‘Cad Zsé mar atá tú?’ – an tUngárach ar superfan ‘Ros na Rún’ agus ghramadach na Gaeilge í

Tar éis do Zsé Varga teacht anseo ón Ungáir thosaigh sí ag tabhairt faoi deara go raibh Gaeilge chuile áit thart uirthi

‘Cad Zsé mar atá tú?’ – an tUngárach ar superfan ‘Ros na Rún’ agus ghramadach na Gaeilge í

‘Tá mé gafa go hiomlán le Ros na Rúní’, a dúirt an bhean ar an teileafón liom.

‘D’fhéach mé ar chúig eipeasóid i ndiaidh a chéile aréir!’

Thosaigh Zsé Varga ag foghlaim na Gaeilge roinnt blianta ó shin. Tar éis di teacht anseo ón Ungáir sa mbliain 2006, thosaigh sí ag tabhairt faoi deara go raibh Gaeilge chuile áit thart uirthi. ‘Chonaic mé comharthaí i nGaeilge gach áit– ‘Bruscar,’ ‘As Seirbhís,’ agus a leithéid agus chuir mé suim iontu.’

Ina dhiaidh sin dúirt comhghleacaí a raibh Gaeilge aige léi go dtabharfadh sé cúnamh di an teanga a fhoghlaim agus d’fhanadar tar éis na hoibre uair sa tseachtain agus ise ag cur lena stór focal. ‘Ní raibh aon struchtúr ag baint leis – ach d’fhoghlaim mé roinnt mhaith,’ a dúirt sí liom.

Agus í ag iarraidh tógáil ar an mbonn sin, d’fhreastail Zsé ar chúrsa Gaeilge in Inis Oírr sa mbliain 2017, rud a thaitin thar cionn léi. Anois, bhí sí i lár phobal labhartha Gaeilge agus bhí saol nua ar fad thart uirthi – saol oileáin.

Rinne sí an-dul chun cinn in Inis Oírr agus chinn sí ar chúrsa a aimsiú a shásódh na riachtanais teanga ar fad a bhí aici.

‘Caithfidh tú a bheith oscailte faoi rudaí nua – measaim go bhfuilimse an-oscailte,’ dúirt sí. ‘Mar shampla, tharlódh nach mbeadh fuaimeanna áirithe agat i do theanga féin – caithfidh tú iad sin a fhoghlaim.’

‘Ní maith le daoine fásta rudaí a dhéanamh nach mbíonn ar a dtoil acu – bíonn siad ag iarraidh a bheith ‘foirfe’ i gcónaí. Tá sé deacair don duine fásta [a bheith ina fhoghlaimeoir teanga].’

Is léir gur duine an-oscailte í Zsé agus go dtugann sí faoi rudaí nua go fonnmhar. Casadh fear uirthi – Gael-Mheiriceánach a raibh Gaeilge líofa aige. Thosaigh siad ag comhrá lena chéile agus fuaireadar amach go raibh rud amháin a thaitin leis an mbeirt acu, creid é nó ná creid – gramadach na Gaeilge.

‘Tá gramadach na Gaeilge an-loighciúil,’ mhaígh sí. Bhuel, sin rud nár chuala mé cheana. ‘Tá sí i bhfad níos éasca ná gramadach an Bhéarla,’ a deir sí. ‘Mar shampla, níl ach 11 briathar neamhrialta sa Ghaeilge – tá na céadta díobh sa Bhéarla.’ Thosaigh sí ag ríomh liosta na mbriathar neamhrialta dom – d’fhan mise im’ thost.

Ina dhiaidh sin, thriail sí cúrsaí difriúla – Gael Linn, Conradh na Gaeilge agus Gaelchultúr ina measc. Ba é cúrsa Ghaelchultúr an ceann ba mhó a thaitin léi agus mheas sí go raibh luí ar leith aici le canúint Uladh ina dhiaidh sin.

Luaigh sí freisin an Aip ‘italki’- a oibríonn ar mhúnla AirBnB. Fógraíonn na múinteoirí go bhfuil an tseirbhís á cur ar fáil acu ar an suíomh agus déanann tú do rogha ansin idir múinteoirí agus idir na bealaí gur féidir comhrá a dhéanamh leo – Skype nó Zoom nó a leithéid. Tá sí ag triail ainmneacha nó hanlaí éagsúla a bheadh feiliúnach do na meáin shóisialta – ‘Briathra Zsé,’ ceann acu. ‘Cad Zsé mar atá tú?’ a deir sí agus í ag gáire.

Ba í mo chara Eithne ón gclub padlála, a oibríonn go deonach le ‘Blood Bikes East’, a chuir Zsé in aithne dom. Mar a tharla sé, b’oibrí deonach leis an dream sin í bean na hUngáire freisin.

D’inis Zsé dom go n-oibríonn sí go lánaimseartha leis an eagraíocht ‘Volunteer Ireland’ – an dream a dhéanann comhordú ar an earnáil sin. Agus anuas air sin, oibríonn sí go deonach cúpla uair sa mhí agus í i mbun na hoibre céanna a dhéanann mo chara, Eithne. Is tiománaithe iad an bheirt acu a dhéanann turais phráinne le fuil nó ábhar eile a theastaíonn go práinneach ó na hospidéil.

Ba iad na gluaisrothair a tharraing a haird an chéad lá ar an gcarthanacht ‘Blood Bikes East’. Bhí suim aici féin sna rothair agus casadh scata ban uirthi a raibh gluaisrothair acu. Bhí duine de na ‘bikers’ sin ag obair go deonach do Blood Bikes East (tá brainse den charthanacht i ngach cearn den tír.) Ach mar a fuair mo chara féin amach, ní ligtear amach ar ghluaisrothar tú gan ceadúnas speisialta san obair sin. Mar sin thoiligh sí a bheith ina comhordaitheoir i dtosach.

Chaith sí cúig bliana i mbun na hoibre sin agus thosaigh sí ag tiomáint dóibh ina dhiaidh sin. (Tá a gcuid carranna féin ag Blood Bikes East).

Agus ansin casadh gluaisrothaí uirthi sa charthanacht a raibh Gaeilge aige agus thosaigh siad ag comhrá lena chéile i nGaeilge. ‘Chuir mé na teachtaireachtaí chuige i nGaeilge- cá raibh sé le dhul le pacáiste, nó cá raibh sé le fuil a phiocadh suas, agus mar sin de.’

‘An rud is mó a theastaínn uaim, ná deis labhartha Gaeilge,’ dúirt sí. ‘Éistim le Raidió na Life agus taitníonn sé sin liom. Feictear dom gur daoine iad siúd a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus tá siad níos sothuigthe ná na daoine a bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas.’

Ansin thosaigh sí ag inseacht dom faoi Ros na Rún agus cé chomh tógtha is atá sí leis an sobaldráma.

Chuir sí fúithi n roinnt mhaith bailte difriúla ó shocraigh sí síos sa tír seo. Agus anois tá áit bhuan aimsithe aici féin agus a fear san Aill, gar do Bhaile Brigín.

‘Tá an chéad ‘Pop-Up Gaeltacht’ riamh ar an mbaile le bheith ann anocht,’ d’inis sí dom agus í ag súil go mór le bheith ag freastal air. ‘Beidh mé in ann na daoine eile a bhfuil an Ghaeilge acu ar an mbaile a aimsiú agus beidh deis againn ansin bualadh leo arís.’

Tháinig siad ar an teach san Aill díreach sular bhuail an phaindéim agus go tobann, chuir sin deireadh le haon ócáidí sóisialta a bhí beartaithe ar an mbaile. Ach measann sí go bhfuil muintir an bhaile an-chairdiúil agus tá sí ag súil go mór le socrú síos ann.

‘Níl mórán eachtrannach na gcónaí san Aill,’ a dúirt sí. ‘Is cineál rud ‘nua’ muid – níl éinne diúltach ar an mbaile.’

Anois, nach aisteach an rud é go gcaithfeadh duine é sin a rá?

 

Is féidir alt a scríobh Zsé do shuíomh idirlín Volunteer Ireland le haghaidh Sheachtain na Gaeilge a léamh anseo

Fág freagra ar '‘Cad Zsé mar atá tú?’ – an tUngárach ar superfan ‘Ros na Rún’ agus ghramadach na Gaeilge í'

  • Fergus na Foghraíochta

    Százezer üdvözlet önnek Zsé!!
    Is bealach iontach é foghlaim na Gaeilge d’inimircigh líonra cairde agus teagmhálaithe a chruthú.
    Tá sé in am ag craobhacha Chonradh na Gaeilge srl feachtas feasachta a bhunú chun tuilleadh inimircigh ar nós Zsé a mhealladh i dtreo foghlaim na Gaeilge.