Bua ollmhór do pholaiteoir leath-Éireannach i dtoghcháin san Ísiltír

Tá gach cuma ar an scéal go gcaillfidh comhrialtas Mark Rutte a thromlach i Seanad na hÍsiltíre agus dul chun cinn déanta ag páirtí agóide ar an eite dheis agus ag comhghuaillíocht ar an eite chlé

Bua ollmhór do pholaiteoir leath-Éireannach i dtoghcháin san Ísiltír

Baineadh creathadh as saol polaitiúil na hÍsiltíre nuair a bhí bua ollmhór ag Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach (BBB) i dtoghcháin chomhairlí na bproibhinsí, comhairlí contae na hÍsiltíre.

D’éirigh go maith freisin le comhghuaillíocht dhá pháirtí ar an eite chlé, GroenLinks/PvdA (‘Comhaontas Glas’ na hÍsiltíre agus an Lucht Oibre.)

Ach theip go tubaisteach ar pháirtithe an rialtais (liobrálaigh an VVD agus D66 agus na páirtithe Críostaí CDA agus CU) agus thit an tóin ar fad as an bpáirtí nua-fhaisisteach FvD i dtoghcháin na seachtaine seo caite.

Tá tábhacht mhór le toghcháin chomhairlí na bproibhinsí ar an leibhéal náisiúnta óir is iad baill na gcomhairlí sin a roghnaíonn baill an Eerste Kamer, ‘An Chéad Seomra’, sin é Seanad na hÍsiltíre.

An chuma atá ar chúrsaí anois, caillfidh comhrialtas Mark Rutte (an ceathrú ceann faoina stiúir ó tháinig sé i gcumhacht in 2010) 10 suíochán nuair a thoghfar baill an ‘Chéad Seomra’ i mí na Bealtaine, rud a fhágfaidh nach mbeidh tromlach ag páirtithe an rialtais sa Seanad a thuilleadh.

Cé gur éirigh go maith freisin le comhghuaillíocht na nGlasach agus an Lucht Oibre, dhá pháirtí seanbhunaithe ar an eite chlé atá ag cumasc de réir a chéile, is dóichí ná a mhalairt nach mbeidh dóthain suíochán acu sin sa Seanad le go bhféadfaidh páirtithe an rialtais déanamh d’uireasa tacaíocht Ghluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach (BBB) sa teach sin.

Is fadhb mhór do pholasaithe timpeallachta an rialtais is ea é sin.

Go deimhin is iad polasaithe timpeallachta an rialtais is cúis leis an bhfás ollmhór atá ar Ghluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach le bliain nó dhó anuas.

Tá fearg ar fheirmeoirí agus ar chuid mhaith de ghnáthmhuintir na hÍsiltíre faoi na srianta daingne aeráide atá á gcur i bhfeidhm ar an earnáil talmhaíochta tar éis do Chúirt Uachtarach na tíre cinneadh a dhéanamh, in 2019, go gcaithfidh an stát cloí lena chuid spriocanna féin chun aschur na ngásanna is cúis le téamh an domhain a laghdú.

Níl ag Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach sa Tweede Kamer (‘An Dara Seomra’ – sin é an ‘Dáil’) faoi láthair ach suíochán amháin; ag duine de bhunaitheoirí an BBB, an t-iaririseoir talmhaíochta Caroline van der Plas (56) atá an suíochán sin.

Éireannach is ea máthair Van der Plas, Nuala Fitzpatrick (84). B’aeróstach le hAer Lingus í Nuala i ndeireadh na 1950idí agus i dtús na 1960idí, an chéad bhean phósta a bhí ina haeróstach ag an aerlíne sin, go deimhin. Bhí sí pósta ar iriseoir spóirt ón Ísiltír (nach maireann), d’fhoghlaim sí Ísiltíris ón iris Donald Duck agus chaith sí roinnt blianta ar chomhairle cathrach Deventer mar bhall den pháirtí Críostaí CDA – ceann de na páirtithe is mó a chaill vótaí do pháirtí a hiníne, Caroline.

Níl ag an BBB ach suíochán amháin sa ‘Dáil’, mar sin, ach tar éis toghchán na seachtaine seo caite is í gluaiseacht Caroline van der Plas an páirtí is mó i ngach ceann den 12 comhairlí proibhinse. Tá an chuma ar chúrsaí go mbeidh 17 den 75 suíochán sa Seanad acu agus go mbeidh siad ar an bpáirtí is mó sa teach sin freisin – rud a d’fhágfadh go mbeidh sé fíordheacair ar an rialtas cloí le cinneadh na Cúirte Uachtaraí agus a chuid spriocanna aeráide féin a bhaint amach, ní hamháin ag an leibhéal áitiúil ach ar leibhéal náisiúnta freisin.

Fás ollmhór ar Ghluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach agus dea-thoradh do pháirtithe na heite clé mar sin, ach thit an tóin ar fad as an FvD, (‘Fóram ar son an Daonlathais’), páirtí nua-fhaisisteach Thierry Baudet, polaiteoir atá tar éis éirí i bhfad níos radacaí ó bhí an phaindéim ann agus a léiríonn tacaíocht go rialta d’ionradh Vladimir Putin ar an Úcráin. An chuma atá ar chúrsaí faoi láthair ná go gcaillfidh an FvD deich gcinn den 12 suíochán atá acu sa Seanad.

Dealraíonn sé gur daoine a chaitheadh vóta do FvD Thierry Baudet cheana cuid mhór acu siúd a thacaigh le BBB Caroline van der Plas an iarraidh seo, agus gur ó pháirtithe traidisiúnta na bhfeirmeoirí, Críostaithe an CDA agus an CU, a mheall Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach an chuid eile de na vótaí a ghnóthaigh siad.

Ach an dtabharfaidh na vótóirí agóide sin vóta don BBB sa chéad toghchán eile? Le scór bliain anuas, ó tháinig Pim Fortuyn, Geert Wilders agus Thierry Baudet aníos, tá patrún le feiceáil i saol polaitiúil na hÍsiltíre: tagann polaiteoir tuathghríosach chun cinn ar an eite dheis, bunaíonn siad páirtí dá gcuid féin a mbíonn bua mór nó dhó acu … agus ansin bíonn sé ina chogadh na gcarad sa pháirtí sin agus titeann an tóin as.

Arb iad Caroline van der Plas agus a Gluaiseacht an dream is déanaí sa liosta sin – nó an mbeidh iníon Nuala Fitzpatrick ar an gcéad phríomhaire mná riamh san Ísiltír amach anseo?

Beidh le feiceáil.

Fág freagra ar 'Bua ollmhór do pholaiteoir leath-Éireannach i dtoghcháin san Ísiltír'

  • Eoghan Ó Néill

    An-suimiúil an léargas sin ar phobal tíre a thuigfeadh an gá le stopadh a chur ar leá an oighir.