An t-údar Fionntán de Brún agus na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht a thug leo Gradam Uí Shúilleabháin don úrscéal Béal na Péiste ag na Gradaim Foilsitheoireachta Gaeilge 2023 a bhí ar siúl i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
Bronnann Oireachtas na Gaeilge Gradam Uí Shúilleabháin ar leabhar na bliana don léitheoir fásta.
Bronnadh €5,000 ar Chló Iar-Chonnacht agus €2,500 ar an údar Fionntán de Brún.

Is é Amuigh Faoin Spéir le Sadhbh Devlin, a d’fhoilsigh an comhlacht Futa Fata, a thug leis Gradam Réics Carló i mbliana, gradam leabhar na bliana do pháistí.
Bronnadh €5,000 ar Futa Fata; €1,250 ar Shadhbh Devlin agus €1,250 eile ar mhaisitheoir an tsaothair, Brian Fitzgerald.
Ar Dharach Ó Scolaí agus na foilsitheoirí Leabhar Breac a bronnadh Gradam de Bhaldraithe i mbliana, an gradam don leabhar is fearr a aistríodh go Gaeilge.
€1,500 a bronnadh ar Leabhar Breac don aistriúchán ar Cuairt san Nicolás agus €500 a bronnadh ar Dharach Ó Scolaí.
20 leabhar ar fad a bhí ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo: seacht leabhar a bhí ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin; sé leabhar a bhí ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe; agus seacht gcinn de leabhair a bhí ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.
Naoi dteach foilsitheoireachta a bhí san iomaíocht do ghradaim na bliana seo: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cló Léann na Gaeilge (CLÓ); Dalen Éireann; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR; agus Picnic Press.
Duaischiste €17,000 san iomlán a bhí ann do ghradaim na bliana seo.
Rinne Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, comhghairdeas le Leabhar Breac, Cló-Iar Chonnacht agus Futa Fata agus leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo.
“Molaim an obair fhiúntach cheannródaíoch atá ar siúl i measc na dtithe foilsitheoireachta, scríbhneoirí, maisitheoirí agus aistritheoirí go léir a dhéanann cinnte go bhfuil sárfhoilseacháin i nGaeilge ar fáil do léitheoirí na Gaeilge,” arsa Ceannasaí an Oireachtais.
Ag an ócáid chéanna i Músaem Litríochta na hÉireann d’fhógair Comhar na scríbhneoirí is déanaí a mbeidh a bportráidí á gcur le Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, a sheol an chéim is déanaí sa tionscadal ‘Portráidí’.
D’fhógair an Dr Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, na scríbhneoirí a bheidh san áireamh in 2024: Ciara Ní Éineacháin, Eithne Ní Ghallchobhair, Majella Ní Dhomhnaill, Matt Hussey, Michelle O Riordan, Ógie Ó Céilleachair, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Seán Ua Súilleabháin.
Bhronn Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, portráidí ar scríbhneoirí a bhí páirteach sa tionscadal in 2023: Breandán Delap, iriseoir, Brenda Ní Shúilleabháin: díolamóir, scéalaí agus scríbhneoir scripte, Dara Ó Conaola: gearrscéalaí, Marie Whelton, scríbhneoir,
Meidhbhín Ní Úrdail, Ollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus scríbhneoir; Neil Buttimer, iarléachtóir sinsearach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus scríbhneoir acadúil; Rody Gorman, file agus staraí, Sadhbh Devlin, scríbhneoir.
Thréaslaigh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, a ngradaim le buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta.
“Léiríonn ardchaighdeán na bhfoilseachán an rogha fhairsing atá ar fáil i mbliana do léitheoirí Gaeilge idir óg agus fásta. Ábhar mórtais atá i liosta na Scríbhneoirí Gaeilge 2024 ó thaobh ilchineálacht na réimsí agus a bhfuil bainte amach ag na scríbhneoirí go dtí seo.”
Fág freagra ar 'Buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta na Gaeilge 2023 fógartha'