Cath idir an Úcráin agus an Ostair don dara háit, Grúpa B idir dhá cheann na meá

Tá an Úcráin agus an Ostair ag iarraidh críochnú sa dara háit i nGrúpa C, taobh thiar den Ísiltír, agus d’fhéadfadh an Rúis, an Danmhairg agus an Fhionlainn teacht slán fós leis an mBeilg ó Ghrúpa B.

Cath idir an Úcráin agus an Ostair don dara háit, Grúpa B idir dhá cheann na meá

Georginio Wijnaldum. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An Mhacadóin Thuaidh v An Ísiltír  – 5pm

Agus áit bainte ag an Ísiltír i mBabhta a 16 de EURO 2020, seans go dtapóidh Frank de Boer an deis scíth a thabhairt d’imreoirí a d’imir sa dá chluiche go dtí seo. Tá na hÍsiltírigh slán ar bharr an tábla, is cuma céard a tharlaíonn sa chluiche seo in aghaidh na Macadóine.

Beifear ag iarraidh Frenkie de Jong agus Georginio Wijnaldum a choinneáil slán don chéad bhabhta eile ó tharla an t-imreoir lár páirce eile, Martin de Roon, a bheith i mbaol fionraíochta. Seans go dtabharfar deis tráthnóna do Ryan Gravenberch i lár páirce. Meastar go bhfuil fear Ajax ar dhuine de na himreoirí óga is fearr san Eoraip agus tuairiscítear go bhfuil Liverpool ar cheann de na foirne atá sa tóir air.

Beidh an Mhacadóin Thuaidh ag iarraidh taispeántas maith a thabhairt ina gcluiche deireanach sa chomórtas. Níor náiríodh fós iad ach ba rómhór an chéim don fhoireann an chéad bhabhta eile a bhaint amach an chéad uair acu ag mórchomórtas.

An Úcráin v An Ostair – 5pm

Tiocfaidh an fhoireann a thugann an bua leo sa chluiche seo tráthnóna slán go dtí an chéad bhabhta eile de chomórtas EURO 2020. B’fhéidir nach bhfeicfear aon tréanionsaí ó na hÚcránaigh ná na hOstaraigh, mar seans go sásódh comhscór an dá fhoireann freisin – is cinnte go mbeidh an Úcráin slán má chríochnaíonn na foirne cothrom.

Má tá an Úcráin chun an cluiche a bhuachan, caithfidh tionchar mór a bheith ag Roman Yaremchuk nó Andriy Yarmolenko ar an imirt. Scóráil an bheirt cúil sa chéad dá chluiche ag an Úcráin go dtí seo agus chruthaíodar cúl eile an duine don fhoireann chomh maith.

Bua cumasach a bhí ag an Ísiltír in aghaidh na hOstaire an tseachtain seo caite agus beidh feabhas ag teastáil ó fhoireann Franco Foda más leo teacht slán. As an 17 cluiche is deireanaí a d’imir foirne na hOstaire ag mórchomórtais sacair, níor bhuadar ach péire acu. Ní mór a aireoidh uathu na hOstaraigh má dhíbrítear inniu iad.

An Rúis v An Danmhairg – 8pm

D’fhéadfadh an Danmhairg an dara háit a bhaint i nGrúpa B má éiríonn leo na Rúisigh a chloí anocht agus má bhuann an Bheilg ar an Fhionlainn. Bhí na Danmhargaigh láidir go maith sa chluiche in aghaidh na Beilge ach ní rabhadar in ann srian a chur ar Kevin de Bruyne nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí dó sa dara leath.

Airíonn siad uathu Christian Eriksen go mór chun deiseanna a chruthú ach bhí an t-imreoir óg Mikkel Damsgaard iontach go dtí seo.

Bua tábhachtach a bhí i gceann na Rúise in aghaidh na Fionlainne agus d’fhéadfadh go ndéanfadh comhscór anocht an beart, chomh fada is nach bhfaigheann an Fhionlainn an ceann is fearr ar an mBeilg.

Bhí na Rúisigh cumasach ach a bhfuair siad seilbh na liathróide sa chluiche sin ach bíonn deacracht acu seansanna ar chúil a chruthú. Seans go ndéanfadh ceann nó b’fhéidir péire an beart inniu, ach an bhfuil an mianach iontu?

 

Teemu Pukki. Pictiúr: INPHO/Tomi Hänninen

An Fhionlainn v An Bheilg – 8pm

Thóg sé tamaillín ar an mBeilg a lorg a fhagáil ar an gcluiche in aghaidh na Danmhairge Déardaoin seo caite ach nuair a tháinig Eden Hazard agus go háirithe, Kevin de Bruyne, isteach mar ionadaithe sa dara leath, ba léir cén fáth go meastar foireann na Beilge ar cheann de na cinn is fearr sa chomórtas.

Bhí de Bruyne ar fheabhas ar fad agus gan é ach ag filleadh ó ghortú. Chruthaigh imreoir Manchester City cúl amháin agus scóráil sé an ceann eile le hiarracht den scoth. Bhí Romelu Lukaku féin an-mhaith sa chluiche céanna agus beidh sé an-deacair an Bheilg a shárú má bhíonn an bheirt sin chomh maith céanna don chuid eile den chomórtas.

Tá laigí fós i gcosaint na Beilge, áfach, agus beidh na Fionlannaigh ag iarraidh teacht i dtír ar na laigí sin anocht. Tá Toby Alderweireld agus Jan Vertonghen an-mhall i lár an aonaid chosanta don Bheilg agus d’fhéadfadh Teemu Pukki agus a chomrádaí bearna nó dhó a aimsiú.

Seans go dtabharfadh na Fionlannaigh na cosa leo ach comhscór a fháil ach ní beag an dúshlán é sin.

Fág freagra ar 'Cath idir an Úcráin agus an Ostair don dara háit, Grúpa B idir dhá cheann na meá'