CATHAL MAC COILLE: Cúiseanna áthais, dóchais, imní agus grinn ó 2017

Bliain chorrach a d'fhág síol beag dóchais ina diaidh ab ea í 2017

CATHAL MAC COILLE: Cúiseanna áthais, dóchais, imní agus grinn ó 2017

Bhí an tEagarthóir míshuaimhneach. Bíonn sé míshuaimhneach i gcónaí, ach ba léir an babhta seo an t-amhras nimhneach sna súile. Níor thairg sé suíochán don cholúnaí faiteach a bhí ina sheasamh os a chomhair ina oifig mhór ghalánta.

‘Féach, an colún seo atá á scríobh agat. Súil siar ar 2017, na mór-eachtraí agus mar sin de. Ní marbhna mór millteach eile atá uaim. Ná olagón, mar a a bhí agat gach bliain eile, ná liosta léanmhar cúiseanna imní ach oiread.’

‘Ach,’ arsa an colúnaí bocht, ‘d’iarr tú orm breathnú siar ar an mbliain. Ní féidir neamhaird a…’

‘Nílim ag iarraidh ort drochscéal ar bith a chur i leataobh,’ arsa an tEagarthóir. ‘Ach feck it, teastaíonn ábhar misnigh uainn. Dóchas. Tógáil croí. Cúis éigin áthais, in ainm Dé. Cúis ghrinn fiú amháin. Is é sin, a ollaimh, murar miste leat agus gan colún fada tomhaiste, dar leat féin, a scríobh.’

‘Bhuel, déanfaidh mé iarracht…’

‘Tuigeann tú cad atá uaim?’

‘Tuigim.’

D’fhill súile neamhthrócaireacha an Eagarthóra ar scáileán a ríomhaire. Bhí an comhrá thart. Bhí treoir shoiléir tugtha. Dea-scéalta 2017 a aimsiú chomh maith leis na drochscéalta.

Is dóigh go mbeadh sé sásta le deich gcinn, nach mbeadh? Maith go leor. Rinneadh dianmhachnamh agus taighde. Seo a leanas toradh na hoibre.

2017 – deich n-ábhar dóchais, áthais agus grinn

  1. Bhuaigh iománaithe na Gaillimhe Craobh na hÉireann go scafánta, den chéad uair ó 1988. Bhí na Gaillimhigh óga ag ceiliúradh ina dteannta tar éis chluiche ceannais na mionúr. 
  2. Toghadh Marty Walsh arís mar mhéara ar Bhostún – bua dó féin agus dá mhuintir i Ros Muc agus i gCaladh Mhaínse.
  3. Toghadh Emmanuel Macron mar uachtarán sa Fhrainc – bua nach léir a thoradh fós ach a d’fhág gur thug muintir na Fraince droim láimhe le meon diúltach dainséarach Marine Le Pen.
  4. Tháinig an Taoiseach is óige riamh, Leo Varadkar (38) i gcomharbacht ar Enda Kenny (66). Is léir cheana féin nach bhfuil sé gan locht. Ach is chun leas gach córas athnuachan.
  5. Tháinig an rialtas slán ó ghéarchéim a bhagair olltoghchán i mí na Samhna. Dea-scéala, toisc gur léirigh gach pobalbhreith nach n-athródh toghchán cruth bunúsach na Dála.
  6. Thug an ghéarchéim chéanna deis do cheannaire Fhianna Fáil a stuaim pholaitiúil a léiriú. Tá Micheál Martin ag faire go géar ar an Taoiseach, rud a theastaíonn i gcónaí.
  7. Níl Mary Lou McDonald tagtha i gcomharbacht ar Gerry Adams fós, ach ní fada go mbeidh. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Oireann ‘sí’ sa chás seo, den chéad uair riamh i Sinn Féin.
  8. Caint thábhachtach i nGaeilge in 2017 (1):  ‘Ní neart go cur le chéile’ – Uachtarán Chomhairle an AE, ag tacú le hÉirinn sna comhráite faoin mBreatimeacht.
  9. Caint thábhachtach i nGaeilge in 2017 (2): ‘Ní féidir an dubh a chur ina gheal, ach seal’ – an Breitheamh Charleton agus an Binse um Nochtuithe ag dul i mbun oibre.
  10. Rinneadh an chéad mhargadh Breatimeachta idir Aontas na hEorpa, Éire agus an Ríocht Aontaithe i mí na Nollag. Beidh an tionchar a bheidh aige dáiríre soiléir amach anseo, ach ba dhíol suntais é tacaíocht an AE do chás na hÉireann (féach cuimhne uimhir a hocht, thuas).

Anois, agus gach dícheall déanta leis an Eagarthóir a shásamh, is féidir príomhábhair imní na bliana a mheá.

Tithíocht: tá a fhios ag gach duine sa tír go bhfuil géarghá le soláthar breis tithe agus árasán, ar cíos agus le ceannach. D’admhaigh airí rialtais i rith na bliana nach rachadh cúrsaí i bhfeabhas sa ghearrthéarma. Chuir páirtithe an fhreasúra éagumas agus faillí ina leith. Déanta na fírinne, níl polasaí éifeachtach, mar aon le scéim inchreidte chun íoc as, molta ag páirtí ar bith.

Idir an dá linn, léiríonn an cuntas oifigiúil cúis náire dúinn uilig agus breis agus 3,000 páiste ag cur fúthu in óstáin nó tithe lóistín.

Sláinte: d’fhoilsigh coiste uile-pháirtí straitéis sláinte deich mbliana i mí na Bealtaine. Dá gcuirfí i bhfeidhm í, bheadh seirbhís uilíoch sláinte ag feidhmiú tar éis deich mbliana a dheimhneodh cóireáil de réir riachtanais do gach saoránach.

Mhol an coiste go gceapfaí feidhmeannach gan mhoill chun tús a chur leis an obair, ach níl an post fiú fógartha fós. Gheall an rialtas go bhfoilseofaí plean feidhmiúcháin roimh dheireadh na bliana. Idir an dá linn tá liostaí feithimh na n-ospidéal ag síneadh i gcónaí, agus 684,800 ar an liosta is deireanaí a foilsíodh.

Na Gardaí: níl i scannal na dtástálacha anála nach ndearnadh (breis agus 1.5 milliún, de réir an chomhairimh is deireanaí) ach sampla den géarchéim laistigh agus lasmuigh den Gharda Síochána. Is fiú cuimhneamh ar phríomhscéalta eile a bhain leis na Gardaí a chuir alltacht ar an bpobal in 2017.   Chuaigh Binse Charleton i mbun oibre leis an tslí inar caitheadh leis an Sáirsint Maurice McCabe agus le sceithirí eile a fhiosrú. Bhunaigh an rialtas coiste eile chun atheagrú an fhórsa a bhreithniú.  D’éirigh Frances Fitzgerald as a post mar Thánaiste nuair a cuireadh faillí ina leith maidir le cás an tSáirsint Maurice McCabe. Maíonn sí go léireoidh binse Charleton nach ndearna sí rud ar bith mícheart. D’éirigh Nóirín O’Sullivan as a post mar Choimisinéir i mí Mheán Fómhair. Dúirt sí ina ráiteas imeachta gur chuir ‘síorfhiosrúcháin’ isteach ar a cuid oibre. D’admhaigh an Coimisinéir Gníomhach Dónall Ó Cualáin le gairid go raibh na Gardaí a bhí freagrach as bréagchlárú tástálacha anála “sloppy, lazy, unprofessional”. Dúirt sé, áfach, nach raibh smachtú forleathan beartaithe, mar gheall ar chostas.

Mar is léir ón achoimre seo, ní tearc na fadhbanna sna Gardaí a bhí ar chlár oibre an rialtais in 2017 agus a bheidh arís in 2018.

Gan dabht is é an Breatimeacht agus gach fadhb a chothaigh sé is mó a chuir imní ar an rialtas le bliain. Ach táimid go léir chomh cráite faoi místuaim agus éidreoir na gcomharsan, agus lena dtionchar ar an oileán seo, nach mian leis an gcolún seo cur leis an imní.

Críochnaímis mar sin le cúis ghlan ghrinn.

CEIST: Cé a dúirt trí bliana ó shin go raibh cultúr i réim i bhFianna Fáil a bhain le ‘jobs for the boys, bonuses for the boys, lack of accountability and two fingers to the Dáil?’.

FREAGRA: An Teachta Dála Stephen Donnelly, a sheas mar neamhspleách san olltoghchán.

CEIST: Cé a chuaigh isteach i bhFianna Fáil i mí Feabhra 2017?

FREAGRA: Stephen Donnelly.

Ní foláir a bheith buíoch den Teachta Donnelly toisc fianaise chomh soiléir a thabhairt dúinn, arís, go bhfuil bunphrionsabal na polaitíochta fós i réim i dTeach Laighean.

Cibé rud a dúirt nó a rinne polaiteoir roimhe seo, d’imigh sin agus tháinig seo.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Cúiseanna áthais, dóchais, imní agus grinn ó 2017'