Buartha faoin athrú aeráide? Cuir tús le ceapach glasraí!

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tabhairt faoi cheapach glasraí ceann de na rudaí is fiúntaí gur féidir leis an duine aonair a dhéanamh sa chath i gcoinne athrú na haeráide

Buartha faoin athrú aeráide? Cuir tús le ceapach glasraí!

 

Déanta na fírinne, fonn airgead a shábháil a spreag an Saoithín Aeráide an chéad lá riamh le spád a chur sa talamh agus cuid den ghairdín a iompú ina cheapach glasraí.

Tá an Saoithín Aeráide díreach tar éis filleadh ar an bhfód dúchais tar éis 16 bliain ar an gcoigríoch, agus tá an costas maireachtála ar an bhfód dúchais níos airde ná mar a bhí thar lear.

Ach de réir mar a thosaigh an Saoithín ag déanamh taighde dá thogra nua, fuair sé amach go bhfuil tabhairt faoi cheapach glasraí ar cheann de na rudaí is fiúntaí gur féidir leis an duine aonair a dhéanamh sa chath i gcoinne athrú na haeráide agus ar son na timpeallachta.

I dtús báire, ní bhíonn ort na glasraí agus na torthaí a fhásfaidh tú féin a cheannach, agus dá bharr sin ní bhíonn ar leoraí, ar bhád nó ar eitleán na glasraí agus na torthaí sin a thabhairt chomh fada leis an ollmhargadh. Dá mhéad líon na ndaoine a fhásfaidh a gcuid glasraí agus torthaí féin, is ea is suntasaí an laghdú a thiocfaidh ar an aschur CO2.

Ach an raibh a fhios agat gur bealach iontach le CO2 a choinneáil sa talamh – áit nach ndéanann sé dochar – atá sa cheapach glasraí lena chois? Amach leis an gcoincréit, leis an ngairbhéal agus leis na slisíní adhmaid mar sin agus isteach leis an mbiatas, leis na cairéid agus leis na meacain bhána – agus leis na bláthanna fiáine.

Bláthanna fiáine sa cheapach glasraí? Cinnte déarfá – beidh siad uait chun na beacha a mhealladh a theastóidh uait chun do chrann úll agus do chuid plandaí eile a phailniú. Agus sin cúis eile go bhfuil an cheapach glasraí chomh maith sin don timpeallacht: an bhithéagsúlacht.

Gan dabht níl tú ag iarraidh go n-íosfaidh na seilidí agus na lonta dubha do chuid sútha talún, ach tá bealaí eile ann seachas ceimiceáin chun do cheapach glasraí a chosaint. Ní bheidh leasú saorga uait ach chomh beag chun feabhas a chur ar an ithir nó chun do chuid glasraí a bheathú: déanfaidh aoileach, múirín nó glac feamainne féin cúis. Agus ar an gcaoi sin, ní hamháin go mbeidh bia níos folláine á ithe agat féin; ní dhéanfar dochar don timpeallacht ach oiread.

Dála an scéil, ag caint ar fholláine: gan dabht bíonn an obair i gceapach na nglasraí go hiontach do do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach féin.

Gnáthchuid den saol a bhíodh i gceapach na nglasraí glúin nó dhó ó shin, ní hamháin faoin tuath ach i gcuid mhór cathracha ar fud an domhain. An raibh a fhios agat, mar shampla, gur i gceapacha príobháideacha a bhíodh 40 faoin gcéad de na glasraí agus de na torthaí sna Stáit Aontaithe á bhfás le linn an dara cogadh domhanda?

Gan dabht tá cogadh nó dhó ar siúl faoi láthair freisin, an cath i gcoinne athrú na haeráide ina measc. Den chéad uair le fada, ó chuir sé tús lena cheapach glasraí féin, mothaíonn an Saoithín Aeráide go bhfuil difear dáiríre á dhéanamh aige sa chath sin.

Fág freagra ar 'Buartha faoin athrú aeráide? Cuir tús le ceapach glasraí!'