Cad é an sórt ‘entity’ é Tuaisceart Éireann?

Luath nó mall, tugtar ort rogha a dhéanamh ar bhratach agus an stair a bhaineann léi

Cad é an sórt ‘entity’ é Tuaisceart Éireann?

Pól Ó Muirí

I’ve been waiting such a long time
Looking out for you
But you’re not here
What’s another year?
 

Agus seo á scríobh i lár mhí na Nollag, tá na cainteanna a bhí ar siúl le Tionól Thuaisceart Éireann a athbhunú i ndiaidh teacht chun críche gan toradh. Lean cainteanna i ndiaidh na gcainteanna, seanghnás de chuid phróiseas na síochána, agus thuigfeá as an chleachtas go raibh rún ann margadh a dhéanamh luath nó mall.

Is ar chúrsaí airgid atá an bhéim á cur faoi láthair; caint ann ar £2.5 billiún ó Londain le polaiteoirí a mhealladh ar ais go suíocháin dheasa chompordacha Stormont. Níl deifir mhór ar pháirtí ar bith, is cosúil, glacadh leis an tairiscint agus iad, de réir na dtuairisicí nuachta, ar aon fhocal amháin nach leor é. An TUV amháin, páirtí traidisiúnta aontachtach, atá ag cur in éadan an t-airgead a thógáil; ní fiú do chearta a dhíol, a deir siad.

Ag tarraingt ar dhá bhliain a bheas an tionól ar fionraí go luath. Ba é an tionól an tsiombail ba mhó go raibh cúrsaí polaitíochta sa taobh seo tíre ag pilleadh ar an mhodh normálta, go raibh cuma na measúlachta, faoi dheireadh agus faoi dheoidh, ar chúrsaí polaitíochta nach raibh chomh measúil sin le blianta; go raibh an bhréag tugtha do ghoineog Charles Haughey gur “failed political entity” a bhí i dTuaisceart Éireann.

(De réir mar a leanann cúrsaí ar aghaidh, seans go mbeidh orainn an deatach a ghlanadh arís de nath fhear caite na léinte Charvet.)

I’ve been waking such a long time
Reaching out for you
But you aren’t near
What’s another year?

Cad é an sórt “entity” é Tuaisceart Éireann? Ní tír í, bíodh is go mbíonn fonn ar aontachtaithe “tír” a thabhairt uirthi. Ach is léir don dall nach tír í ar an dóigh chéanna le, abair, Albain nó an Bhreatain Bheag, limistéir stairiúla sheasta a bhfuil stair ar leith ag baint leo mar stáit neamhspléacha.

Tír gearrtha as tír? Tír a thiocfas chuici féin le himeacht ama ach deis a fháil? Tír a mheallfas toil an phobail, nó an mhórchuid, le droim láimhe a thabhairt le hÉirinn agus leis an Bhreatain ar ball, a thógfas comhfhéiniúlacht bunaithe ar, ar, bhuel, em, sin an cheist. Luath nó mall, tugtar ort rogha a dhéanamh ar bhratach agus an stair a bhaineann léi.

What’s another year
To someone who’s lost everything that he owns?
What’s another year
To someone who’s getting used to being alone?

Cúige? Ní cúige ar fad é, más náisiúntóir thú – tá contaetha ar iarraidh – agus, ar an drochuair d’aontachtaite, níl a leithéid de rud agus “cúige” le fáil sa Bhreatain. Baineann an cúige le traidisiún polaitíochta agus cultúrtha na hÉireann. Is minic a chluinfeá an focal “province” ar bheola pholaiteoirí agus shaighdiúirí na Breataine sna seanlaethanta agus mhothaigh mé i gcónaí go raibh an focal coimhthíoch acu. Ní nach ionadh, ní imríonn duine ar bith cruicéad ar son a chúige i Sasana.

I’ve been praying such a long time
‘Cause that’s the only way to hide my fear
What’s another year?

Cad é mar a réitíonn tú dhá chur chuige pholaitiúla nach bhfuil le réiteach, is cosúil? Cad é mar a dhéanann tú “fulfilled political entity” den “failed political entity”? Bheadh ar pháirtithe a bheith ionraic faoina gcuid mianta agus ní bhíonn. Faoi mar atá cúrsaí anois, tá an dá bhloc mhóra – Sinn Féin agus an DUP – ag iomrascáil le chéile leis an cheann is fearr a fháil ar a chéile. Dhéanfaidh siad an rud céanna ar a chéile agus a rinne siad ar an UUP agus ar an SDLP lá ní ba luaithe anonn, iad a chrá agus a laghdú agus a chiapadh go dtí go mbíonn an bua acu.

What’s another year
To someone who’s lost everything that he owns?
What’s another year
To someone who’s getting used to being alone?

Níl ar siúl anois ach an éabhlóid is déanaí i gcúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart. Níl gean acu ar a chéile – ní raibh riamh – agus tá deireadh leis an chur i gcéill. Beidh an lá le dream amháin nó eile; beidh dream amháin thuas agus dream eile thíos agus sin a mbeidh de.

Má athbhunaítear an tionól, an mairfidh sé i bhfad? Ní ceist chiniciúil í ach ceist riachtanach. Tá go leor fianaise againn faoin am seo lena rá go mbaineann an dá pháirtí mhóra feidhm as an chóras a fhad agus a fhóireann sé dóibh agus ní bhíonn siad thíos leis mura bhfóireann. Sa chomhthéacs sin, cad é is fiú an tionól?

Agus na vótóirí bochta?

I’ve been crying such a long time
With such a lot of pain in every tear
What’s another year?
What’s another year?
What’s another year?

Fág freagra ar 'Cad é an sórt ‘entity’ é Tuaisceart Éireann?'