Caithfidh Gaillimh srian a chur ar Ní Mhuircheartaigh chun cluiche ceannais na sraithe a bhuachan

Beidh Ciarraí ag imirt i gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh den tríú huair le bliain anuas nuair a rachaidh siad chun páirce i gcluiche ceannais Roinn 1 in aghaidh na Gaillimhe

Caithfidh Gaillimh srian a chur ar Ní Mhuircheartaigh chun cluiche ceannais na sraithe a bhuachan

Ciarraí v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 5.00in (Beo ar TG4)

Tar éis briseadh trí seachtaine, cuirfear clabhsúr faoi dheireadh le Sraitheanna Pheil na mBan Lidl agus an choimhlint idir Ciarraí agus Gaillimh i gcluiche ceannais Roinn 1 an cluiche is mó suim ag go leor.

Beidh mná na Ríochta ag imirt i gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh den tríú huair le bliain anuas nuair a rachaidh siad chun páirce tráthnóna. Bhuaigh Ciarraí cluiche ceannais Roinn 2 na sraithe anuraidh sula ndeachaigh siad ar aghaidh chun cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach sa samhradh. Cé nár éirigh leo an lá sin in aghaidh na Mí, is léir go bhfuil foireann Declan Quill agus Darragh Long tar éis tógáil ar an dul chun cinn a rinne siad anuraidh.

Chríochnaigh Ciarraí ar bharr Roinn 1 na sraithe i mbliana tar éis dóibh sé cinn de na seacht gcluiche a bhí acu a bhuachan agus beidh na buanna cumasacha a bhí acu ar an Mhí agus ar Áth Cliath le linn an fheachtais tar éis an-mhuinín a thabhairt don fhoireann.

Tá gaiscí scórála á ndéanamh ag Louise Ní Mhuircheartaigh arís agus 4-29 aimsithe aici go dtí seo sa tsraith ach tá an bhean taobh léi sa líne lántosaithe, Síofra O’Shea ag aimsiú na sprice go rialta chomh maith agus 6-11 scóráilte aici.

Beidh Ciarraí ag iarraidh an liathróid a chur isteach i dtreo na beirte chomh luath agus is féidir ach beidh Gaillimh dírithe air sin a stopadh.

Beidh fear an Spidéil Maghnus Breathnach agus a chomhbhainisteoir Fiona Wynne sásta go maith lena bhfuil feicthe acu go dtí seo san earrach. Níor chaill na Gaillimhigh ach cluiche amháin sa tsraith go dtí seo, an chailliúint sin in aghaidh Chiarraí i mBabhta 7, tráth a raibh áit bainte amach ag an dá fhoireann sa chluiche ceannais seo cheana féin.

Scóráil Ciarraí 3-11 sa chluiche sin, níos mó ná mar a scóráil aon fhoireann eile in aghaidh na Gaillimhe le linn na sraithe agus is ag na Gaillimhigh a bhí an chosaint ba láidre i Roinn 1. Mar a bhí sa chluiche craoibhe idir na foirne anuraidh, bhí taispeántas Louise Uí Mhuircheartaigh cinniúnach an lá sin agus ceann de na príomhspriocanna a bheidh ag Gaillimh ná í a choinneáil ón imirt. Feicfimid conas mar a éireoidh le stíl chosantach na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh ach taithí mhaith a bheidh ann don chraobh pé scéal é.

Ba í Róisín Leonard príomhscórálaí na Gaillimhe go dtí seo sa tsraith ach chruthaigh an tosach óg Kate Slevin go maith freisin agus beidh ar an mbeirt sin a bheith cruinn má lena bhfoireann an lá a thabhairt leo.

Ard Mhacha v Laois – Páirc an Chrócaigh, 3.00in (Beo ar TG4)

Imreofar cluiche ceannais Roinn 2 na sraithe idir Ard Mhacha agus Laois níos luaithe sa tráthnóna agus an dá fhoireann sa tóir ar áit sa phríomhroinn.

Is iad mná Ard Mhacha rogha na coitiantachta agus scrios déanta acu ar Roinn 2 i mbliana – seacht gcluiche as seacht gcinn buaite acu agus difríocht scór +72 bainte amach acu.

Ba í Laois an t-aon fhoireann a thug dúshlán d’Ard Mhacha go dtí seo i mbliana, áfach, agus gan ach cúig phointe eatarthu nuair a chas na foirne ar a chéile in Ard Mhacha, 0-10 in aghaidh 0-5. Léiríonn sé cé chomh láidir agus atá Ard Mhacha, áfach, gur údar suntais againn é nár bhuaigh siad cluiche ach le cúig phointe.

Bhuaigh Ard Mhacha Roinn 2 roimhe seo in 2005 agus 2015 agus má bhíonn lá maith eile ag Aimee Mackin, a bhfuil 6-22 aimsithe aige go dtí seo sa tsraith, tá gach seans ann go mbainfidh siad an tríú bhua amach inniu.

Fág freagra ar 'Caithfidh Gaillimh srian a chur ar Ní Mhuircheartaigh chun cluiche ceannais na sraithe a bhuachan'