GAILEARAÍ: ‘Turas COGG’ seolta ag Tomás Ó Síocháin agus ‘Flora na hÉireann’ seolta ag Aedín Ní Thiarnaigh in Óstán Chonamara sna Forbacha

GAILEARAÍ / 'Turas COGG' seolta ag Tomás Ó Síocháin agus 'Flora na hÉireann' seolta ag Aedín Ní Thiarnaigh in Óstán Chonamara sna Forbacha

Sean Ó Mainnín

Sheol Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta, 'Turas COGG' ag comhdháil na heagraíochta sin in Óstán Chonamara an Céadaoin seo caite. Sheol an saineolaí plandaí agus craoltóir, Aedín Ní Thiarnaigh, sraith painéal 'Flora na hÉireann' a dháilfear ar scoileanna Gaeltachta. Níos luaithe thug Aedín léiriú ar na painéil do dhaltaí Scoil na bhForbacha agus Scoil Éinne an Spidéil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín


GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Curtha ar Ghearrliosta do Ghradam Earnála Poiblí SEAI

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA / Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Curtha ar Ghearrliosta do Ghradam Earnála Poiblí SEAI

Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin curtha ar an ngearrliosta i gcatagóir na hEarnála Poiblí de Ghradaim Fuinnimh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann. Tugann an gearrliostú aitheantas do thiomantas leanúnach dlr maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus laghdú carbóin a leabú i ngach réimse den eagraíocht agus sa phobal i gcoitinne