Cá mbeimis, agus TG4, gan Hector Ó hEochagáin?

Tá nasc chomh mór ag Hector Ó hEochagáin le TG4 anois gur deacair sceideal an stáisiúin a shamhlú dá cheal

Cá mbeimis, agus TG4, gan Hector Ó hEochagáin?

“Táimid ar an mbóthar arís leaids,” a deir Hector Ó hEochagáin linn go lúcháireach ag tús Hector USA – Cósta go Cósta (TG4, Déardaoin). N’fheadar Dia ná duine an mó míle atá curtha de ag Hector ó thosaigh sé ag taisteal na cruinne do chláracha taistil stáisiún Bhaile na hAbhann.

Tá nasc chomh mór ag an seanfhondúir le TG4 anois gur deacair sceideal an stáisiúin a shamhlú dá cheal. Tá fear na gruaige rua agus a chuid alfraitsíochta in áiteanna coimhthíocha i bhfad ó bhaile chomh neadaithe i gcultúr coiteann na hÉireann nach bhfuil gá ach a chéad ainm lua len é a chur in iúl.

Sa tsraith ocht gclár seo tugann fear na hUaimhe faoi thuras bóthair 5,000 míle ó Sapelo Sound in Georgia go San Diego, California. Fan na slí beidh sé ag spaisteoireacht in Alabama, Mississippi, Louisiana, Texas agus New Mexico, ‘croílár dheisceart Mheiriceá’ faoi mar a thugann sé féin air.

Cuirtear tús greannmhar drámatúil leis an gclár agus soilse charr na bpóilíní ag soilsiú sa chúlra fad is atá Hector ag cur de sa chairt. Gach aon bhleaist ag Hector go tíriúil ach é umhal is béasach fad is atá an póilín ag iniúchadh a cheadúnas tiomána. An rud ar fad socraithe is dócha, ach nach cuma.

Vae leis ansin agus é mar aidhm aige imeacht ar chúl éaga le héachtaint a thabhairt ar shaol, ar phobal agus ar an saol sa chuid seo de Mheiriceá. An dáimh le gunnaí, coimeádachas, cúrsa cine is ciníochais agus tréithe mhuintir an deiscirt a bhí idir chamáin sa chéad chlár.

Mar is dual dó cuireann Hector meascán mearaí de dhaoine, áiteanna agus nósanna os ár gcomhair. An t-iascaire sliogéisc, an tiománaí leoraí, an sirriam, an mílíste agus a lán eile nach iad.

Mheasas gurbh í an tréimhse a chaith sé i bhfochair  ‘The Three Percenters’, grúpa mílíste atá gafa le gunnaí agus paranóia, an chuid ba shuimiúla de chlár an Déardaoin.  “I am going to shoot that bastard right in his fucking face,” a dúirt duine acu agus é ag trácht ar cad a dhéanfadh sé dá dtiocfadh sé ar lámhachóir. Ní fhéadfaí éalú ón dúil sa ghunnaí. Thug paiste cainte le méara Kennesaw le fios go bhfuil dualgas dlí ar gach úinéir tí sa bhaile seo, sin 37,000 duine, gunna a bheith acu.

Fuaireas an-bhlas chomh maith ar an dreas cainte a dhein sé le múinteoir agus scoláirí Ardscoil Wheeler mar a bhfuil an-bhéim ar an gcispheil. Cuid acu seo a bhfuil gaiscí cispheile sa chinniúint acu agus fear na Mí ag maíomh as a ghaiscí leis an bhfoireann C faoi-15.

Is é nádúr an chláir go mbeadh na haíonna ar fad ag caint as Béarla agus tá a reacaireacht shainiúil féin ag Hector. Baineann a charúlacha a gcasadh féin as an nGaeilge agus an Béarla.

Tá bua ag Hector daoine a chur ar a gcompord nuair a bhíonn sé i mbun cainte leo agus is beag rud a chuireann mairg, scáth ná eagla air. Ina dhiaidh sin féin theastaigh uaim go dtabharfadh sé dúshlán na n-aíonna nuair a bhí ábhar sollúnta idir chamáin, cuimhním ach go háirithe ar an ngrúpa mílíste úd.

Is deas a bheith ina fhochair i gcónaí. Cá mbeimis, agus TG4, gan é?

Fág freagra ar 'Cá mbeimis, agus TG4, gan Hector Ó hEochagáin?'