Caithfear dul i ngleic leis an gcalaois shoiniciúil, an cur amú ama agus an cur i gcéill leis an chlár

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar chuid de na ceachtanna a bhí le foghlaim ón chéad bhabhta den tSraith Peile Náisiúnta

Caithfear dul i ngleic leis an gcalaois shoiniciúil, an cur amú ama agus an cur i gcéill leis an chlár

Mo ghraidhin iad siúd a d’íoc as clár an lae i dTrá Lí

Ní fiú agus ní féidir a bheith ag brath ar chlár an lae le tamall. Mo ghraidhin iad na daoine a thug €3 ar chlár an lae i dTrá Lí Dé Sathairn. Tuigeadh luath go maith sa lá do mhuintir Chiarraí go mbeadh triúr an Ghleanna, Conor Glass, Ciarán McFaul agus Ethan Doherty ar fáil toisc iad a bheith feicthe ag gabháil trí Pháirc Náisiúnta Chill Airne níos luaithe sa lá – agus a chonách san orthu.

Chaithfí, gan dabht, clár an lae a athrú toisc an triúr a bheith ar fáil gan choinne agus thuigfeá an méid sin. Mar sin féin, bhí scáthshúilí ar an uile dhuine sa bhosca tráchtaireachta i bPáirc Aibhistín de Staic nuair a b’éigean an biro dearg a tharrac amach agus claochló iomlán curtha ar phainéal Dhoire de bharr na n-athruithe go léir a bhí déanta.

An ceann ab aite ar fad ná geansaí uimhir 7 a chur ar Conor Doherty a bhí ainmnithe mar uimhir 5 sa chlár agus uimhir 5 a chur ar Phádraig McGrogan, fear a bhí ainmnithe mar uimhir 7. Pé mearathal a bheadh ar thráchtairí, ba mhasla don té a cheannaíonn clár an lae ag an ngeata é. Ní port nua é seo agus ní hiad bainistíocht Dhoire an chéad bhuíon bainistíochta a dhein a leithéid. Ná fuil sé thar am ag Cumann Lúthchleas Gael dul i ngleic leis an scéal i gceart seachas an cur i gcéill atá ar siúl le tamall?

Níl aon bhac ar imreoir an t-am a chur amú nuair a bhíonn a fhoireann fear gann

Ós ag caint agus ag cnáimhseán ar dhul i ngleic le dúshláin mé, an bhfuil aon chuimhneamh ag Cumann Lúthchleas Gael a bhfiacla a nochtadh maidir leis an gcárta dubh? Ní túisce cárta dubh bronnta ar imreoir anois ná go mbíonn comhghleacaí éigin titithe chun talún le gortú cloiginn. Chun a cheart a thabhairt don réiteoir, níl de rogha aige ach an imirt a stop ar eagla na heagla, ach caithfear teacht ar mhúnla éigin eile chun a chinntiú go mbeidh deich nóimeat imeartha sara bhfilleann an t-imreoir atá díbeartha ar pháirc na himeartha.

B’fhéidir go dtaibhseofaí dhuit gur le háiféis agus áibhéil a deirim é, ach go teoiriciúil, níl aon bhac ar imreoir é féin a chaitheamh chun talún agus cóir leighis a fháil ar feadh 10 nóimeat ina iomláine agus bheadh neamhní déanta den bpionós. Dhein báideoir Átha Cliath Evan Comerford a chroí díchill an teoiric sin a thástáil i gcluiche leathcheannais na hÉireann dhá bhliain ó shin ach go dtí go dtiocfaidh athrú ar an scéal, leanfaidh an phleidhcíocht.

Is beag an tairbhe a bhí ina bpaistí féin d’fhoirne Roinn 1

N’fheadar an fíor gur dána gach madra i ndoras a thí féin? Nuair a deintear na socruithe do chluichí na sraithe na haon bhliain bítear ag faire ar cé mhéad cluiche atá aige baile agus as baile ag foirne. Nuair atá seacht gcinn de bhabhtaí sa tsraith is mór an buntáiste d’fhoirne é go mbeadh ceithre cinn aige baile seachas trí cinn. Is breá le cisteoirí boird contae é chomh maith toisc nach mbíonn oiread tarrac ar an sparán. Nuair a fhéachfá ar thorthaí i Roinn 1 na sraithe an deireadh seachtaine seo caite, áfach, ba dhóigh leat nárbh aon tairbhe dos na himreoirí iad a bheith ag imirt ar a bpaiste féin. Cnagadh Ciarraí i dTrá Lí, an Ghaillimh i Staid an Phiarsaigh agus Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh.

Is beag ní a shuaitheann bainisteoirí níos mó ná a gcuid imreoirí bheith ceansa agus ceansaithe ar a bhfód féin agus bí siúráilte go mbeidh an támáilteacht san go mór sa treis i gcomhráite thar oíche in óstáin i Muineachán agus i Maigh Eo an deireadh seachtaine seo chughainn agus cé nach bhfuil ach turas gearr go dtí’n Hyde ag an nGaillimh, beidh an bóthar abhaile i bhfad níos faide mura dtagann feabhas éigin ar a gcuid imeartha.

As na foirne go léir i Roinn 1 a bhí aige baile an deireadh seachtaine seo caite, ba iad Tír Eoghain amháin a bhain earraíocht as. B’fhéidir nach ionadh san agus na hUltaigh chomh tréan is a bhí. Bhuaigh ocht bhfoireann ó Chúige Uladh a gcluichí agus fiú i gcás na foirne nár bhuaigh, Fear Manach, gnóthaíodh pointe sraithe as baile i bPáirc Tailteann.

B’fhéidir nach mbeadh fonn ar dhaoine €100 a íoc le dul ag faire ar chluiche an lae inniu

Thosnaíos amach ag cnáimhseán agus críochnód amhlaidh. B’fhéidir go gceapfá tar éis chruinniú Ard-Chomhairle CLG i rith an deireadh seachtaine gurb é an t-ardú (ó €90 go €100) atá á mheá i bpraghas ticéadaí do chluichí ceannais na hÉireann is mó a bheadh ag dó na geirbe ag pobal na caide ach tá fadhb eile i bhfad níos bunúsaí leis an gcluiche féin. B’fhéidir ná beadh fonn ar dhaoine dul ag faire ar an gcluiche ceannais má leanann an chalaois shoiniciúil díreach tar éis d’fhoirne seilbh na caide a chailliúint. Tá an chalaois seo neadaithe chomh daingean sin san imirt anois gur geall le cuid den gcluiche féin é.

Ceileann an chalaois seo oiread deiseanna scórála, stadann sé oiread gluaiseachtaí nuair ná fuil an chosaint ullamh agus eagraithe agus is aicíd é atá ag scaipeadh go tréan i measc phlúr na bhfoirne. Ní léir go bhfuil an toil ann dul i ngleic leis ach an oiread. Ó bhuel, b’fhéidir go mbeadh an giúmar níos fearr tar éis an deireadh seachtaine seo chughainn.

Fág freagra ar 'Caithfear dul i ngleic leis an gcalaois shoiniciúil, an cur amú ama agus an cur i gcéill leis an chlár'

  • Antain Mac Lochlainn

    Olc ar Dhara toisc go bhfuair Doire an lámh in uachtar ar Chiarraí. Obair an diabhail, ambaist!