Buailfidh tonn ollmhór Éire agus beidh triomach mór ann sa samhradh

Tá Old Moore’s Almanac chugainn arís lena thairngreachtaí faoin mbliain atá romhainn

Buailfidh tonn ollmhór Éire agus beidh triomach mór ann sa samhradh

Tá Old Moore’s Almanac á dhíol go tréan ar fud na hÉireann aríst. Tá sé beagnach dhá chéad go leith bliain ó d’fhoilsigh Theophilus Moore as Contae Uíbh Fhailí é i dtosach.

Gaeilgeoir ba ea é siúd. Go deimhin bhíodh sé ag múineadh na Gaeilge.

Níl an t-almanag atá ann anois chomh riachtanach leis na cinn a bhíodh ann roimhe seo. Bíonn liosta de na marglanna agus de na haontaí ann i gcónaí. Bíonn teacht agus imeacht na taoille luaite agus ní dhéantar dearmad ar cheathrúna na gealaí.

Ach is é an t-athrú atá tagtha ar an saol gur féidir an t-eolas seo ar fad a fháil ar an idirlíon sa lá atá inniu ann.

Má féidir féin ceannaíonn daoine an t-almanag le bheith ag breathnú ar na tairngreachtaí atá ann faoin mbliain atá romhainn. B’fhéidir nach gcreidfeá iad ach is deas an caitheamh aimsire a bheith á léamh.

Is minic nach mbacann na léitheoirí le dhul siar ar na botúin a rinneadh an bhliain roimhe sin.

Ní raibh an réamhinsint faoi Chovid-19 ceart anuraidh, mar shampla. Dúradh go mbeadh muid réidh leis an víreas sa samhradh.

Ní raibh agus faraor níl fós.

Fear a thugann síceach air féin a rinne na tairngreachtaí le cur san almanag le deich mbliana anuas. Tá daoine ann a chreideann go bhféadfá a bheith i do shíceach. Níl bunús ar bith leis an tuairim sin a déarfadh daoine eile.

Maidir le cúrsaí spóirt, dúradh in almanag na bliana seo caite gurb í foireann Mhaigh Eo a thabharfadh Craobh na hÉireann leo sa bpeil. Ní hiad a rinne an beart ach foireann Thír Eoghain.

Bheifeá ag súil go roghnódh an síceach foireann Mhaigh Eo le theacht slán in 2022 ó tharla go bhfuil an mallacht a cuireadh ar fhoireann Mhaigh Eo tógtha díobh anois.

Le gairid a bhásaigh an nduine deireanach d’fhoireann 1951 a tharraing an mí-ádh orthu má b’fhíor. Ba é sin Paddy Prendergast.

An t-aon mhíniú atá air go raibh an t-eolas faoin bpeil curtha le chéile i bhfad roimh a bhás. Tosaítear ag cur an ábhair in eagar i mí an Mhárta nó i mí an Aibreáin.

Ag Baile Átha Cliath a bheas an bua sa bpeil in 2022 a deir an síceach anois. Is iad foireann iománaíochta Luimnigh a thabharfas Corn Mhic Cárthaigh leo agus is ag foireann rugbaí na Fraince a bheas an bua i gComórtas na Sé Náisiún.

Dúradh in almanag na bliana anuraidh go bhfaighfí comharthaí soiléire go bhfuil beatha taobh amuigh den ghrianchóras, go ndéanfaí sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta ar fud na hEorpa agus go dtarlódh timpiste núicléach.

Níor tharla ceann ar bith acu.

Céard faoi na tairngreachtaí eile atá déanta san almanag reatha? Deirtear ann go mbeidh bean ina Taoiseach ar Éirinn taobh istigh de thrí bliana. Níor ghá dhuit a bheith i do shíceach lena dhéanamh amach cé atá ar intinn acu.

Comhrialtas corrach a bheas faoina ceannas is cosúil. Tá cuma na fírinne ar an méid sin cinnte.

Buailfidh tonn ollmhór Éire, beidh triomach mór ann sa samhradh agus titfidh duartan sneachta sula mbeidh an bhliain caite.

Tarlóidh crith talún in Éirinn freisin ach ná bíodh muid buartha mar ní bheidh ann ach crith éadrom.

Ní miste a lua go bhfuil cóipeanna de na halmanaig ar fad a foilsíodh ón gcéad lá coinnithe i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ní thabharfaí cead dhuit ceann ar bith acu sin a thabhairt abhaile leat mar go bhfuil an chuid is sine acu ag titim chun léithe agus go mbeadh sé éasca dochar a dhéanamh dóibh.

Fág freagra ar 'Buailfidh tonn ollmhór Éire agus beidh triomach mór ann sa samhradh'