Cad is féidir a dhéanamh chun teacht i gcabhair ar Theresa May bhocht?

Polaiteoirí na Breataine agus príomh-aire éidreorach a chuir a dtír i sáinn. Ní féidir le rialtais na hEorpa an tír a tharrtháil anois…

Cad is féidir a dhéanamh chun teacht i gcabhair ar Theresa May bhocht?

An bhfuil aon seans ann dáiríre go dtiocfaidh polaiteoirí na Breataine chun céille idir seo agus lá an Bhreatimeachta? Tá an cheist sin á plé anois ar fud na hEorpa, agus an t-éadóchas ag dul i dtreise in aghaidh an lae. 

Bhí toradh soiléir amháin ar chamchuairt Theresa May ar Bhéal Feirste, ar an mBruiséil agus ar Bhaile Átha Cliath i rith na seachtaine. Is léir do chách taobh amuigh den Ríocht Aontaithe anois nach bhfuil gnáthshaothar polaiteora idir lámha aici níos mó.

Is dlúthchuid de shaothar gach príomh-aire nó Taoiseach aidhm ar féidir í a bhaint amach a fhógairt agus a chomhlíonadh. Nó, más léir dóibh nach féidir an aidhm a chomhlíonadh, géilleadh nó tarraingt siar ar bhealach éigin ionas go gcomhlíonfar cuid di.

Ní saothar suarach ach saothar uasal é seo, mar a scríobh Garret Fitzgerald ina leabhar Reflections on the Irish State. Teastaíonn polaiteoirí i ngach tír le mianta an mhóraimh a chur i gcomhréir le beartais atá riachtanach, stuama, agus morálta. 

Ní foláir a rá ar ndóigh ag an bpointe seo gur in 2003, sé bliana déag tar éis dó éirí as oifig mar Thaoiseach, a scríobh Garret Fitzgerald a chur síos ar ghairm an pholaiteora. Ní foláir a rá freisin nach rómhinic a d’éirigh leis déanamh de réir a bhriathair nuair a bhí sé i gceannas ar an rialtas.

Ní bua ná géilleadh atá á bheartú anois ag Theresa May. Níl comhcheilg ná comhréiteach beartaithe aici ach oiread. Níl fágtha mar sin ach briathra nua gan substaint ón mBruiséil, agus méadú ar fhaitíos as cuimse sa tír dá réir sna seachtainí deireanacha seo roimh lá an Bhreatimeachta.

Níl ach dhá ábhar a bhaineann leis an mBreatimeacht a bhfuil May agus móramh in Westminster ar aon tuairim fúthu:

  1. Tá leigheas praiticiúil ar an mórcheist, agus ar cheist chúlstad na hÉireann go háirithe, á sheachaint acu i gcónaí. ‘Is ag síordhul timpeall ar an gceist is práinní atá a bhformhór,’ a dúirt an feisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Caroline Lucas, ‘gan déileáil dáiríre léi riamh.’ Bean mhacánta ag caint.
  2. Tá rún rite in Westminster a deir nach mian le móramh tarraingt amach as an Aontas Eorpach gan mhargadh. Ach sin a tharlóidh, mura leasaítear an tAcht Breatimeachta ina bhfuil foráil a deir nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ina ballstát den Aontas Eorpach ón 29 Márta 2019.

Idir an dá linn tá ‘feabhas’ ar an gcomhaontú leis an AE á iarraidh ag Theresa May, ainneoin é a bheith ráite aici féin roimhe seo nach mbeadh comhaontú níos fearr ar fáil.

Tá ‘socruithe malartacha’ nár aimsíodh fós á ndréachtú ag coiste a chuir an páirtí Caomhach ar bun, ainneoin é a bheith soiléir do gach duine réasúnta nach bhfuil a leithéid ann, agus nach nglacfar leo sa mBruiséil.

Tá leasú ar an gcomhaontú fós á iarraidh ag an DUP, ainneoin é a bheith ráite arís agus arís eile ag an AE nach n-athrófar é.

Céard is féidir leis an Rialtas a dhéanamh chun cuidiú leis an mBreatain éalú ón bhféindochar atá roimpi? Rud ar bith, leis an bhfírinne a rá. Seachas a bheith lách agus fáilte a chur roimh Theresa May ag dinnéar na hoíche aréir i mBaile Átha Cliath. Nó seachas briathra agus gealltanais a thairiscint mar shoiléiriú ar an gcomhaontú aistarraingthe, gan a éirim a athrú.

Chuir polaiteoirí na Breataine, agus Príomh-Aire éidreorach éagumasach i gceannas orthu, a dtír i sáinn. Ní féidir le rialtais na hEorpa an tír sin a tharrtháil anois. Is faoi ionadaithe tofa na tíre atá sé a rogha a dhéanamh anois idir díobháil as cuimse nó an damáiste sin a shrianadh (ar a dtugtar comhréiteach de ghnáth). Más moill ar chúis réasúnta a theastaíonn uathu, nó má fhógraíonn siad go dtarraingeoidh siad siar óna ‘línte dearga’, tosóidh idirbheartaíocht nua gan mhoill. Ach is fúthu atá sé seasamh na tíre a athrú, más mian leo.

Idir an dá linn, thug pobalbhreith ar-líne a d’fhoilsigh Sky News Dé hAoine léargas ar mheon mhuintir na hÉireann faoin tsáinn. Dúirt 79 % de shíntiúsóirí Sky abhus gur chóir don rialtas an fód a sheasamh agus an cúlstad á chosaint acu, fiú mura dtiocfar ar réiteach leis an mBreatain dá bharr. Níor dhúirt ach 7% a mhalairt.

Ní suirbhé lánionadaíoch é, ach is féidir breathnú air mar léiriú iontaofa ar dhearcadh an mhóraimh. Tá an margadh déanta. Tá ár leaba cóirithe againn. Níl aon rogha anois againn ach luí inti, cibé praghas a bheidh orainn a íoc.

Fág freagra ar 'Cad is féidir a dhéanamh chun teacht i gcabhair ar Theresa May bhocht?'

  • Aonghus

    Cruinn beacht a Chathail.

  • Eoin Ó Murchú

    Tosaíonn Cathal ar an tuairim gur rud éagiallmhara é Breatimeacht, agus ní nach íonadh críochnaionn sé leis an tuairim chéanna. Is léir ámh nach dtuigeann sé na fáthanna gur vótáil móramh na Breataine ar son imeachta. Nó an é go bhfuil an oiread sin céille ag Cathal go gcaithfidh gur rud éagiallmhat e gan aontú leis? Agus toisc nach dtuigeann Cathal gur féidir le daoine ciallmhara tíocht amach in aghaidh an Aontais Eorpaigh, ní thuigeann sé ach an oiread céard is cóir duinne a dhéanamh le cibé droch-thionchar a bheidh orainn mar gheall air a laghdú.
    Sea, seo muid ciorcal an oilc nuair atá ciorcal machtnaimh ag teastáil.

  • Léitheoir

    An-léargas ag Cathal ar chúrsaí mar is dual dó. Is léir gur gníomh díchéille an Breatimeacht gan aon mhachnamh ná plean ceart a bheith déanta roimh ré ag na daoine a chuir chun cinn é. Ní hin le rá nach raibh cúiseanna maithe ag cuid de na daoine a vótáil ar a shon ach bhí na cúiseanna sin, den chuid ba mhó, bunaithe ar aineolas faoin AE agus an tábhacht atá leis. Ní hin le rá nach bhfuil an AE gan locht, ach tá sé fós i bhfad níos fearr ná an tsáinn ina mbeidh an Bhreatain má fhágann sé gan mhargadh.