Caithfear a chinntiú gur ar mhaithe leis an bpobal seachas na páirtithe an comhthoghadh 

Ar cheart na rialacha faoi chomhthoghadh a athrú má fhilleann Stormont? 

Caithfear a chinntiú gur ar mhaithe leis an bpobal seachas na páirtithe an comhthoghadh 

Teachta Tionóil comhthofa taobh istigh de sheachtain ó lá an toghcháin. 

Fiú in Stormont ar sceith bhéil é as an líon mór teachtaí a ainmnítear in ionad polaiteoirí a toghadh, b’údar suntais é an cor sin.

Comhthoghtar ionadaithe chun fothoghcháin a sheachaint. Ba é seo an dara huair a comhthoghadh Emma Little Pengelly mar theachta ach tá an scéal níos drámatúla an babhta seo.

Tá an beart dleathach ach baineadh siar as daoine gur tharla sé chomh luath sin tar éis lá na vótála; an chéad uair a ndearnadh é mar gur roghnaigh an té a toghadh gan freastal ar Stormont. 

Bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, ar cheann an chomhairimh i nGleann an Lagáin i dtoghchán an Tionóil ar an 5 Bealtaine. Fuair sé 12,626 vóta, breis is 4,000 os cionn an chuóta, tacaíocht mhór ó na vótóirí dá chinneadh cúl a thabhairt le Westminster chun suí san Tionól agus sa bhfeidhmeannas díláraithe in Stormont. 

Bhí seachtain ag an bhfeisire Donaldson chun cinneadh a dhéanamh an éireodh sé as Westminster. Cibé geit a baineadh as vótóirí Ghleann an Lagáin níorbh údar iontais do pholaiteoirí eile é nuair a d’fhógair ceannaire an DUP go bhfanfadh sé ina fheisire Parlaiminte mar chuid dá fheachtas in éadan an phrótacail iarBhreatimeachta. D’ainmnigh sé an t-iarfheisire Parlaiminte Emma Little Pengelly, mar theachta Tionóil ina ionad.

Tá a lán taithí ag Emma Little Pengelly ar an bpolaitíocht in Stormont. Chaith sí blianta mar chomhairleoir in oifig an Chéad-Aire, le Ian Paisley, Peter Robinson agus Arlene Foster; d’éirigh sí as a post anuraidh nuair a toghadh Edwin Poots mar cheannaire agus dúirt go raibh sí ag filleadh ar a gairm mar abhcóide. Le déanaí bhí sí ar na meáin go minic mar thráchtaire ar ghnóthaí polaitiúla agus le linn an chomhairimh tar éis thoghchán an Tionóil. Ní bhfuair éinne leide go bhfillfeadh sí ar Stormont mar ionadaí taobh istigh de sheachtain.

Chomh maith lena taithí mar chomhairleoir ba Theachta Tionóil í do Bhéal Feirste Theas ar feadh tréimhse; comhthoghadh í in 2015 nuair a d’éirigh Jimmy Spratt as de bharr drochshláinte. Choinnigh sí an suíochán i dtoghchán an Tionóil an bhliain dár gcionn ach chaill sí é in 2017. Cúpla mí ina dhiaidh sin, in olltoghchán tobann Theresa May toghadh í ina feisire Parlaiminte do Bhéal Feirste Theas; chaill sí an suíochán sin san olltoghchán in 2019 agus d’fhill ar oifig an chéad-aire in Stormont mar chomhairleoir ag Arlene Foster.

Bhí sioscadh agus tuairimíocht ann go seasta le linn fheachtas an toghcháin faoi cé a chomhthoghfaí do Stormont dá ndéanfadh Jeffrey Donaldson cinneadh fanacht in Westminster. Daoine atá gníomhach san DUP i nGleann an Lagáin a bhí á lua, go háirithe Paul Rankin, an comhairleoir áitiúil a chaith cúpla seachtain mar theachta comhthofa roimh scor an Tionóil i dtús an Aibreáin. Seans go gceapann an DUP gur iarrthóir maith í Pengelly don gcorrthoghchán i nGleann an Lagáin nuair a aistreoidh Donaldson go Stormont; tabharfaidh a tamall mar theachta Tionóil deis do na vótóirí aithne a chur uirthi. 

Sé comhthoghadh Emma Little Pengelly a tharraing aird ar chleachtais in Stormont ach b’údar suntais é go raibh an ceathrú cuid den 90 teachta comhthofa nuair a tháinig deireadh leis an téarma roimh an toghchán. Glacadh leis an gcóras chun déileáil le cúinsí amhail folúis de bharr drochshláinte, bás, éirí as nó imeacht go Westminster.

Le linn an Tionóil deiridh mar shampla tháinig Cara Hunter i nDoire Thoir i gcomharbacht ar John Dallat a bhásaigh. Fuair Trevor Clarke DUP suíochán Tionóil Paul Girvan nuair a toghadh eisean ina fheisire Parlaiminte, Siobhan McLaughlin i nDoire in áit Colum Eastwood SDLP agus Diane Dodds DUP in ionad Carla Lockhart. Ceapadh John Blair Alliance i gcomharbacht ar David Ford a d’éirigh as agus Rachel Woods, Comhaontas Glas in áit Stephen Agnew.

Níl sa liosta sin ach blaiseadh. Úsáidtear comhthoghadh freisin chun páirtí a athnuachan nó a neartú. Ag Sinn Féin a bhí an líon ba mhó, é de nós acu daoine a cheapadh tamall roimh thoghchán ionas go mbeidh taithí acu mar iarrthóirí. Scéal ar leith ab ea cás Shinn Féin sa bhFeabhal, áit ar comhthoghadh ceathrar do dhá shuíochán le cúpla bliain. Daoine comhthofa ab ea Padraig Delargy agus Ciara Ferguson, na hiarrthóirí sa toghchán; ceapadh iad anuraidh in ionad Martina Anderson agus Karen Mullen a bhí comhthofa freisin.

Nuair a athbhunaíodh Stormont dhá bhliain ó shin ionadaithe comhthofa ab ea 16 as an 90 teachta. Faoi dheireadh shaolré an Tionóil sin bhí leas bainte as an tseift 26 uair. Go minic is comhairleoirí áitiúla iad na daoine a fhaigheann an chéim anairde ach níl sé riachtanach gur duine a sheas i dtoghchán ar bith an té a chomhthoghfar. 

Níor mhiste úsáid na seifte a scrúdú. Arbh fhearr liosta d’fhir/mná ionaid a fhoilsiú aimsir thoghcháin? Ar cheart rialacha níos soiléire a leagan síos maidir leis na coinníollacha? Cén saghas teorainn a chuirfí air? Níor leor cead a thabhairt i gcás drochshláinte nó bás ach ba cheart iarracht a dhéanamh a chinntiú gur ar mhaithe leis an bpobal seachas ar mhaithe le páirtithe a úsáidtear an comhthoghadh.

Fág freagra ar 'Caithfear a chinntiú gur ar mhaithe leis an bpobal seachas na páirtithe an comhthoghadh '