Carter, Keane agus Ó Sé – údar dóchais na bhfoirne ar éirigh leo agus a ‘laochra ar lár’

Is féidir le foirne an beart a dhéanamh fiú agus gan na laochra is mó atá acu ar fáil dóibh. Caitheann Tuairisc.ie súil ar na gaiscí a rinneadh d’uireasa laochra móra…

Rugbaí - 14.10 go bhfuil muintir na tíre seo fós faoi scamall bróin mar gheall ar ghortú Paul O’Connell agus an chaoi ar tháinig deireadh lena laethanta i ngeansaí na hÉireann, caithfidh foireann Joe Schmidt díriú ar chluiche an Domhnaigh agus an comórtas atá amach rompu.

rud éasca é sin, go háirithe nuair is ceannaire agus laoch é an fear atá in easnamh, mar a bhí in O’Connell gan aon agó. Ar a shon sin, tá cruthaithe ag foirne gur féidir teacht slán ó fhadbanna mar seo agus dul ar aghaidh chun comórtas a bhuachan, fiú agus ‘na laochra ar lár’.

seo an chéad uair go bhfuil a leithéid tarlaithe do O’Connell ach oiread. Ar thuras na Lions i 2013, bhris an Muimhneach cnámh ina lámh ag deireadh an chéad chluiche i gcoinne na hAstráile. Cé gur lean sé air ag imirt don chlibirt dheireanach, ní raibh sé in ann páirt a ghlacadh in aon chluiche eile de bharr an ghortaithe, buille trom don fhoireann, go háirithe nuair a bhí taithí ag O’Connell ar a bheith mar chaptaen ar na Lions i 2009.

Fós féin, d’iarr bainisteoir na Lions, Warren Gatland, ar O’Connell fanacht in éineacht leis an bhfoireann mar gheall go raibh an phearsantacht a bhí ag an Éireannach chomh láidir agus chomh tábhachtach sin don champa. Chuaigh na Lions ar aghaidh chun an tsraith sin a bhuachan san Astráil.

2011 Rugby World Cup Pool A, Eden Park, Auckland, New Zealand 24/9/2011 New Zealand vs France Dan Carter Mandatory Credit ©INPHO/Billy Stickland
Leathchúlaí na Nua Shéalainne, Dan Carter. INPHO/Billy Stickland

sampla eile uait, agus b’fhéidir ceann níos láidre mar go mbaineann sé le foireann náisiúnta seachas leis na Lions, níl ort ach breathnú siar ar Chorn an Domhain ceithre bliana ó shin, nuair a chaill an Nua-Shéalainn Dan Carter le gortú i lár an chomórtais.

An leathchúlaí is fearr ar domhan agus laoch a thíre, bhí Carter chomh tábhachtach céanna do na ‘All-Blacks’ ag an am agus a bhí O’Connell d’Éirinn i mbliana.

Tháinig Colin Slade isteach san fhoireann in áit Carter, ach nuair a gortaíodh eisean bhí ar an Nua-Shéalainn Stephen Donald, a bhí ar thuras iascaireachta faoin tuath nuair a tháinig an glaoch, a chur san ionad is tábhachtaí ar an bpáirc.

Faoin am seo, cheap lucht tacaíochta na Nua-Shéalainne go raibh a rás rite. Caitheadh bliain ag cáineadh Donald tar éis dó drochthaispeántas a thabhairt uaidh i gcluiche i gcailliúint i gcoinne na hAstráile ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2010. Dhá mhí dhéag ina dhiaidh sin, áfach, ba é Donald a chiceáil scór an bhua i gcluiche ceannais Chorn an Domhain i gcoinne na Fraince.

sa rugbaí amháin a tharlaíonn a leithéid ach an oiread. I 2004, bhí Ciarraí ag iarraidh teacht ar ais ón gcailliúint i gcoinne Thír Eoghain an bhliain roimhe nuair a chas siad ar fhoireann Ultach eile i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Bhí Seamus Moynihan gortaithe cheana féin agus i ndiaidh 20 nóiméad, bhí ar Dharragh Ó an pháirc a fhágáil de bharr gortú coise.

raibh ceachtar acu in ann an cluiche ceannais i gcoinne Mhaigh Eo a thosú, cé gur tháinig Moynihan isteach agus an cluiche buaite. Fiú gan beirt de na himreoirí is mó a raibh taithí acu ar fáil dóibh, d’éirigh le Ciarraí an beart a dhéanamh go slachtmhar.

Roy Keane 21/4/1999
Roy Keane i gcoinne Juventus i 1999

I Sraith na gCuradh 1999, ar an taobhlíne agus cultacha éadaí á gcaitheamh acu a bhí Roy Keane agus Paul Scholes don chluiche ceannais. Bhí an bheirt acu ar fionraí. Dhealraigh sé go raibh Manchester Utd chun streachailt gan an bheirt chéanna a bheith ar fáil dóibh i lár na páirce don chluiche i gcoinne Bayern Munich. Ach d’éirigh le foireann Ferguson an corn a thabhairt leo i gcluiche a raibh críoch dhochreidte leis.

Ba é an scéal céanna é le Chelsea agus John Terry in easnamh orthu i 2012. Féadfar a rá go cinnte, áfach, má shroicheann foireann Joe Schmidt cluiche ceannais Chorn Rugbaí an Domhain, ní bheidh Paul O’Connell ag suí ar an mbinse le geansaí agus bríste na hÉireann á chaitheamh aige faoina chulaith.

Fág freagra ar 'Carter, Keane agus Ó Sé – údar dóchais na bhfoirne ar éirigh leo agus a ‘laochra ar lár’'