ar feadh scaithimh. Ar mhaithe leo féin, agus ar mhaithe le cách.”

Faraor, oireann na briathra ceannann céanna do chur chuige an rialtais i gcás athoscailt na scoileanna. Tuigimid go léir gur mhaith leis an rialtas dea-scéala a fhógairt, faoi láthair go háirithe.

Ach sula ndeirtear ‘is féidir linn’ os ard ní foláir ceist chrua a chur agus a iniúchadh os íseal: ‘an féidir linn?’

Fág freagra ar 'Ceacht  don Rialtas – is fearr dea-chinneadh déanach ná droch-chinneadh sciobtha'

  • Antoin

    Éidreoir agus easpa ullmhúcháin ó rialtas éidreorach. Iontas na n-iontas!

    Mhol NPHET dianbhearta a chur i bhfeidhm ach gan treoir iomlán maidir le scoileanna sa litir a scríobh an Príomhoifigeach Leighis ach “bhí a héirim intuigthe.”

    Más fíor don Aire Oideachais, agus í ag labhairt ar chlár teilifíse le déanaí, fuair sí treoir shoiléir faoin cheist seo na scoileanna. Ach bíodh sin mar atá.

    Éirim na litreach intuigthe! Nár chuir aon cheannaire páirtí ná aon aire na ceisteanna seo ar NPHET: Léigh mé do litir agus dar liom go bhfuil sé intuigthe ach ar eagla na míthuisceana, an mbeadh sé sábháilte dá dtabharfaí ar ais lucht na hArdteiste? An mbeadh sé sábháílte dá n-osclofaí na scoileanna sin a fhreastalaíonn ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu? An bhféadfaí an dá rud a dhéanamh ag an am céanna? Nár lorg aon aire ná ceannaire tuairim NPHET ar na ceisteanna sin. Ní leor a rá go bhfuil treoir éigin intuigthe.

    Dá olcas an rialtas éidreorach seo áfach, is suaraí fealltaí an freasúra tréatúrtha gan smid nach bhfuil toilteanach labhairt amach ar son na bpáistí a bhfuil fíor-riachtanais speisialta acu. 18,000 páiste atá i gceist.

  • An teanga bheo

    Mas feidhir aon cheacht a mhuineadh doibh